John Hume – fear a thuilleann buíochas agus moladh uainn uilig

Ní thugtar aird i gceart go héag ar shaothar laochra polaitiúla. Cuirimis fáilte mar sin roimh scannán faoi John Hume

John Hume – fear a thuilleann buíochas agus moladh uainn uilig

John Hume. Pictiúr: James Horan/Photocall Ireland

Taispeánadh In the Name of Peace John Hume in America den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe Déardaoin. Ní raibh an fear a ndéantar cur síos ar ghné de mhór-shaothar a shaoil sa scannán ábalta a bheith i láthair, ach bhí a bhean chéile chróga Pat ann ar a shon.

Is léir tábhacht Hume i stair na tíre seo le leathchéad bliain ó liosta na bpolaiteoirí a ghlac páirt sa scannán: na hiaruachtaráin Bill Clinton agus Jimmy Carter, na hiarphríomh-airí Tony Blair agus John Major, agus an t-iarThaoiseach Bertie Ahern.

Bhí Claire Hanna, duine d’ionadaithe tofa an pháirtí a bhunaigh Hume i 1970 (féach an painéal thíos) i measc na gcainteoirí a bhí páirteach i seimineár a reáchtáladh tar éis don scannán a bheith taispeánta. Chuaigh sí thar fóir, beagáinín, nuair a dúirt sí:

“To my mind every worthwhile creative idea about the complex relationships on this island – reconciliation within the North, North/South, Ireland/Britain and the European dimension – came as a result of John Hume’s intellect, imagination and humanity.”

Mar sin féin, ainneoin na háibhéile, bhí sciar mór den fhírinne ina cur síos. Mar a bhí freisin sa ráiteas sa scannán ina dtugann Bill Clinton ‘Martin Luther King na hÉireann’ ar Hume.

Bhí sé d’ádh ar scríbhneoir an cholúin seo agallamh a chur ar Hume go minic agus léargas á thabhairt aige ar chomhthuiscint chuimsitheach nua, a mhol sé an chéad uair sna 1960í, a chothódh muinín agus comhoibriú idir Náisiúnaithe agus Aontachtaithe i dTuaisceart Éireann, i measc mhuintir uile an oileáin agus idir Éirinn agus an Bhreatain.

De réir a chéile, rinne sé forbairt ar choincheap an réitigh a mhol sé, á chur i gcomhthéacs Eorpach, go háirithe. Ba leor cuimhneamh, dar leis, ar an athmhuintearas idir an Ghearmáin agus an Fhrainc tar éis dhoirteadh fola an Dara Cogadh Domhanda mar ábhar dóchais go bhféadfaí teacht ar chomhthuiscint in Éirinn.

Is é John Hume thar aon duine eile a ghríosaigh Ted Kennedy, Tip O’Neill agus Gael-Mheiriceánaigh tofa eile (a) chun cur in aghaidh na ngrúpaí thall a thug tacaíocht d’fheachtas míleata an IRA agus (b) chun brú a chur ar uachtaráin éagsúla ó Jimmy Carter (1976-80) ar aghaidh spéis ghníomhach a chur i gcúrsaí an Tuaiscirt.

Tá Éireannaigh na linne seo, ag baint tairbhe i gcónaí as na struchtúir agus as an gcur chuige a chum John Hume thar aon duine eile, agus a chuir sé chun cinn ar feadh blianta fada.

Ba léir d’iriseoirí neamhchlaonta ar feadh i bhfad fiúntas agus uaisleacht a shaothair. Ach ní foláir a admháil gur éirigh cuid againn beagáinín bréan dá bhunteachtaireacht i ngach óráid dá chuid- nó an “single transferable speech” mar a thugamar air go minic (eadrainn féin).

Ní raibh sé gan locht mar cheannaire, fearacht gach ceannaire riamh. Cheil sé faisnéis ar a chomhghleacaithe go minic. Ní raibh sé róthoilteanach dul i gcomhairle leo, fiú nuair a bhí athruithe nó cruinnithe tábhachtacha beartaithe aige. Agus tá cuid mhór den mhilleán air, toisc go raibh sé i gceannas ar an SDLP ar feadh 22 bliain, nár thug an páirtí deis mar ba chóir don aos óg (mar a rinne Sinn Féin).

Mar sin féin, níl duine neamhchlaonta sa tír a déarfadh nár thuill John Hume ‘laoch’ mar chur síos. De ghnáth, ní scríobhtar colún mar seo go bhfaigheann laoch bás. Níl an scannán a rinne Maurice Fitzpatrick feicthe ag scríbhneoir an cholúin seo fós. Ach is leor an méid atá ráite aige faoi In the Name of Peace, agus ón ngiota atá ar YouTube, mar ábhar machnaimh faoi fhear a thuilleann buíochas agus moladh uainn uilig.


Ceannródaí na Síochána

1937 Rugadh John Hume i nDoire.

1965-70 Bhí sé páirteach i ngluaiseacht na gcearta sibhialta sa chathair.

1969 Toghadh é ina fheisire parlaiminte neamhspleách i Stormont.

1970 Chuir sé féin agus cúigear feisirí eile an SDLP ar bun.

1973 Síníodh Comhaontú Sunningdale faoinar bunaíodh roinnt na cumhachta i Stormont. Ghlac sé páirt sa bhfeidhmeannas nua mar aire tráchtála.

1974 Chuir stailc dílseoirí deireadh leis an gcóras nua.

1979 Toghadh é mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa.

1979-2001 I gceannas ar an SDLP.

1983 Toghadh é mar fheisire parlaiminte i Westminster.

1984-1991 Páirteach i gcomhráite rúnda le Gerry Adams.

1994 Sos comhraic fógartha ag an IRA, agus ag eagraíochtaí paraimíleata eile.

1997 Síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta, faoinar bunaíodh feidhmeannas eile ó thuaidh a bhí bunaithe ar phrionsabal roinnt na cumhachta. Níor ghlac Hume páirt ann.

1998 Bronnadh Duais Síochána Nobel ar Hume agus ar an gceannaire aontachtach David Trimble.

2004 D’fhógair Hume go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht. Tugadh le fios ó shin go bhfuil néaltrú seanaoise (senile dementia) ag dul dó.


Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'John Hume – fear a thuilleann buíochas agus moladh uainn uilig'

  • maitiu

    Laoch mor ar linne gan aon ago. Na gartha molta as cuimse tuillte aige. Chuaigh se sa bhearna bhaoil ach ionsaiodh go fealltach e san Indo is eile. Ar gabhadh aon leithsceal leis? Cad dearfadh se leis an ionsai iarbhais a rinneadh ar Martin McGuinness inniu san IT?

  • Donncha

    Chonaic mé an clár faisnéise ‘In the Name of Peace – John Hume in America’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ar an Déardaoin seo caite. Cur síos cothrom, shíl mé, ar laoch a bhí ar son na síochána ó thús na trioblóide. Fairíor nár éist rialtas na Breataine lena theachtaireacht agus teachtaireacht daoine eile a bhí ag éileamh bunchearta cothromaíochta do náisiúntóirí. In áit sin lig siad don nimhneas fás agus blathú sna Sealadaigh, a rinne cogaíocht a chur in áit athmhuintearas, a scrios aon sheans a bhí ann go mbeadh socrú síochánta ann. Thóg sé os cionn scór bliain ar Martin Mc Guinness agus ar Gerry Adams a thuiscint gur le cainteanna, seachas buamaí a bhainfí amach socrú de chineál éicint, an ‘Peace Process’ a bhí John Hume ag caint air ón tús ach ar thóg sé os cionn 20 bliain de chogaíocht ghránna ar cheannasaíocht Shinn Féin glacadh leis.