Bhailigh os cionn 300 isteach i halla i nDoire ar an Domhnach chun breathnú ar an scannán nua faoi John Hume. Cuireadh daoine ó dhoras mar bhí an halla mór san Guildhall pacáilte. Roimh an scannán d’fháiltigh Méara Dhoire agus an tSratha Bháin, Maolíosa McHugh, agus a bhean roimh stiúrthóir an scannáin, Maurice Fitzpatrick, muintir Hume agus aíonna eile.
Féile Scannán an Fheabhail a d’eagraigh an ócáid. Luigh sé le réasún go mbeadh In the Name of Peace, John Hume in America ar chlár na féile i gcathair dhúchais an iarpholaiteora ach ba dheis a bhí ann chomh maith chun aitheantas a thabhairt do Hume. Ba léir nuair a sheas an slua ag bualadh bos ar feadh cúig nóiméad gur in ómós do Hume a bhíodar á dhéanamh.
Seans maith go bhfaca cuid de léitheoirí Tuairisc.ie an scannán nuair a taispeánadh é i nGaillimh sa samhradh nó i bpictiúrlanna le seachtain nó mar sin. Ba é ceann an Domhnaigh an chéad léiriú i nDoire.
Fiú nuair atá eolas maith agat ar shaol agus ar shaothar Hume baineann an scannán geit asat i ngeall ar fhairsinge, dúthracht agus éirim a shaothair. Tá a fhios ag gach éinne faoi ról Bill Clinton i bpróiseas na síochána sna nóchaidí ach níorbh é sin an tús. Chuir an lucht féachana agus an painéal a rinne plé faoin scannán ina dhiaidh (an scríbhneoir seo ina measc) suntas ann gur imir Hume tionchar ar Uachtarán Mheiriceá chomh luath le 1977.
Sna blianta tar éis titim an Fheidhmeannais iarSunningdale i 1974 rinne Hume dúshaothar i Washington. Ó theip ar rialtas na Breataine an socrú polaitíochta a chosaint ón ‘stailc’ aontachtach/dhílseach agus ó bhí rialtas na hÉireann éagumasach, chinn Hume gur ghá tacaíocht chumhachtach eile a aimsiú, an ciorcal a leathnú. Chuige sin dhírigh sé ar an rialtas ba chumhachtaí ar domhan, An Teach Bán. Le cabhair ó chomhghleacaithe Gael-Mheiriceánacha agus taidhleoirí na hÉireann d’áitigh sé ar an Uachtarán Jimmy Carter a ladar a chur sa scéal.
Bhí an ráiteas a d’eisigh Carter séimh. Bhí cosaint chearta an duine ina hairteagal creidimh ag Carter mar uachtarán; bunaithe air sin agus ar a dhiúltú don fhoréigean, dúirt an tUachtarán nár mhór réiteach síochánta i dTuaisceart Éireann agus gheall sé infheistíocht dá mbeadh deireadh leis an lámh láidir. Ar an chéad fhéachaint, ní raibh sé sin réabhlóideach. Ach chuir sé olc ar an mBreatain. Chuir sé olc freisin ar chairde na Breataine sa Roinn Stáit in Washington. Go bunúsach bhris sé an ceangal a bhí ag an mBreatain ar Washington, tríd an Roinn Stáit.
Thóg Hume agus a chairde, an Ceathrar Marcach, Tip O’Neill, Ted Kennedy, Daniel Moynihan agus Hugh Carey ar an dul chun cinn sin. Faoi 1985 nuair a síníodh Comhaontú Hillsborough bhí tacaíocht airgid ó Mheiriceá ina cuid lárnach den mhargadh idir Margaret Thatcher agus Garret Fitzgerald. Mar a deirtear sa scannán d’admhaigh Thatcher níos deireanaí gurb iad na Meiriceánaigh agus a cara, an tUachtarán Ronald Reagan a chuir iachall uirthi an conradh sin a dhéanamh. A bhuíochas sin de Hume agus de thaidhleoirí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha a dúirt sa scannán go raibh polasaithe na hÉireann bunaithe ar mholtaí Hume. Admhaíonn Gerry Adams nach mbeadh síocháin bainte amach d’uireasa Hume.
Is iontach go deo an cliar agallaithe a ghlac páirt i scannán Maurice Fitzpatrick. Aitheantas do ról stairiúil Hume é sin. Ba dheacair polaiteoir eile a shamhlú a mbeadh oiread maithe agus móruaisle, sa pholaitíocht, sa státchóras agus sna meáin toilteanach labhairt faoi – agus é sin a dhéanamh go fabhrach. Ta leabhar foilsithe ag an stiúrthóir freisin ‘John Hume in America- from Derry to DC’.
Thagair nach mór gach duine a labhair i nDoire Dé Domhnaigh do na hathruithe a rinne Hume ar chroí agus aigne an phobail (náisiúnaigh) thuaidh agus theas. Rinneadh gáire faoi chomh minic is a bhíodh an teagasc á athrá aige (scil an mhúinteora) ach ní shéanfadh éinne a thionchar. Tá an chaint faoi aontú na dtailte caite i dtraipisí agus glactha leis ag gach dream, cé is moite de dhornán beag easaontóirí poblachtacha, gur go deonach a tharlódh aontas agus nach le fórsa.
Ar an drochuair ní raibh John Hume féin i láthair de bharr drochshláinte, íomhá bhrónach ag deireadh an scannáin, é ag siúl cois trá agus a chuid fuinnimh ídithe. Tá an páirtí a raibh sé ina cheannaire air in ísle brí freisin – toisc gur thug Hume tosaíocht don tsíocháin seachas do leas a pháirtí féin, dar le go leor. Cé go bhfuil Stormont agus an ghné sin den saol iarChomhaontú Aoine an Chéasta ina bpraiseach, tá lorg dearfach Hume le brath. Ní hamháin go bhfuil an tsíocháin i réim, fiú má tá sí lochtach, ach tá claochlú iomlán ar an náisiúnachas. Tá glactha ag an eite fhuilteach, na Sealadaigh, le soiscéal Hume. Amanna shílfeá gurbh iadsan a scríobh.
Thairis sin tá an pobal náisiúnach buacach ar bhealaí nach bhféadfaí a shamhlú nuair a d’fhoilsigh Hume a anailís i dtosach i 1964 in dhá alt san Irish Times. Bhí náisiúnaithe an tuaiscirt an t-am sin ag diúltú páirt a ghlacadh sa chóras lofa a bhí in Stormont agus neamhaird orthu ag gach éinne. Cuimhnigh nár insíodh don pháirtí náisiúnach go raibh Seán Lemass ag teacht go Stormont chun bualadh le O’Neill i 1965. Bhí siad gan cara, gan taca, in ísle brí. Ní minic a chloistear anois é ach tá pobal an oileáin seo uilig faoi chomaoin ag John Hume. Is maith ann scannán agus leabhar chun é sin a mheabhrú dúinn.
Fág freagra ar 'Ní minic a chloistear anois é ach tá pobal an oileáin seo uilig faoi chomaoin ag John Hume'