JOHN ALLEN: Tiocfaidh Port Láirge chucu féin arís

Dar lenár gcolúnaí go ndéanfaidh Port Láirge an beart i gcoinne Loch Garman agus nach mbeidh mórán idir An Ghaillimh agus an Clár

Pictiúr:INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr:INPHO/Ryan Byrne

Tá sé deacair fós a oibriú amach cad a tharla do Phort Láirge coicís ó shin. Thit an tóin astu. Thit an tóin as an gcóras cosantach acu agus ba shoiléir luath sa dara leath go raibh deireadh leis an gcluiche mar choimhlint cheart.

B’údar mór díomá an méid sin d’imreoirí, do lucht bainistíochta agus do leantóirí dílse na Déise mar déarfainn gur chreideadar go rabhadar ullamh chun an chraobh luachmhar seo a thabhairt leo. Cheapas féin go raibh seans réasúnta maith acu. Dar ndóigh bhí tuairim mhaith ag na geallghlacadóirí cé a bhuafadh an cluiche agus mar a tharlaíonn go minic bhí an ceart acu.

Maidir le Tiobraid Árann bhí an taispeántas a thug siad uathu thar barr. Gach cluiche dá n-imríonn siad is i bhfeabhas a théann siad. Ní haon iontas go bhfuil lucht na hiománaíochta ag tabhairt an-seans anois do Thiobradaigh deireadh a chur le forlámhas na gCat agus Corn Mhic Cárthaigh a sciobadh uathu. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá blúire den fhírinne sa chaint sin. 

Ní fada a mhair an díomá i bPort Láirge mar thug an fhoireann faoi 21 an-taispeántas uathu sa dara leath i gcoinne an Chláir i gcluiche leathcheannais na Mumhan, taispeántas a chuir speach arís i lucht leanta na nDéise a bhí in ísle brí. Ba dhíol suntais é Austin Gleeson sa chluiche, bhí sé ina fhear i measc na mbuachaillí. Bhí muintir Bennett agus Patrick Curran an-mhaith freisin.

Mar sin ceapaim, in ainneoin na n-ainneoin,  go mbeidh misneach ag Port Láirge agus iad ag tabhairt aghaidh ar Loch Garman amárach. 

Tá údar muiníne ag Loch Garman chomh maith gan amhras i bhfianaise a mbua gan choinne i gcoinne Chorcaí. An oíche áirithe sin bhíodar níos fearr ná na Corcaígh ó thús deireadh agus bhí an bua tuillte acu. Bhí sé soiléir sa taispeántas sin go bhfuil sprid iontu agus cuirfidh an bua sin lena bhféinmhuinín. Beidh sé deacair iad a bhualadh ach ceapaim go ndéanfaidh Port Láirge an beart agus go bhfuil an-teacht aniar iontu.

Tá sé i bhfad níos deacra léamh a dhéanamh ar an dara cluiche i nDurlas amárach. Bí cinnte nach raibh ceachtar den dá fhoireann sásta lena dtaispeántais sna cluichí deireanacha a d’imríodar.

Tá foireann an Chláir fós ag snagaireacht. Ó chuireadar Chill Chainnigh go tóin poill ag tosach mhí Aibreáin níor imríodar go maith ar feadh seachtó nóiméad in aon chluiche. Tá a fhios againn go bhfuil na himreoirí ann agus an mianach iontu ach…

Maidir leis an nGaillimh, is deacair a rá cá seasann siad. Ní raibh ach cúl idir iad agus Cill Chainnigh agus deich nóiméad fágtha ach d’imigh an ghaoth as a seolta ar chuma éigin sa tréimhse sin. B’amhlaidh an scéal acu i gcoinne an fhreasúra chéanna cúpla uair le cúpla bliain. Ach, é sin ráite, is beag foireann a bhí ábalta do dhíocas na gCat le deich mbliana anuas, go háirithe sa cheathrú dheireanach den imirt. Mar sin caithfear an cheist a chur? An é go bhfuil Cill Chainnigh i bhfad Éireann níos fearr (agus go minic bíonn gan dabht) ná gach aon fhoireann eile sa tír nó an é nach bhfuil na foirne eile aclaí go leor do luas agus do láidreacht na gCat? Bhuel, bunaithe ar fhianaise na ndeich mbliana seo caite, b’fhéidir gur  meascán den dá rud atá i gceist.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tiocfaidh Port Láirge chucu féin arís'