JOHN ALLEN: Tharlódh go bhfuil Tiobraid Árann ábhairín beag níos láidre ná Gaillimh

CLUICHÍ LEATHCHEANNAIS NA hÉIREANN: An briseadh cúig seachtaine a bhí acu an chúis imní is mó ag na Tiobradaigh agus cúis dhóchais ag Port Láirge arís…

JOHN ALLEN: Tharlódh go bhfuil Tiobraid Árann ábhairín beag níos láidre ná Gaillimh

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cad é mar thaispeántas a thug peileadóirí Thiobraid Árann coicís ó shin agus cad é mar bhob a bhuail siad ar Ghaillimh. Amárach beidh an dá fhoireann chéanna ag féachaint a chéile san iomáint agus na Tiobraid Árannaigh ag iarraidh tarraingt ar dhea-shampla na bpeileadóirí.

Seo cluiche go bhfuil sé thar a bheith deacair tuar a dhéanamh ina thaobh. Ní fhéadfá a rá go raibh feachtas sraithe sásúil ag ceachtar den dá chontae. Ach tá siad tagtha chomh fada seo agus iad ag imirt maith go leor  roimh choimhlint an lae amárach.

Caithfidh go bhfuil ardmhuinín ag na Tiobradaigh i ndiaidh dóibh greadadh a thabhairt do Phort Láirge agus iad d’uireasa John Bubbles O’Dwyer. Ag tús na bliana cheapas gurb iad Tiobraid Árann an t-aon chontae a thabharfadh dúshlán Chill Chainnigh i mbliana, ach de réir mar a bhí na cluichí sraithe ag dul ar aghaidh, bhuail amhras mé.

Ach ó thosaigh an chraobh is i bhfeabhas atá siad ag dul le gach cluiche a d’imir siad.  Lena chois sin níl siad ag brath chomh mór san i mbliana ar Sheamus Callinan. Cé a dhéanfaidh dearmad ar éacht scórála Callinan sa cluiche leathcheannais idir na foirne seo anuraidh?

Agus cé a dhéanfaidh dearmad ach an oiread ar an spás go léir a thug imreoirí agus lucht bainistíochta na Gaillimhe dó? Beidh deisceabail dhílse  na Gaillimhe ag súil nach dtarlóidh a leithéid amárach.

Maidir leis an nGaillimh ceapaim gur fhoghlaim siad mórán as an gcluiche i gcoinne an Chláir. Bhíodar i bhfad níos fearr ar fud na páirce an lá áirithe sin. Chríochnaíodar go láidir freisin, rud nach ndearnadar i gcoinne Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais Laighean. Foghlaimítear rudaí i ngach cluiche craoibhe.

Caithfidh go bhfuil tuiscint níos fearr anois ag Micheál O’Donoghue ar leagan amach na foirne aige.

Ag féachaint dom ar liosta na bhfoirne, déarfainn go bhfuil aonad tosaithe níos láidre agus níos dainséaraí ag na Tiobradaigh. Tá John McGrath ag socrú isteach in aice lena dheartháir Noel, atá ag teacht chuige féin arís i ndiaidh a thréimhse ar an taobhlíne de bharr breoiteachta. Is imreoir tábhachtach lárnach é Patrick Bonner Maher agus is annamh a ligeann sé síos a fhoireann. Cuir san áireamh chomh maith Bubbles Dwyer, Seamus Callinan, Jason Forde agus Niall O’Meara agus is léir go bhfuil cuma na maitheasa ar an aonad sin.

An míbhuntáiste is mó a d’fhéadfadh cur isteach ar an Tiobradaigh ná an briseadh cúig seachtaine a bhí acu ó chluiche ceannais na Mumhan. Is minic cloiste againn nach bhfuil Craobh na hÉireann buaite ag curaidh na Mumhan ó bhuaigh Corcaigh í in 2005. Ach an bhliain sin ní raibh briseadh cúig seachtaine i gceist mar bhí cluiche ceathrú ceannais le himirt ag curaidh na Mumhan.

Ceapaim féin go bhfuil sé deacair go leor an tréimhse fhada sin a láimhseáil i gceart. Tá taithí agam ar an dá chóras agus ceapaim go bhfuil na cúig seachtaine sin rófhada.

Tá a fhios agam nach mbíonn fadhb ag Cill Chainnigh leis ach is léir ó na staitisticí go mbíonn fadhb ag curaidh na Mumhan leis.

Bhí ardchoimhlint idir na foirne seo anuraidh. B’in é cluiche na bliana agus tá cluiche den chaighdeán céanna ag teastáil amárach.

Cé a bhuafaidh é? Arís ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu ach b’fhéidir go bhfuil Tiobraid Árann níos láidre.

Agus céard faoi na Déise um thráthnóna? Bhíodar thar barr an Domhnach seo caite nuair a fuaireadar réidh lena gcóras cosantach den chuid is mó den chluiche. Má bhíonn siad chomh maith sin arís is féidir leo an beart a dhéanamh sa deireadh.

Bhí lá eile ag teastáil ón bPaorach.

Gach seans nach mbeidh ceann eile uaidh.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tharlódh go bhfuil Tiobraid Árann ábhairín beag níos láidre ná Gaillimh'