JOHN ALLEN: Tá Mick Malone amuigh leis féin i gcónaí…

Tá gaiscí móra déanta i gcaitheamh na mblianta ag imreoirí faoi 21

Mick Malone

Sa ghrád faoi 21 táid ag treabhadh leo, Baile Átha Cliath buacach i gcúige Laighean, Na Déise agus Tiobraid Árann i gcraobh na Mumhan agus Gaillimh agus Aontroim fós san iomaíocht.

Cuireadh tús leis an gcomórtas iomána faoi 21 níos mó ná leathchéad bliain ó shin, i 1964 . Dhá bhliain ina dhiaidh sin, i gCúige Mumhan, bronnadh Corn na Cásca (in ómós laochra Éirí Amach 1916) den chéad uair agus ba é captaen buacach Thiobraid Árann, Francis Loughnane, a d’ardaigh é. Go deimhin, tá na Tiobradaigh ar bharr liosta na seaimpíní i gCúige Mumhan agus scór craobh tugtha leo acu.

In 2014 bhuaigh contae an Chláir trí chraobh as a chéile . Nárbh iontach an gaisce é do chontae nár bhuaigh a gcéad chraobh go dtí 2009. Léiríonn an gaisce sin láidreacht an chontae san iomáint faoi láthair agus iad mar sheaimpíní sinsir na tíre in 2013. I measc na n-imreoirí a bhuaigh na trí bhonn faoi 21 sin  tá Séadna Morey, Colm Galvin, Tony Kelly, Peter Duggan, Cathal O’Connell agus Aaron Cunningham.

Is iontach na himreoirí iad agus tá sé dochreidte gur thuill Kelly, in imeacht aon séasúir amháin, gradam All Star, gradam imreoir sinsir na bliana agus gradam imreoir óg na bliana. Agus sin gan trácht ar an mbonn sinsir Uile-Éireann agus an bonn faoi fiche a haon a bhuaigh sé an séasúr céanna. 

Tá éachtaí déanta ag cúpla contae eile freisin. Bhuaigh Tiobraid Árann ceithre chraobh na Mumhan i ndiaidh a chéile ag deireadh na seachtóidí agus tosach na n-ochtóidí agus rinne Corcaigh an beart céanna deich mbliana níos luaithe ná sin.  

Dar ndóigh, d’éirigh leis na Tiobradaigh trí chraobh Uile Éireann a chur leis na trí chraobh na Mumhan a bhuadar idir 1979 agus 1981 mar a rinne Luimneach ag tosach na mílaoise. Faraor d’imreoirí agus lucht leanta dílis Luimnigh níor lean aon rath sa ghrád sinsir na gaiscí faoi aois. D’imir Corcaigh i ngach cluiche ceannais na Mumhan idir 1975 agus 1982 agus bhuadar leath díobh.

Ach tá imreoir amháin a sheasann amach thar gach duine eile agus ceithre bhonn faoi 21 na Mumhan agus na hÉireann ina sheilbh aige, cé nár imir sé sna cluichí go léir le linn na gceithre shéasúr sin. Nuair a bhí mise ag fás suas bhí an t-imreoir seo ina laoch ceart againn in ár gcúinne den chontae . Bhí sé ag imirt ag leibhéal sóisir lena fhoireann baile Éire Óg agus corrchluiche sinsir le foireann cheantar Mhúscraí ach tríd is tríd bhí sé faoi mhíbhuntáiste go raibh sé ag imirt d’fhoireann sóisir agus é maith go leor d’aon fhoireann sinsir sa chontae. San am sin bhí sé deacair áit a fháil ar na foirne contae agus tú ag imirt d’fhoireann sóisir tuaithe.

Ach bliain i ndiaidh bliana, ó 1967 i leith, d’éirigh leis an bhfear seo áit a fháil ar na foirne contae.

B’in éacht. Sea, sheas Mick Malone amach mar laoch ar an bpáirc imeartha go luath ina shaol spóirt. Bhí croí an leoin aige. Go minic a chuir sé a cheann san áit nach gcuirfeadh duine eile a chamán.

Bhíos cúig bliana níos óige ná Mick agus, le linn na seascaidí bhraitheas ina namhaid dom é gur imir sé le Éire Óg agus go raibh mise ag imirt le hAchadh Bolg. Ar pháirc na hiomána bhíodh easaontas eadrainn go minic, go háirithe sna seachtóidí nuair a bhí an dá chlub ag déanamh a seacht ndícheall craobh Mhúscraí na sóisear agus craobh an chontae a bhuachan.

Bhí sé mar chuid lárnach d’fhoireann shinsir Chorcaí a bhuaigh trí chraobh Uile-Éireann i lár na seachtóidí.

Go deimhin bhí an-chluiche aige i gcluiche ceannais na Mumhan i 1976 agus é ag caitheamh geansaí uimhir a deich i bPáirc Uí Chaoimh in aghaidh Luimnigh.

An lá céanna, scóráil Eamonn Cregan ceithre chúl do Luimneach agus fuair Malone cúig chúilín ón imirt. Ag deireadh na bliana iontaí sin do Chorcaigh bronnadh an chéad cheann de dhá ghradam All Star ar Malone.

An mbuafaidh aon imreoir ceithre bhonn Uile-Éireann faoi 21 i ndiaidh a chéile arís? Tá Mick Malone amuigh leis féin i gcónaí.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Tá Mick Malone amuigh leis féin i gcónaí…'