JOHN ALLEN: Port Láirge agus Tiobraid Árann sa tóir ar bhua ‘síceolaíoch’

Imreofar babhta eile de Shraith Allianz an deireadh seachtaine seo, agus beidh lá mór i bPáirc an Chrócaigh ag foirne shóisir agus idirmheánacha

JOHN ALLEN: Port Láirge agus Tiobraid Árann sa tóir ar bhua ‘síceolaíoch’

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá an tSraith Allianz chugainn arís an deireadh seachtaine seo agus babhta eile cluichí romhainn. Is dócha gurb é an cluiche is tábhachtaí ná an ceann idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh go háirithe toisc gur chaill fir Ger Cunningham Dé Sathairn seo caite agus iad fós d’uireasa imreoirí Chuala. Má theipeann orthu arís anocht is cinnte go mbeidh siad faoi bhrú fanacht i roinn 1A don chéad séasúir eile, go háirithe agus Port Láirge agus Cill Chainnigh fós le himirt acu.

Bheinn ag súil le hardchoimhlint i bPáirc an Bhreatnaigh i bPort Láirge nuair a thiocfaidh Tiobraid Árann ar cuairt amárach. Bhí an dá fhoireann thar barr an deireadh seachtaine seo caite agus cinnte beidh siad ar a ndícheall arís anseo, ní hamháin chun na pointí sraithe a fháil ach mar gur bua síceolaíoch a bheidh ann don dream a thugann an lá leo.

Bhí an Cláir leamh go leor ina gcéad chluiche agus beidh feabhas mór ag teastáil nuair a thagann na Cait ar cuairt.

De ghnáth is iad na foirne idirchontae is mó a bhíonn i mbéal an phobail a bhíonn faoi chaibidil againn sa cholún seo, ach inniu i gceanncheathrú CLG tabharfaidh dhá club sóisear agus dhá chlub idirmheánach aghaidh ar a chéile ar an bhfód beannaithe.

Is mór an phribhléid don imreoir club, nach bhfuil maith go leor don fhoireann contae, deis a fháil imirt i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche craoibhe agus, má éiríonn leis, céimeanna sheastán Uí Ógáin a dhreapadh mar sheaimpín uile-Éireann.

Beidh an deis sin inniu ag scata imreoirí club a bheidh ag suí sna  seomraí feistis céanna inar shuigh mórlaochra na hiománaíochta ar fad rompu.

Is dóigh nach mbeidh duine ná deoraí fágtha sna paróistí éagsúla agus iad go léir bailithe go Baile Átha Cliath.

I gcraobh na sóisear beidh Baile na mBocht, foireann ó thuaisceart chathair Chorcaí, in aghaidh sheaimpíní Chill Chainnigh, Móin Choinn.

Ar feadh na mblianta ba iad Fánaithe an Ghleanna a bhí ina ríthe ar chúrsaí iomána i dtuaisceart na cathrach. Ina dhiaidh sin thosaigh club Sheáin Óig Uí Ailpín, Na Piarsaigh, ag bláthú ach anois is iad Baile na mBocht atá faoi bhláth. Tá mórán cainte anseo i gCorcaigh le tamall faoi mheath na hiomána sa chathair agus cinnte tá cuid den fhírinne ag baint leis an teoiric sin, ach fós féin tá go leor clubanna ag déanamh a seacht ndícheall cluiche Chúchulainn a choimeád beo agus láidir. I measc na gclubanna tá Baile na mBocht bródúil.

Ach tá ionadaithe na sean-namhad, Cill Chainnigh, rompu inniu. Is cosúil go rabhadar san ar fheabhas sa chluiche leathcheannais trí seachtaine ó shin agus 5-11 ar chlár na scór acu i gcoinne Lámh Dhearg Aontroma. Tuigimid go léir go bhfuil caighdeán an-ard i gCill Chainnigh, is cuma cén grád atá i gceist, agus ní bheidh sé éasca buachan ar Mhóin Choinn.

Sa chluiche idirmheánach gheobhaidh Ádh Eascrach/Fothannach  na Gaillimhe iad féin blaiseadh de chaighdeán na hiomána i gCill Chainnigh nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Charraig Seac. Dar ndóigh, d’imir foireann Charraig Seac i gcluiche ceannais na sinsear i gCill Chainnigh in 2013, cluiche a chailleadar i gcoinne Chláraigh. Tá roinnt imreoirí idirchontae agus iar-imreoirí idirchontae acu, rud a fhágann go mbeidh sé deacair ar fhoireann na Gaillimhe an ceann is fearr a fháil orthu. Beidh Áth Eascrach/Fothannach  lán dóchais agus lá dá saol acu i bPáirc an Chrócaigh ach, ar deireadh thiar, beidh sé deacair na Cait a cheansú sa dá chluiche speisialta seo.