JOHN ALLEN: Ní scaoilfidh na Cait a gcrúba den chorn go fóill

Tá dul chun cinn iontach déanta ag Loch Garman ó chuaigh Davy Fitzgerald i bhfeighil orthu ach is láidre an fhianaise i gcás Chill Chainnigh

JOHN ALLEN: Ní scaoilfidh na Cait a gcrúba den chorn go fóill

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Fadó fadó nuair a deineadh an tarraingt do chraobhchomórtas sinsear iomána 2017 Chúige Laighean ba mhór an faoiseamh a bhí ann don lucht riaracháin nach mbeadh ar chumas na Gaillimhe agus Chill Chainnigh casadh ar a chéile go dtí an cluiche ceannais.

Tharla cuid mhaith ó shin agus cé go bhfuil seans réasúnta gurb iad a bheidh ag imirt sa chluiche sin, níl an méid sin chomh cinnte agus a bheadh sé sna blianta beaga roimhe seo.

Tá Loch Garman i lár an aonaigh arís agus borradh agus fás sa chontae agus suim á cur i bhfoireann na sinsear athuair, an sórt suime a léiríodh seachtain ó shin agus scuainí fada de lucht leanúna ag iarraidh ticéid a cheannach do chluiche an lae inniu idir iad féin agus a gcomharsana, Cill Chainnigh.

Ó bunaíodh an comórtas i 1888, dar ndóigh, is iad na Cait atá go mór chun tosaigh ó thaobh líon na gcraobh atá buaite acu. Ó thosach na mílaoise tá Corn Uí Chaoimh tugtha leo abhaile acu ceithre huaire déag.

Sciob Loch Garman uathu é bliain amháin le linn na tréimhse sin a bhuíochas le cúl déanach Michael Jacob in 2004. Taobh amuigh de sin is mó greadadh atá faighte ag na Carmanaigh sa tréimhse úd.

Ach tháinig slánaitheoir chucu i bhfómhar na bliana seo caite agus chuaigh sé i bhfeidhm orthu láithreach bonn.

Thug sé gealltanas do na himreoirí, idir iad siúd a bhí ar an bpainéal cheana féin agus iad siúd nach raibh, go bhfaighidís cothrom na Féinne maidir le seans ceart a fháil a léiriú go rabhadar maith go leor d’fhoireann Davy FitzGerald.

D’imríodar dosaen cluiche. Rinneadar seisiúin traenála sé lá fichead i mí Eanáir

Ansin chuireadar tús lena bhfeachtas sraithe le bua i gcoinne Luimnigh den chéad uair le 12 bliain agus, ina dhiaidh sin, bua as baile i gcoinne na Gaillimhe den chéad uair ó thosach na n-ochtóidí.

Faoin Domhnach sin i lár mhí Feabhra bhí ardú céime nach mór deimhnithe acu, bhí a gcáil amuigh arís agus bhí misneach agus bród le brath sa chontae athuair a bhuíochas lena mbainisteoir nua.

Rinne siad gaisce eile ansin nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe.

An rud is annamh is iontach.

Tráthnóna tá na Carmanaigh sa bhaile agus lucht leanúna na hiomána ar cipíní.

Beidh an-atmaisféar ar fad sa staid, ach an cheist ollmhór ná an féidir le Loch Garman an t-arrachtach a chloí don dara huair i mbliana? Bhuel tá an t-arrachtach céanna mar rogha láidir ag na geallghlacadóirí.

Tá Michael Fennelly, imreoir fíorthábhachtach, ar ais agus fear é siúd a thugann spreagadh don chuid eile den fhoireann. Anuas air sin, d’imir Ger Aylward cluiche club coicís ó shin agus scóráil sé trí chúl sa chluiche sin.

Ach tá ceisteanna faoi na cosantóirí agus, go háirithe, faoi cé a bheidh ag feidhmiú ag uimhir a trí agus uimhir a sé.

Beidh Shaun Murphy mar chosantóir le cois ag Loch Garman agus bí cinnte de go mbeidh  tionchar mór ag Lee Chin agus Conor McDonald ar an gcluiche.

Beidh faobhar ar imirt na gCarmanach fud fad na páirce.

Ach an t-am seo tá Cill Chainnigh níos aclaí ná mar a bhíodar dhá mhí ó shin. Agus iad faoi stiúir Cody troidfidh siad go bás i gcónaí agus tá an stair agus an traidisiún acu ina gcabhair leo.

I bhfianaise na ngaiscí atá déanta ag Brian Cody agus a fhoirne thar na blianta tá sé ag teacht deacair orm a rá nach mbeidh an bua acu. Táim ag súil le dianchoimhlint ach tá i bhfad níos mó fianaise i mo cheann a thacódh le cás Chill Chainnigh .

Faraor, ní dóigh liom go mbeidh ábhar sásaimh ag na Carmanaigh ag deireadh an scéil seo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ní scaoilfidh na Cait a gcrúba den chorn go fóill'