JOHN ALLEN: Laochra Shleacht Néill – go raibh an fórsa leo!

D’imir ár gcolúnaí i gcluichí ceannais chraobhacha club na hÉireann sa pheil agus san iomáint i 1983 agus is maith a thuigeann sé na dúshláin atá roimh Shleacht Néill

JOHN ALLEN: Laochra Shleacht Néill – go raibh an fórsa leo!

Foireann peile Shleacht Néill. INPHO/Presseye/

Cad é mar chúpla seachtain atá ag síneadh amach roimh Shleacht Néill as Contae Dhoire. Tá a gcuid féin den stair déanta cheana féin acu agus iad ag súil gaisce níos iontaí fós a dhéanamh. Tá craobh an chontae buaite faoi trí ag na peileadóirí agus, dar ndóigh, chailleadar i gcoinne Chora Finne i gcluiche ceannais na hÉireann 2015. Agus ní thar oíche a bhláthaigh iománaithe an chlub ach an oiread. Chaill siad cluiche ceannais an chúige in 2013 agus anuraidh, ach rinneadar an beart i mbliana le bua iontach i gcoinne Loch gCaol. Tá an chraobh camógaíochta an chontae buaite faoi dhó acu freisin.

Mar sin, tá an-taithí acu go léir agus iad ar an gcéad chuid eile de thuras stairiúil na bliana seo.

Is cumann an-bheag é Sleacht Néill atá suite ag bun Shliabh Speirín i ndeisceart chontae Dhoire agus gan ina gcónaí sa pharóiste ach tuairim is trí chéad teaghlach.

Tá mórán scríofa le tamall fúthu agus faoin spiorad iontach atá sa pharóiste agus i gcumann Roibeard Éiméid Sleacht Néill.  

Luaitear Thomas Cassidy go minic ar dhuine de na daoine ba mhó a chuir an iomáint chun tosaigh sa chlub ó bunaíodh é i 1953. Cailleadh Thomas an tseachtain sular bhuadar Craobh Uladh den chéad uair i mí na Samhna. Bí cinnte go raibh sé ina spreagadh acu. Is é Séan McGuigan atá ina chathaoirleach ar an gclub agus iad i mbun a n-aistir stairiúil.

In ainneoin na ngaiscí ar fad atá déanta i mbliana, ní bheidh sé éasca acu as seo amach. Tá tuairim is 17 duine ag imirt leis an peileadóirí agus na hiománaithe  araon agus tuairim is leath díobh sin ar na foirne a chuirtear chun páirce ag tús na himeartha. 

Níor bhuaigh aon chlub fós an dá chraobh in aon bhliain amháin. Nuair a bhíos féin ag imirt le Cumann Barra Naofa i gCorcaigh,  d’éirigh linn dul chomh fada leis an dá chluiche ceannais i 1981. An uair sin, ní bhíodh an dá chluiche ceannais á n-imirt ar an lá céanna agus ní bhíodh aon chluiche ann Lá Fhéile Pádraig.

Bhí sé deacair go leor an dá thrá a fhreastal. Chailleamar an cluiche ceannais iomána i gcoinne Sheamróga Baile hÉil as Cill Chainnigh, a thug leo an chraobh náisiúnta den chéad uair an lá sin. An Domhnach ina dhiaidh sin, d’éirigh linn an cluiche leathcheannais peile a bhuachan agus seachtain ina dhiaidh sin arís, bhuamar cluiche ceannais na hÉireann sa pheil don dara bliain i ndiaidh a chéile nuair a fuaireamar an ceann is fearr ar Bhaile an Bhaitearaigh na Mí.

N’fheadar cad a tharlóidh má éiríonn le Sleacht Néill an dá chluiche leathcheannais a bhuachan. Cathain a imreofar na cluichí ceannais? Sin ceist do lá éigin eile, is dócha. Féar plé do na húdaráis a d’athraigh an dáta dóibh don chluiche leathcheannais iomána, rud a thugann sos coicíse dóibh go dtí cluiche leathcheannais na peile.

Is iontach an gaisce atá déanta ag an gclub beag seo. Déarfainn go bhfuil na soilse ar lasadh gach oíche ar an bpáirc agus iad ag obair ó dhubh go dubh ar na pleananna agus na teaicticí do na cluichí móra.

Dar ndóigh, níl sé dodhéanta dhá chraobh na bhfear a bhuachan an bhliain chéanna, ach beidh sé an-deacair go deo. 

Is mór an chabhair dóibh ina gcuid iarrachtaí an rud teibí seo a dtugtar ‘móiminteam’ air. Ar na peileadóirí is túisce a chuirfear tástáil ar an 11 Feabhra.

Agus an freasúra? Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath.

Ní haon dóithín é sin.

Coicís ina dhiaidh sin is iad Cuala Bhaile Átha Cliath a bheidh rompu san iománaíocht, dúshlán ollmhór eile.

Ach tá Lá Fhéile Bríde ag teannadh linn agus níl ach club amháin sa tír a d’fhéadfadh an dá chraobh shinsir a bhuachan – laochra Shleacht Néill as Doire.

Go raibh an fórsa leo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Laochra Shleacht Néill – go raibh an fórsa leo!'

  • Pádraig

    Bhuaigh Sleacht Néill craobh camógaíochta Uladh sna sinsir anuraidh chomh maith leis na craobhacha peile agus iománaíochta, an chéad chlub riamh a bhuaigh trí chraobh cúige san aon bhliain amháin. Agus tá an fhoireann chamógaíochta tríd chuig cluiche ceannais na hÉireann anois tar éis a mbua inné ar churaí na Mumhan. Tá triúr iníonacha le Tomás Ó Caiside ar an fhoireann, leis, agus duine acu, Aoife, ina captaen. An rud a bhíonn sa chú bíonn sé sna coileáin!