Trí chluiche atá fágtha sula gcuirfear tús le craobhacha na gCúigí. Agus cé a cheap ag tosach na bliana go mbeadh Loch Garman ar na foirne sin a bheadh fós sa tóir ar an tsraith. Ach sin mar atá, agus tá cuma na maitheasa orthu agus iad ag dul chun páirce inniu i gcoinne sheaimpíní na tíre.
Tá sé ráite agam cheana go bhfuil éacht déanta ag Davy FitzGerald agus is cuma cad a tharlaíonn don chuid eile den bhliain mar beidh a fhoireann i measc na mboc mór i roinn 1A na sraithe an chéad séasúr eile. Agus, dar ndóigh, bhuaigh siad ar an tsean-namhaid, Cill Chainnigh, i bPáirc Uí Nualláin i gcluiche sraithe den chéad uair ó 1957.
Ní haon iontas go bhfuil dóchas agus muinín i measc lucht tacaíochta agus imreoirí Loch Garman.
Inniu cuirfear tástáil arís orthu agus pé toradh a bheidh ann sa deireadh, foghlaimeoidh siad ceacht nó dhó eile. Cad é mar ullmhúcháin do chraobh Laighean na cluichí fiúntacha sin a bheith imeartha acu i gcoinne na gCat agus na dTiobraid Árannach. Agus ní hé sin le rá go dtiocfaidh deireadh lena n-aistear sraithe amárach.
Thabharfainn seans dóibh, cinnte.
Chonaic mé gach cluiche sraithe a bhí ag Tiobraid Árann i mbliana agus bheinn den tuairim nach bhfuil an bainisteoir róshásta leis an méid atá foghlamtha aige.
Bhíodar ar fheabhas ina gcéad chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath ach cé go raibh tréimhsí ceannais agus údaráis acu le linn na gcluichí eile, i mo thuairimse tá ceisteanna le cur fúthu fós. An bhfuil ar a gcumas nuair a bhíonn an lámh in uachtar acu buille maraithe na muice a bhualadh ar an bhfreasúra? Bhí an deis sin acu i gcoinne Chill Chainnigh sa chluiche sraithe iontach eatarthu le déanaí, ach theip orthu an bhó a chur thar abhainn. Níor éirigh leo Corcaigh a chloí ach an oiread cé go raibh an chuma ar an scéal go ndéanfaidís amhlaidh.
Níl aon dabht ach go bhfuil an painéal is láidre sa tír acu agus go mbeidh sé deacair iad a bhualadh i mbliana ach tá amhras ormsa go dteipeann orthu uaireanta an buntáiste a bhíonn acu a chur abhaile nuair is géire an gá.
Ní ghéillfidh Loch Garman orlach inniu agus ní bheidh aon easpa díocais orthu ach má éiríonn le tosaithe ealaíonta Thiobraid Árann chuid maith seilbh a bhuachan, beidh sé deacair ar na Carmannaigh iad a stopadh.
I bPáirc na nGael i Luimneach a imreofar an cluiche leathcheannais eile agus aghaidh á tabhairt ag an nGaillimh ar fhir Luimnigh. Ní raibh mórán eatarthu cúpla seachtain ó shin agus is amhlaidh a bheidh amárach.
Ceapaim go mbeadh an dá chontae thar a bheith sásta cluiche ceannais na sraithe a bhuachan, go háirithe Luimneach nach bhfuil a leithéid déanta acu ó 1997. Dar ndóigh tá sé buaite ag an Ghaillimh trí huaire ó thosach na mílaoise.
Coicís ó shin bhí an Ghaillimh deich gcúilín taobh thiar de Phort Láirge ag tráth amháin sa chluiche. Níos measa fós, agus fiche a trí nóiméad caite sa chluiche céanna, ní raibh ach cúilín amháin aimsithe ón imirt acu in ainneoin nár thosaigh ar a laghad leathdhosaen d’imreoirí Phort Láirge a bhíonn ar an gcéad fhoireann de ghnáth.
Mar sin, ní féidir a rá gur bua iontach a bhí ann agus go dtí seo i mbliana is deacair aon léamh ceart a dhéanamh orthu. Cinnte beidh siad sásta go bhfuil cluiche breise anois acu agus Baile Átha Cliath rompu sa chraobh.
Maidir le Luimneach, caithfidh go raibh díomá orthu nuair a chaill siad an chéad chluiche sraithe sin i gcoinne Loch Garman.
Faoin am ar bhuaigh na Carmannaigh ar an nGaillimh sa dara babhta den tsraith ba léir gurbh iadsan a bheadh sa chéad roinn in 2018, agus go mbeadh Luimneach bliain eile ar a laghad sa dara roinn.
Sin mar a tharla, ach déarfainn go bhfuil siad sásta anois gur éirigh leo an babhta leathcheannais a bhaint amach agus leathshúil acu ar a gcéad chluiche craoibhe.
Ní bheidh mórán idir na foirne seo agus bunaithe ar an méid a chonaic mé den dá fhoireann i mbliana ní fhéadfainn ach dul i muinín an tseanrá: ‘beidh a lán ag brath ar cén cló a chuirfidh Gaillimh orthu féin inniu’.