JOHN ALLEN: Cé air a bhronnfar corn na sraithe tráthnóna, Pádraic Maher nó David Burke?

An bhfuil seans ann go mbeidh an corn céanna á bhronnadh ar chaptaen fhoireann ó roinn 1b na sraithe den tríú bliain as a chéile?

JOHN ALLEN: Cé air a bhronnfar corn na sraithe tráthnóna, Pádraic Maher nó David Burke?

Amárach a bhronnfar an chéad duais thábhachtach san iomáint an bhliain seo agus níl aon amhras faoi méid sin ó tharla go bhfuil na rialacha athraithe agus deireadh curtha le cluichí athimeartha. De réir na rialacha nua seo má bhíonn na foirne ar comhscór i bPáirc na nGael tráthnóna, imreofar dhá thréimhse deich nóiméad d’am breise. Má bhíonn siad fós cothrom i ndiaidh sin, beidh dhá thréimhse eile de chúig nóiméad againn. Agus más cothrom fós a bhíonn an scór, beidh babhta de phocanna seasca a cúig, ar nós chóras na gciceanna pionóis sa sacar.

Mar sin, cé air a bhronnfar corn an Dochtúra Croke á bhronnadh, Pádraic Maher Thiobraid Árann nó David Burke na Gaillimhe?

An bhfuil seans ann go mbeidh an corn céanna á bhronnadh ar chaptaen fhoireann ó roinn 1b na sraithe den tríú bliain as a chéile? Bhuel, bunaithe ar fhianaise chluichí an Domhnaigh seo caite, déarfainn gur beag seans gur amhlaidh a bheidh.

Ba dhéine go mór na coimhlinte i gcluiche na dTiobraid Árannach ná i gcluiche na Gaillimheach. Ba léir an-luath sa chluiche i Luimneach gur le Gaillimh a bheadh an lá.

Cé go raibh bearna aon chúilín déag idir na foirne ag an deireadh, ní fhéadfá an rud céanna a rá faoin dara cluiche. Bhí an ceann sin idir dhá ceann na meá go dtí an deich nóiméad deireanach.

Ach ag an deireadh, léirigh Tiobraid Árann a mianach chun troda, a ndíocas chun oibre, a neart, a luas agus na sárscileanna atá acu. Leirigh siad leis chomh maith is atá siad chun cúil aimsiú. Lean chois sin, léirigh siad neart an phainéil atá acu. Cuimhnigh ar an difríocht a rinne Michael Breen agus John ‘Bubbles’ Dwyer nuair a tugadh isteach iad sa dara leath. Ceithre chúilín ón imirt a fuair Breen agus bhí baint mhór ag Dwyer le dea-imirt na foirne chomh maith. Cuimhnigh chomh maith nach bhfacamar Patrick ‘Bonner’ Maher fós i mbliana mar go raibh sé ar dualgas leis an arm sa tSiria.

Mar sin féin, lá eile agus cluiche eile é seo.

Agus más aon chabhair toirt agus airde thosaithe na Gaillimhe, bhuel, ní bheidh fir an mharúin agus an bháin rófhada ón sprioc nuair a shéidfear an fheadóg dheireanach. Ná déan dearmad ach oiread ar an stair atá idir na foirne seo le blianta beaga anuas agus ar cé chomh cothrom agus a bhí na cluichí eatarthu le tamall.

I mo thuairimse, áfach, caithfidh go bhfuil an buntáiste ag Tiobraid Árann sa chluiche seo ó thaobh caighdeán na  n-imreoirí atá acu. Níl aon dabht ach go bhfuil an painéal imreoirí is fearr sa tír acu i láthair na huaire.

Ní dóigh go mbeidh faitíos ar bith ar imreoirí na Gaillimhe roimh a macasamhail thar teorainn agus beidh chuid maith ag brath ar conas a láimhseálfaidh cúlaithe na Gaillimhe tosaithe Thiobraid Árann agus cén córas cosanta a úsáidfidh Gaillimh. D’úsáid Loch Garman cosantóir le cois an Domhnach seo caite ach fós ghéilleadar cúig chúl. Beidh sé thar a bheith deacair ar Ghaillimh stop a chur le soláthar na liathróide isteach, go háirithe na pasanna sin ó na deartháireacha Maher ón líne leathchúil.

Bunaithe ar an bhfianaise atá feicthe againn i mbliana bheinn den tuairim go mbeidh Pádraic Maher i mbun óráide an Domhnach beag seo i bPáirc na nGael.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Cé air a bhronnfar corn na sraithe tráthnóna, Pádraic Maher nó David Burke?'