JOHN ALLEN: Cáiliú nó dícháiliú? Deireadh seachtaine mór iomána romhainn…

Tá a bhfuil i ndán do chúig fhoireann, cáiliú nó dícháiliú, fós idir dhá cheann na meá

JOHN ALLEN: Cáiliú nó dícháiliú? Deireadh seachtaine mór iomána romhainn…

Táimid ag druidim i dtreo ceann scríbe leis na cluichí sraithe iomána i roinn 1A an Domhnach seo. Tá Tiobraid Árann cáilithe cheana do na babhtaí ceathrú ceannais, ach tá a bhfuil i ndán do na cúig fhoireann eile, cáiliú nó dícháiliú, fós idir dhá cheann na meá.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil tábhacht ag baint leis an trí chluiche atá fágtha.

Tá Tiobraid Árannaigh ag tabhairt aghaidh ar Pháirc Uí Rinn i gCorcaigh. Mar go bhfuil siad cáilithe cheana, b’fhéidir go gcuirfidh siad amach na himreoirí sin nár tugadh mórán ama ar an bpáirc dóibh fós i mbliana. Beidh na foirne seo á fhéachaint lena chéile go luath sa samhradh i gcraobh na Mumhan agus bheinnse ag ceapadh dá bharr nach gcuirfidh Tiobraid Árann an fhoireann is láidre atá acu chun páirce.

Ó thaobh foireann Chorcaí de caithfidh siad na himreoirí is láidre a chur amach amárach agus iad ag iarraidh an bua a fháil, bua a chinnteodh go seachnóidís cluiche dícháilithe. Le cúpla bliain anuas, tá an lámh in uachtar ar fad ag na Tiobraid Árannaigh ar fhir Chorcaí. Anuraidh bhí an bhearna eatarthu thar a bheith soiléir sna cluichí sraithe agus craoibhe. Coicís ó shin léirigh Corcaigh (mar atá déanta acu anois is arís ó 2013 ) gur féidir leo an ceann is fearr a fháil ar bheagnach aon fhoireann eile nuair a bhíonn siad i mbarr a maitheasa seachtain áirithe. An fhadhb atá acu ná go mbíonn siad go hainnis arís an tseachtain ina dhiaidh sin. Amárach caithfidh siad a léiriú nach thuas seal thíos seal a bhíonn siad i gcónaí. Ach bunaithe ar an méid atá feicthe againn ón dá chontae go dtí seo i mbliana, is deacair tada eile a fheiceáil seachas bua do Thiobraid Árann.

Tá Baile Átha Cliath ag imirt I bPáirc Parnell den chéad uair i mbliana agus iad ag iarraidh cluiche dícháilithe a sheachaint.

Is amhlaidh an scéal don fhoireann a bheidh rompu, Cill Chainnigh. Dar ndóigh bhí fhoireann na hardchathrach d’uireasa imreoirí Chuala go dtí seo agus bhí ar Ger Cunningham scata mór ógánach a chur chun páirce dá bharr. Tríd is tríd, rinneadar go maith agus seasfaidh an taithí leo. Ach anois agus iad i mbaol a ndícháilithe caithfidh Cunningham an fhoireann is láidre atá ar fáil dó a roghnú amárach.

Maidir leis na Cait, is mairg don té a chromfadh ar a bhfógra báis a bhreacadh!

Tháinig feabhas mór arís orthu i gcoinne Thiobraid Árann sa chluiche deireanach a bhí acu. Bhí an cluiche féin ar fheabhas chomh maith agus léirigh na Cait na seantréithe sin a sheas leo thar na blianta agus iad faoi stiúir Brian Cody. Throid gach imreoir go fíochmhar chun a chath féin a bhuachan agus throid an fhoireann dá chéile fud fad na páirce. I bhfianaise an taispeántais sin ní bheidh siad i bhfad ón marc agus an duais mhór á bronnadh i mbliana.

Amárach déanfaidh Baile Átha Cliath diantástáil orthu ar Pháirc chúng Pharnell, ach ceapaim go dtabharfaidh na Cait na cosa leo.

Sa tríú cluiche amárach tabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Pháirc Uí Chíosóg in Inis. Bhí lucht bainistíochta na nDéise díomách leis an taispeántas a thug an fhoireann uathu i gcoinne Chorcaí coicís ó shin. Bhí sé leamh go maith.

Ní raibh an Clár mórán níos fearr ina gcluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

Ní bheidh mórán eatarthu amárach ach b’fhéidir go mbeidh an lá leis an bhfoireann baile an uair seo.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Cáiliú nó dícháiliú? Deireadh seachtaine mór iomána romhainn…'