Tá sé deimhnithe ag an IRFU tráthnóna go bhfanfaidh bainisteoir fhoireann rugbaí na hÉireann, Joe Schmidt, ina phost go dtí deireadh Chorn an Domhain 2019 sa tSeapáin. Bhí éiginnteacht ann i rith an tsamhraidh cé acu an bhfanfadh Schmidt i gceannas nó an bhfillfeadh sé ar an Nua-Shéalainn, ach cuireann ráiteas an lae inniu deireadh leis an gcaint agus na ráflaí.
Dúirt Schmidt féin tráthnóna: “Thóg sé níos faide orm an cinneadh seo a dhéanamh ná mar a cheap mé ar dtús agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an IRFU as ucht an fhoighne agus an mhuinín a léirigh siad.
“Bíonn sé deacair uaireanta a bheith chomh fada seo ó mo mhuintir ach tuigeann muid go bhfuil an t-ádh orainn an tacaíocht atá againn anseo in Éirinn a bheith againn.
Bhí spiorad an phobail rugbaí le feiceáil an tseachtain seo agus treisíonn an chomrádaíocht sin díograis an lucht bainistíochta agus na n-imreoirí agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh.”
Ceapadh Schmidt sa phost i ndiaidh Chraobh na Sé Náisiún i 2013 agus bhí rath ar fhoireann rugbaí na hÉireann ó shin. Bhuaigh siad Craobh na Sé Náisiún in 2014 agus 2015 agus ba é Schmidt a bhí i gceannas nuair a bhuaigh a chéad mórchluiche idirnáisiúnta san Afraic Theas.
Deir David Nucifora, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an IRFU gur iontach an scéal é go bhfuil Schmidt chun fanacht sa phost go dtí 2019. “Tá Joe ar cheann de na cóitsealaíthe rugbaí is fearr ar domhan agus is iontach an rud é do rugbaí na hÉireann go bhfuil an cinneadh déanta aige fanacht go dtí deireadh Chorn an Domhain.”
Tabharfaidh foireann rugbaí na hÉireann aghaidh ar an Nua-Shéalainn ag tús na míosa seo chugainn i Chicago agus beidh cluiche eile acu i gcoinne na All Blacks i mBaile Átha Cliath ar an 19 Samhain.
Fág freagra ar 'Joe Schmidt le fanacht mar bhainisteoir na hÉireann go dtí 2019'