Joe McHugh ar ais sa seomra ranga in Oideas Gael

Is mar aoichainteoir, ag labhairt faoina thaithí phearsanta ar an nGaeilge agus ar fhoghlaim na Gaeilge, a bheidh Joe McHugh ar an gcúrsa aitheanta Gaeilge do dhaoine fásta i nGaeltacht Thír Chonaill

Joe McHugh ar ais sa seomra ranga in Oideas Gael

Tá tús curtha inniu ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, lena thréimhse mar aoiléachtóir  in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.

Thug McHugh le fios i mí Lúnasa na bliana seo caite gurbh é a mhian an teanga, a thosaigh sé a fhoghlaim nuair a ceapadh ina Aire Stáit é in 2014, a mhúineadh “lá éigin”.

Tuairiscíodh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos luaithe i mbliana go bhfillfeadh McHugh ar Oideas Gael, áit a ndearna sé féin cúrsa Gaeilge trí bliana ó shin, ar feadh seachtaine leis an teanga a mhúineadh é féin.

Thug Oideas Gael le fios do Tuairisc.ie inniu, áfach, gur mar aoiléachtóir atá McHugh ag feidhmiú an tseachtain seo agus gur ag labhairt le muintir na háite faoina thaithí féin leis an nGaeilge a bheidh sé ag caint seachas a bheith ag plé le múineadh na teanga.

“Tá sé ag plé le bunadh na háite, daoine a bhfuil Gaeilge acu ach a d’éirigh as a labhairt, daoine nach raibh taithí dhearfach acu ar scoil. Tá sé ag labhairt faoi luach na Gaeilge agus faoin taithí a bhí aige féin mar dhuine fásta a chuaigh ar ais, agus faoi na modhanna chun an Ghaeilge a athshealbhú,” a dúirt Ronan Doherty, ó Oideas Gael, le Tuairisc.ie.

Beidh McHugh ar an gcúrsa go dtí deireadh na seachtaine seo agus beidh sé ag glacadh páirt in imeachtaí uile an chúrsa nuair nach mbeidh sé i mbun léachtaí sna seomraí ranga.

“Tá mé líofa (sa Ghaeilge) faoin am seo. Déanaim mo chuid gnó uilig i nGaeilge agus déanaim agallaimh bheo i nGaeilge,” a dúirt McHugh leis an nuachtán The Irish Times inniu.

Nuair a ceapadh i mí Iúil 2014 é, d’fhógair an tAire Stáit go mbeadh sé ag dul ar ‘aistear foghlama’ agus thug sé seachtain ar chúrsa Gaeilge i dTír Chonaill chun tús a chur leis an aistear sin.

Léirigh pobalbhreith a rinne Tuairisc.ie i gcomhar le Millward Brown ag deireadh na bliana 2014 gur mheas 61% den phobal nár chóir don Taoiseach Enda Kenny Aire Gaeltachta a cheapadh nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.

Fág freagra ar 'Joe McHugh ar ais sa seomra ranga in Oideas Gael'

  • Máiread

    Maith thú Joe.

    Máiread.

  • Niall O'Gallcobhair

    Scéal spreagúil. Maith an fear Joe.

  • Mícheálín Ní Shíocháin

    Iontach an rud é scéal mar seo a fheiscint! ba cheart go mbeadh dócas mór againn don todhcaí.