Joe McHugh an ‘giolcaire is Gaelaí’ ar Twitter

Ach níl aon pholaiteoir eile ann go mbíonn fiú leath dá ghiolcacha i nGaeilge amháin.

Polaiteoirí grafaic

Is beag Gaeilge a bhíonn ag an aos polaitiúil ar na meáin shóisialta, de réir anailíse a rinne Tuairisc.ie ar ghiolcacha a sheol polaiteoirí a bhfuil Gaeilge acu le tríocha lá anuas (Féach tábla thuas).

De réir na hanailíse, is é Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an giolcaire is Gaelaí agus 59% dá ngiolcacha i nGaeilge le tríocha lá anuas.

Giolcacha dátheangacha, i mBéarla agus Gaeilge, a bhí i 11% de na teachtaireachtaí a d’fhoilsigh an tAire ar Twitter le tríocha lá anuas.

— Sinn Féin Conamara (@sfconamara) November 25, 2014

Sa dara háit i measc ghiolcairí na Gaeilge bhí Trevor Ó Clochartaigh, an Seanadóir ó Shinn Féin as Conamara.

Is mó an dúil atá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh sa ghiolc dátheangach ar Twitter (56%) seachas don ghiolc i nGaeilge amháin (12%), ach nuair a áirítear le chéile a ghiolcacha Gaeilge, níl ach 3% idir é féin agus McHugh.

Sa triú háit tá Liadh Ní Riada, FPE ó Shinn Féin, a d’éiligh ar a comhghleacaithe i bParlaimint na hEorpa níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge le deireanas.   Is i mBéarla amháin a sheolann Ní Riada 66% dá cuid giolcacha, ach bíonn 27% dá teachtaireachtaí i nGaeilge amháin le tríocha lá anuas.  

Fear mór Twitter is ea Máirtín Ó Muilleoir MLA (SF) a bhain cáil amach ar na meáin shóisialta le linn a théarma mar mhéara Bhéal Feirste. Bíonn ‘Méara na bhFéiníní’ ag caint de ló is d’oíche le lucht a leanta.

Le tríocha lá anuas bhí 15% dá ghiolcacha i nGaeilge amháin agus ba ghiolcacha dátheangacha a bhí i 1% dá theachtaireachtaí . Níor áiríodh ach bunghiolcacha le linn na hanailíse seo. Is é sin le rá nár áiríodh freagraí ar ghiolcairí eile nó athghiolcacha agus an measúnú ar bun.

Chun cinn ar an gComhalta Ó Muilleoir tá Dominic Bradley (SDLP) a shuíonn i gComhthionól Thuaisceart Éireann. Le mí anuas, bhí 80% dá ghiolcacha i mBéarla amháin agus an 20% eile i nGaeilge amháin.

Bhí Bradley chun cinn chomh maith ar Aire Cultúir an Tuaiscirt Carál Ní Chuilín (SF), atá i mbun an fheachtais ‘Líofa 2015’. 9% de  ghiolcacha an Aire a bhí i nGaeilge amháin le tríocha lá anuas agus giolcacha dátheangacha a bhí 12% acu. Bhí roinnt polaiteoirí eile ag giolcaireacht i nGaeilge le tríocha lá anuas ach ba go fíorannamh é. Ba i nGaeilge a bhí 2.5% de ghiolcacha an Aire Stáit Aodhán Ó Riordáin, atá freagrach as Pobail Nua, Cultúr agus Comhionannas.

Le linn tréimhse na hanailíse bhí beagán Gaeilge freisin i measc na dteachtaireachtaí a d’fhoilsigh Peadar Tóibín, Sinn Féin. Nós eile atá go tréan i measc cuid mhaith polaiteoirí ná gan Gaeilge a úsáid ach amháin nuair atá ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge á bplé, nó nuair atá fógra le déanamh acu go mbeidh faoi agalllamh ar na meáin Ghaeilge.  Is annamh a fheictear, mar shampla, polaiteoirí ag trácht i nGaeilge ar tháillí uisce.  


I measc na nGaeilgeoirí nár scríobh oiread agus focal Gaeilge ar Twitter le mí anuas, bhí an Taoiseach Enda Kenny , ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, agus Teachtaí Dála Shinn Féin Pearse Doherty agus Aengus Ó Snodaigh.

Bíonn idir Ghaeilge agus Bhéarla ag Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams , ach ba dheacair a ghiolcacha a áireamh mar ghiolcacha dátheangacha mar nach mbíonn ach corrfhocal Gaeilge caite isteach aige i lár abairte Béarla.

Is beag giolcacha a d’fhoilsigh Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le tríócha lá anuas, ach bíonn timpeall 35% dá ghiolcacha i nGaeilge nó go dátheangach de ghnáth.

Fág freagra ar 'Joe McHugh an ‘giolcaire is Gaelaí’ ar Twitter'

  • Eoin Ó Riain

    Bhí giota i nGaeilge ag @EndaKennyTD ar an 27ú Lá Samhain mar seo – https://twitter.com/EndaKennyTD/status/538066888677666816

    Ní mór dúinn a bheith buíoch is dócha…”Céim beag don cine daonna….”

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ar son Dé tá na scéalta seo chomh h-aiféiseach is go bhfuilim ag cailliúint mo dhúil i Tuairisc…..an 20 giolc is deireannaí????? Anailís????? Conas go bhfuil an scéal seo sa rannóg ‘nuacht’ ???