Joe Canning, Anthony Molloy agus Noel O’Leary ar na ‘Laochra Gael’ i sraith nua

Craolfar an 21ú sraith den chlár iomráiteach ag Nemeton TV i rith an earraigh

Joe Canning, Anthony Molloy agus Noel O’Leary ar na ‘Laochra Gael’ i sraith nua

Tá duine de laochra iomána na Gaillimhe agus beirt fhear Gaeltachta a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na hÉireann i measc na réalta CLG a bheidh faoi chaibidil sa tsraith is déanaí de Laochra Gael.

Craolfar an 21ú sraith den chlár iomráiteach ag Nemeton TV i rith an earraigh agus Joe Canning, Anthony Molloy agus Noel O’Leary i measc an ochtair a bheidh le feiceáil le linn na sraithe.

Cuirfear tús leis an tsraith is déanaí de Laochra Gael ar an 26 Eanáir agus craolfar clár nua ar TG4 gach Déardaoin ag 9.30in.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Joe Canning (26 Eanáir)

Is le scéal iománaí mór na Gaillimhe, Joe Canning, a chuirfear tús leis an 21ú Sraith de Laochra Gael. Bhí clú agus cáil i ndán do Joe ón gcéad lá riamh. Cuireadh d’ualach air gurbh eisean a chuirfeadh deireadh le gorta iomána na Gaillimhe. Níor éirigh leo an bua a bhaint amach ar feadh blianta fada áfach. Bhain Joe cáil náisiúnta amach de bharr a chuid sárscileanna iománaíochta ach bhí a chuid míbhuntáistí féin ag baint leis sin. Bhí Joe meáite ar Chluiche Ceannais na hÉireann a bhuachan agus ní raibh uaidh ach go mbeadh a mhuintir bródúil as.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Aidan O’Mahony (2 Feabhra)

Is é Aidan O’Mahony, peileadóir mór Chiarraí an chéad Laoch Gael eile a bheidh faoi chaibidil sa 21ú Sraith. Cé go raibh deacrachtaí móra aige lena shláinte nuair a bhí sé óg d’éirigh leis áit a bhaint amach ar cheann de na foirne ab fhearr riamh. Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, áfach, bhí sé sáite i gconspóid mar gheall gurbh é an chéad imreoir CLG ar chlis air i dtástáil drugaí. Tháinig meath ar a mheabhairshláinte agus tar éis tréimhse a chaitheamh in ionad cóireála, thug sé aghaidh ar an dúshlán ba mhó ina shaol – brí na beatha agus an grá don chluiche a aimsiú arís. Tháinig sé ar an dá rud a bhí sa ngealltanas a thug sé nuair a fuair a athair bás.

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Anne Dalton (9 Feabhra)

Leanfaidh an 21ú Sraith de Laochra Gael ar aghaidh le scéal Anne Dalton, laoch camógaíochta Chill Chainnigh. Tar éis Chluiche Ceannais na hÉireann a chailleadh faoi thrí, bhain Anne an sprioc amach ar deireadh sa bhliain 2016. Cé a chreidfeadh go gcaillfeadh sí trí chluiche ceannais as a chéile arís ina dhiaidh sin? Cé gur buadh uirthi, ní raibh sí cloíte, lean sí uirthi agus bhain sí clú amach mar dhuine de na himreoirí camógaíochta is fearr riamh. Slánaíodh í sa bhliain 2020 nuair a bhuaigh na Cait an Craobhchomórtas arís, tráth a raibh a bean chéile, imreoir na nDéise Karen Kelly, agus a dtriúir páistí óga ag féachaint uirthi sa bhaile.

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tom Parsons (16 Feabhra)

Is é scéal pheileadóir Mhaigh Eo, Tom Parsons, ábhar na heipeasóide seo de Laochra Gael. Tháinig Tom i réim sa bhliain 2008, ag déanamh gaisce d’fhoireann sinsir Mhaigh Eo agus gan é ach ina dhéagóir. Nuair a chaill sé a áit ar an bhfoireann gan choinne sa bhliain 2011, áfach, thit a shaol as a chéile. Tháinig sé ar ais in 2014 agus bhí ról lárnach aige sa choimhlint chlúiteach in aghaidh na Dubs. Cibé díomá a bhí air de bharr na gcailliúintí sna cluichí sin, thuig sé ceart é nuair a gortaíodh go huafásach é in 2018. Ó tharla gur dúradh leis go raibh seans ann nach siúlfadh sé arís, ba mhíorúilt amach is amach é nuair a chuaigh sé chun páirce arís sa bhliain 2019.

Pictiúr: INPHO/Donna McBride

Áine Wall (23 Feabhra)

Is í Áine Wall, peileadóir Phort Láirge, a bheidh againn ar an 23 Feabhra. Tháinig sí chun cinn lena club, Baile Mhic Cairbre, ach is le foireann an chontae a bhain sí clú agus cáil amach. Ba mar gheall ar dhíocas agus ar dhúthracht Áine sna tosaithe a bhain Port Láirge 5 Chraobh Uile-Éireann amach sna 90idí, éacht nár tharla riamh cheana sna Déise agus ábhar bróid fós é i measc lucht leanúna an spóirt sa chontae. Thairis sin, de bharr an ghaisce a rinne Áine agus a cairde, tarraingíodh aird agus meas ar spórt nach mbíodh fiú á chraoladh tráth ar thosaigh sí ag imirt. Bhí Áine ar dhuine de na peileadóirí ab fhearr riamh, agus d’athraigh sí Peil na mBan as éadan.

Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Liam Sheedy (2 Márta)

Leanann Laochra Gael ar aghaidh le scéal Liam Sheedy as Tiobraid Árann. Tar éis bhás a athar agus gan é ach dhá bhliain d’aois, fuair Liam tearmann ar an bpáirc iománaíochta, ag imirt dá chontae ag gach leibhéal. Ach mar sin féin, ba bheag aithne a bhí air nuair a rinneadh bainisteoir an chontae de. Bhí an fhoireann in ísle brí agus ní rabhthas ag súil go mbuafadh Sheedy Craobh na hÉireann, agus go gcuirfeadh críoch le ré Chill Chainnigh. Baineadh siar as lucht na hiomána nuair a d’éirigh sé as tar éis an bhua stairiúil, agus baineadh siar astu arís nuair a d’fhill sé deich mbliana níos déanaí, chun craobh eile a bhaint amach, in aghaidh na gCat arís.

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Anthony Molloy (9 Márta)

Is é Anthony Molloy, peileadóir mór Dhún na nGall, an chéad duine eile de Laochra Gael. Ag fás aníos i gceantar iargúlta, bhí an pheil i gcónaí i gcroílár shaol Anthony. Tar éis drochghortú a fhulaingt agus easpa ratha a bheith air leis an gcontae, chuaigh sé ar imirce go Meiriceá sna 80idí. Nuair a buaileadh breoite a mháthair, d’fhill sé abhaile. Mheall an pheil ar ais é agus sháraigh sé an phian chun Corn Mhig Uidhir a thabhairt go Dún na nGall den chéad uair riamh sa bhliain 1992. Idir an cheiliúradh agus éirí as an bpeil, rug an t-ól greim air, agus thug sé aghaidh ar chath eile a leanann go dtí an lá inniu féin.

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Noel O’Leary (16 Márta)

Mar bhailchríoch ar an tsraith seo de Laochra Gael, inseofar scéal Noel O’Leary, duine de mhórpheileadóirí Chorcaí. Tá clú ar Noel mar fhear fíorchrua peile. Le linn na gcoimhlintí cáiliúla idir Corcaigh agus Ciarraí, ba é an radharc de Noel agus Paul Galvin in adharca a chéile a mheall an pobal. Ach taobh thiar den íomhá phoiblí, bhí go leor eile ag tarlú i saol Noel, agus é buailte ag tragóid mhillteanach. Chaill sé a dhlúthchara, a chol ceathrair agus a dheartháir taobh istigh de bhliain amháin ag tús an chéid. Sháraigh sé na cailliúintí uafásacha seo, agus d’éirigh leis faoiseamh de shaghas éigin a fháil nuair a bhain sé Craobh na hÉireann amach sa bhliain 2010.

 

Fág freagra ar 'Joe Canning, Anthony Molloy agus Noel O’Leary ar na ‘Laochra Gael’ i sraith nua'