Joe agus Josepha ag téacsáil a chéile i nGaeilge agus ‘croí’ an Aire nua san ‘áit cheart’

Deir an tAire Stáit Joe McHugh go bhfuil tacaíocht mhór tugtha cheana féin ag an Taoiseach agus a chomhghleacaithe rialtais do Bhliain na Gaeilge 2018

Joe agus Josepha ag téacsáil a chéile i nGaeilge agus ‘croí’ an Aire nua san ‘áit cheart’

Tá a “croí san áit cheart” ag Aire nua na Gaeltachta Josepha Madigan maidir leis an teanga, a deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, a thug le fios go bhfuil sé féin agus an tAire nua tosaithe ag téacsáil a chéile as Gaeilge.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go bhfuil “suim mhór” ag an Aire nua Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta sa Ghaeilge agus gurb é sin an rud is tábhachtaí.

Bhí McHugh ag freagairt ceist a chuir Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, air faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé ag moladh do Josepha Madigan an Ghaeilge a fhoghlaim i bhfianaise a ceapacháin mar Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Dúirt Madigan le déanaí nach raibh fúithi aon gheallúint a thabhairt go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge ar eagla nach n-éireodh léi an beart a dhéanamh.

“Tá an cheist seo suimiúil mar fuair mé téacs ó Josepha aréir agus fuair mé an téacs fríd Ghaeilge agus chuir mé freagra chuici fríd Ghaeilge fosta. Tá suim mhór aici [sa Ghaeilge]; tá sí cosúil le cuid mhór daoine sa tír a chuaigh go dtí na bunscoileanna agus na meánscoileanna agus ní bhíonn siad ábalta labhairt Gaeilge. Ach tá a croí san áit cheart agus sin an áit is fearr,” a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh ag preas-ócáid a bhí ar siúl ag Tithe an Rialtais tráthnóna inné.

Bhí an tAire Stáit ag freagairt ceisteanna faoi Bhliain na Gaeilge 2018 a sheolfaidh an Taoiseach Dé Céadaoin seo chugainn.

Dúirt McHugh go raibh tacaíocht mhór tugtha cheana féin ag an Taoiseach agus a chomhghleacaithe rialtais do Bhliain na Gaeilge 2018 agus gur léiríodh an tacaíocht sin ag cruinniú den chomh-aireacht inné.

Dúirt sé gurb é an dearcadh a bhí aige féin agus ag an rialtas faoin mbliain cheiliúrtha ná go bhféadfadh gurb í an bhliain seo chugainn an bhliain a socródh daoine “bogadh ar aghaidh”, na “buntáistí” a bhaineann leis an nGaeilge a aithint agus tabhairt faoi í “a fhoghlaim nó a athfhoghlaim”.

Maidir leis an díospóireacht a bhí ann le déanaí faoin teanga a bheith á ceiliúradh fad is atá dúshláin mhóra roimpi sa Ghaeltacht, dúirt McHugh gur thuig sé na “deacrachtaí” atá ann, ach nár chóir go mbeadh Bliain na Gaeilge ina húdar imní ag aon duine.

“Mo theachtaireacht féin: ná bí buartha faoi bhliain na Gaeilge, b’fhéidir go mbeidh ceiliúradh den scoth ann, go háirithe taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht fosta,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta.

Thug an tAire Stáit le fios gur léirigh an Taoiseach agus a chomhghleacaithe rialtais a “dtiomantas” inné chomh maith don Bhille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt sé go raibh sé sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le dréachtú an bhille agus go raibh súil aige go bhfoilseofaí é “chomh luath agus is féidir sa bhliain úr”.

Idir an dá linn, dúirt an comhairleoir contae de chuid Shinn Féin Toiréasa Ferris an tseachtain seo gur “masla” a bhí ann do phobal na Gaeltachta nach raibh an tAire Gaeltachta nua sásta gealltanas a thabhairt go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge. 

Gheall Toiréasa Ferris, atá ina comhairleoir contae i gCiarraí agus a bheidh ag seasamh don pháirtí sa chéad olltoghchán eile, go gceapfadh Sinn Féin Aire Sinsearach a mbeadh an Ghaeltacht mar phríómchúram air sa chás go mbeadh an páirtí i rialtas.

Agus í ag labhairt ar Radio Kerry, dúirt Ferris gur “droch-chomhartha” a bhí sa mhéid a bhí le rá ag an Aire Josepha Madigan faoi fhoghlaim na Gaeilge.

“I’m not going to make a promise that I’m going to study Irish in case I can’t follow it through,” a dúirt an tAire Madigan agus í ag labhairt ar The Week in Politics ar RTÉ seachtain ó shin.

“Mar dhuine a bhfuil ‘grá’ agus ‘meas’ agam ar ár gcultúr, creidim, bíodh sin ar intinn aici nó ná bíodh, gur masla a bhí ansin do na daoine a bhfuil sí in ainm is a bheith ina hionadaí dóibh san aireacht atá aici.

“Sílim gur teachtaireacht dhiúltach a thugann an ráiteas sin do na pobail sa Ghaeltacht,” a dúirt Ferris.

Tá Ferris, iníon leis an Teachta Dála de chuid Sinn Féin Martin Ferris, le seasamh don pháirtí sin sa chéad olltoghchán eile agus é deimhnithe aici go mbeidh Aire Sinsearach don Ghaeltacht ann má éiríonn le Sinn Féin dul isteach sa rialtas.

Gheall Sinn Féin ina bhforógra toghcháin anuraidh go gceapfaidís Aire Sinsearach a bheadh freagrach go príomha as gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge agus thug Ferris le fios go seasann siad leis an ngealltanas sin.

Fág freagra ar 'Joe agus Josepha ag téacsáil a chéile i nGaeilge agus ‘croí’ an Aire nua san ‘áit cheart’'

  • Liam

    A chairde,
    Tá sé in am dúinn breathnú ar an cheist seo go fuarchúiseach. Má imíonn an Ghaeilge ón Ghaeltacht, sin céim suntasach ar gcúl i mbeatha na teanga ach chun nach dtarlódh sin, tá orainn tarraingt ar an díogras agus dílseacht atá ag lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus thar sáile; tá orainn tarraingt ar thacaíocht na bhfoghlaimeoirí fosta agus cuidiú leo. Nach seo atá ar siúl le blianta fada leis na coláistí samhraidh. Tá barúil ag go leor, gur iomaí póca Gaeltachta a bheadh scriosta go hiomlán, gan scoláirí samhraidh bheith teacht chucu. Bun agus barr an scéil, ná go bhfuil muid uilig ag brath ar a chéile. Tá Joe McHugh ceart, is cuid thábhachtach de Bhliain na Gaeilge bheith sásta cuidiú le foghlaimeoirí. Agus é ag rá sin, ní raibh sé ag tabhairt droim láimhe do lucht na Gaeltachta.

  • Léitheoir

    “…ní bhíonn siad ábalta labhairt Gaeilge”. Tá Joe féin fós ag streachailt leis an teanga cé gur breá leis a mhalairt a mhaíomh! Ní bhíonn bun ná barr leis an méid a bhíonn sé ag rá fós. Is deacair ciall a bhaint as a chuid ráiteas sna meáin Ghaeilge nuair a chuirtear ceisteanna air faoi pholasaithe an Rialtais srl. Ionadaí na Gaeltachta agus na Gaeilge, mar dhea!

  • thar lear

    ochchchchchchchchch ochooooooooooooooooooooooooooon! tabhair seans …eile…doibh….polaiteoiri patfhuara plamasacha ag imirt p(h)olaitiochta agus p(h)oibliochta lena ngra don ‘teanga’.