JIMMY CAMPBELL – sárfhidléir Conallach, curtha i gcré na cille 

Fear seoigh is ceoil ab ea Jimmy Campbell a thuill gean is ómós as an tacaíocht agus an cúnamh a thugadh sé do cheoltóirí óga

JIMMY CAMPBELL – sárfhidléir Conallach, curtha i gcré na cille 

Cuireadh i gcré na cille in Éadan Anfach inné rífhidléir Thír Chonaill Jimmy Campbell agus é 84 bliain d’aois.  

Rugadh Jimmy sa nGleann Beag in aice leis na Gleannta agus an ceol go smior sa dúchas aige. Fidléirí aitheanta ab ea a athair agus a sheanathair agus ba theach mór ceoil teach na muintire, a mbíodh tarraingt mhór ag lucht ceoil air, John agus Mickey Doherty ina measc.  

Ar nós go leor den ghlúin Chonallach sin thug Jimmy Albain air féin ag tochailt na dtollán sular chuir faoi i Londain lena bhean Yvonne agus a chlann. Bhí aithne leitheadach ag Jimmy ar cheoltóirí móra na ré sin agus é lárnach i saol an cheoil i Sasana.

Sa mbliain 1988 thug sé fód a dhúchais air féin agus shocraigh síos ina bhaile dúchais, An Teanga Mheáin.

Fear seoigh is ceoil ab ea Jimmy a thuill gean is ómós as an tacaíocht agus an cúnamh a thugadh sé do cheoltóirí óga.   Is cinnte gur chuir Jimmy agus a dheartháir Vincent comaoin mhór ar cheol fidle Thír Chonaill agus chothaigh siad eolas agus meas lucht ceoil na tíre ar an stíl shainiúil cheolmhar a spreag borradh iontach faoi fhidléireacht Thír Chonaill.

 Agus deireadh tagtha leis na srianta ar na tithe tábhairne ag an deireadh seachtaine, bhí Jimmy Campbell réidh le tabhairt faoina sheisiún rialta i dtábhairne an Ghleanna lena mhac Peter nuair a chroch an bás leis gan choinne é.  

Tá a bhean chéile Yvonne ar shlí na fírinne agus fágann sé ina dhiaidh a mhac, an fidléir Peter agus a cheathrar iníonacha, Teresa, Fiona, Vanessa agus Donna, chomh maith le triúr deartháireacha agus a lán gaolta agus cairde.

Beidh féasta binncheoil sna flaithis feasta ach beidh oidhreacht is dúchas mhuintir Campbell le clos ag glúnta eile d’fhidléirí i dTír Chonaill.

Fág freagra ar 'JIMMY CAMPBELL – sárfhidléir Conallach, curtha i gcré na cille '