Jesse Owens, Pele, Jimmy Hendrix agus ‘Féar Suaithinseach’ Downing Stadium

Is cuimhin lenár gcolúnaí castáil le fear a bhí i gceannas ar pháirc na himeartha i Downing Stadium agus aithne mhaith aige ar na réalta a d’imríodh ann - Pele, Franz Beckenbauer agus imreoirí móra le rá na New York Cosmos ina measc

New York Cosmos' Pele in action on his debut for the NASL team
Pele i mbun na peile do na New York Cosmos

Bhí agus Jimmy Hendrix orthu siúd a thuill gártha molta in Downing Stadium atá suite ar oileán in abhainn an Hudson i Nua-Eabhrac, ar a dtugtar Randalls Island. Thiocfadh snámhaí maith chomh fada leis an mBronx, Manhattan nó Queens as in imeacht ceathrú huaire, ach dóthain misnigh a bheith aige tabhairt faoi na sruthanna a fhágann deighilte amach ó na háiteacha sin é.

As an aer a fheiceann formhór na hocht milliún duine atá sa gcathair an t-oileán agus an staid – iad ag gluaiseacht os a gcionn ar cheann de na trí dhroichead a thrasnaíonn na huiscí ina thimpeall agus a cheanglaíonn na cúig cheantar atá i Nua-Eabhrac le chéile.

Bhí boladh na péinte fós le brath ar an Downing Stadium nua i mí Iúil 1936 nuair a chinntigh Owens áit dó féin ann ar fhoireann lúthchleasaíochta na Stát Aontaithe. Ceithre seachtaine dar gcionn, bhain sé an straois de phus Adolf Hitler ag na Cluichí Oilimpeacha i mBerlin.

Ag údaráis na Nua-Eabhrac atá úinéireacht ar an oileán. I dtús aimsire, rinne siad forbairt ann ar áiseanna eile spóirt lasmuigh den staid. Laistigh di, cheadaigh siad coirmeacha ceoil chomh maith le cluichí – bhí Count Basie, Benny Goodman, and Duke Ellington le n-áireamh orthu siúd a bhain macalla as na rataí sna tríochaidí agus sna ceathrachadaí.

Faoin am ar chroith Hendrix an bhunsraith, a bhí faoi Downing Stadium i 1970, bhí an áit ligthe go mór i léig agus ba ghéar a theastaigh athchóiriú a dhéanamh ann. Ach ní raibh a leithéid i ndán dó, mar go raibh sé socraithe gur ar áiseanna eile spóirt ar fud Nua-Eabhrac a chaithfí an t-airgead poiblí  seachas ar Randalls Island – ‘Vandal’s Island’ a bhí baiste faoin tráth sin air, de bharr a raibh de mhillteanas déanta ann agus mar gheall ar an gcuma sheanchaite a bhí air.

Nuair a chuir Pele, Franz Beckenbauer agus na New York Cosmos fúthu ann cúig bliana dar gcionn, bhí buidéil agus píosaí gloine spréite ar fud na háite agus níos mó féir ag fás aníos trí na cosáin timpeall ar Times Square ná a bhí ar an bpáirc ar fad.

Ba é teacht na Cosmos i 1975  agus an borradh a chuireadar siúd faoi chúrsaí sacair sna Státaí a d’fhág gur cuireadh brat eile péinte in airde in Downing Stadium – ‘in ísle’ ba chóra a rá, mar go mba ar mhaithe le dea-chuma a bheith ar an áit ar an teilifís a socraíodh go gcuirfí péint ghlas ar dhrompla na páirce. Cheapfadh an lucht féachana sa mbaile go mba féar a bhí ann. Nuair a d’fhéach Pele ar a chosa sa seomra feistis ag leathama sa gcéad chluiche a d’imir sé; baineadh geit as – shíl go mba fungas uaithne eicínt a bhí ag fás ar a chraiceann!

Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger
Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger

Ní raibh cúrsaí mórán ní b’fhearr tráthnóna Sathairn i bhfómhar na bliana 1997 nuair a fuair mé féin seans siúl trasna Downing Stadium – micrafón seachas peil a bhí i mo láimh, ar eagla go gceapfá a mhalairt – an tráchtaire Micheál Ó Sé le m’ais agus muid ag caitheamh súile ar an áit a mbeadh craoladh á dheanamh ag Raidió na Gaeltachta lá arna mháireach ar an gCluiche sa tSraithchomórtas Náisiúnta Peile idir Ciarraí agus an Cabhán. Thall a himríodh é mar chomóradh ar Chluiche Ceannais na Polo Grounds leathchéad bliain roimhe.

Bhí feighlí páirce ar a ghlúine amach romhainn, scuab ina láimh, ceaintín péinte bhán lena ais agus é ag scríobadh a chinn. “Níl baol ar bith gur as Éirinn sibh?” a deir sé ar bhreathnú aníos dó.

Ceist eile a bhí aige nuair a deimhníodh dó go mba ea. “Bhfuil seans faoin spéir go mbeadh a fhios ag ceachtar agaibh cá bhfuil na línte le tarraingt ar an bpáirc seo. Is minic a chuir mé línte síos ar pháirc an tsacair, ach níor mharcáil mé páirc don Pheil Ghaelach riamh, cé gur i gContae Liatroma a rugadh agus a tógadh mé. Bhí duine eicínt i bPáirc an Chrócaigh leis na tomhaisí a chur chugam ar facs, ach má chuir, níor tháinig siad chomh fada liomsa”.

Chuir muid ar an treo ceart é agus rinne dreas cainte leis. Bhí beagnach dhá scór bliain caite aige ag obair leis an Rannóg Páirceanna agus Caitheamh Aimsire i Nua-Eabhrac – deich mbliana fichead acu i Randalls Island.

Ba é a bhí i gceannas ar pháirc na himeartha i Downing Stadium le linn do Pele a bheith ann agus aithne mhaith aige air siúd, ar Beckenbauer agus ar na réalta eile a d’imir leis na Cosmos – Carlos Alberto, Giorgio Chinaglia and Johan Neeskens.

“Lovely lads, all of them ”, a dúirt sé, “and great ball-players too”.

“But, it was an awful pity that it was that ‘ould’ soccer they were playing. I’d say they would have been very good if they had gotten a chance to play ‘our football’.

Fág freagra ar 'Jesse Owens, Pele, Jimmy Hendrix agus ‘Féar Suaithinseach’ Downing Stadium'