Je t-aime! Scéalta grá na nGael i bPáras…

Tá a cháil mar chathair an ghrá tuillte go maith ag Páras, i measc na hÉireannach go háirithe

Je t-aime! Scéalta grá na nGael i bPáras…

Éilís Neary

Tá Lá Fhéile Vailintín buailte linn arís agus, níl a fhios agam fútsa, ach bheadh fonn orm beagán rómánsaíochta a chur le mo shaol, áit éigin a bhfuil an grá san aer. 

(Déarfainn go bhfuil sé ag dul dom agus mé sáinnithe sa bhaile, ag breathnú isteach i straois mo ghrá geal is féasóg síos go talamh air.) Agus céard é an áit is fearr chun an splanc sin a lasadh arís? Páras, ar ndóigh. 

Tá an t-ádh liom féin a bheith i mo chónaí anseo, ach i dtaca le saoirí rómánsúla, níl a shárú ann. 

Den chéad uair riamh, ní bheidh lánúineacha ag déanamh a mbealach go príomhchathair na Fraince an deireadh seachtaine seo – is caol an seans go mbeimid ag dul chomh fada leis an doras tosaigh, a bhuíochas lenár sean-namhaid, Covid-19. Tá a cháil mar chathair an ghrá tuillte go maith ag Páras, i measc na hÉireannach go háirithe. Is ansin a cuireadh cora agus castaí i gcuid de na scéalta grá is mó i stair na hÉireann.

W.B. Yeats agus Maud Gonne 

Le scéal fada a dhéanamh gairid, ní raibh an t-ádh le Yeats bocht ó thaobh cúrsaí grá de. Thit sé i ngrá le Maud Gonne chomh luath agus a leag sé súil uirthi sa bhliain 1889. 

The troubling of my life began,’ a dúirt sé féin faoin lá cinniúnach sin. Chuir sé ceiliúr pósta uirthi cúig huaire ar a laghad ach d’eitigh Gonne a thairiscint arís is arís eile. Is léir óna chuid dánta gur réab an grá gan chúiteamh sin croí Yeats ina lár. 

Ach más rud é go bhfuil tú ag ceapadh nach raibh spallaíocht bheag ag an mbeirt sin riamh, tá dul amú ort. Is i bPáras, sa bhliain 1908, a tháinig bláth ar a ngrá. Agus céard a bhí le rá ag Yeats breá faoi? 

Ah, but peace that comes at length/ Came when Time had touched her form. 

Ní fhéadfá an fear sin a shásamh.

Constance agus Casimir Markievicz 

Ba reibiliúnach í le linn Éirí Amach na Cásca i 1916, ba phríosúnach í, b’aire rialtais í (an chéad bhean a bhí ina haire san Eoraip) ach, sa bhliain 1899, ba mhac léinn ealaíne i bPáras í Constance agus is ansin a bhuail sí leis an bPolannach Casimir Markievicz . 

Ba í Constance an bhean óg uasal ab áille ag an gcúirt ríoga i Londain ach ní raibh aon dúil aici sna fir Victeoiriacha. Ní raibh a tuismitheoirí pioc sásta nuair a d’éirigh léi áit a fháil san Académie Julian i bPáras ach d’imigh sí agus fuadar fúithi. 

Ní fada go raibh Constance dallta i ngrá le Casimir Markievicz, staic fir a bhí cláraithe ag an École des Beaux Arts agus ag ligint air féin gur cunta a bhí ann. 

Bhí siad saor ó bhuairt an tsaoil agus iad ag freastal ar chóisirí, ag péinteáil agus ag rothaíocht. Níor thúisce le chéile iad ná go raibh siad pósta. Ar an drochuair, ní raibh cúrsaí polaitíochta i bhfad ag teacht eatarthu nuair a chuir an lánúin nuaphósta fúthu in Éirinn. D’imigh an grá i léig diaidh ar ndiaidh.

Samuel Beckett agus Lucia Joyce 

Is dócha go bhfuil aithne agat ar bhean chéile fhadfhulangach Beckett. Tá Suzanne curtha in éineacht leis ag an Cimetière du Montparnasse, i bPáras (áit, bí cinnte, go mbeadh an boc sin fós ar thóir mná eile dá bhféadfaí in aon chor é). Ach ar chuala tú trácht riamh ar an gcumann idir Beckett agus iníon James Joyce? Bhí Ulysses foilsithe ag Joyce faoin am a tháinig Beckett go Páras. 

Toisc go raibh Joyce ag cailleadh radharc na súl, thosaigh Beckett ag léamh dó, ag glacadh síos nótaí do Finnegan’s Wake. Bhíodh an bheirt acu amuigh ag spaisteoireacht chomh maith. Ach ansin, gan choinne, tháinig deireadh obann leis an gcairdeas. 

Bhí Lucia Joyce craiceáilte i ndiaidh Beckett ach d’admhaigh sé sa deireadh nach raibh mórán spéise aige inti. Bhí fadhbanna meabhairshláinte ag Lucia agus ba throm an buille di nuair a dhiúltaigh Beckett dá cuid spallaíochta. Chaith sí an chuid eile dá saol faoi chúram dochtúra. Ní raibh Carl Jung féin in ann cabhrú léi.

Charles Stewart Parnell agus Katherine O’Shea 

Go bhfóire Dia ort dá dtabharfá ‘Kitty’ uirthi. Masla a bhí ansin a chiallaigh ‘striapach’ i gcaint na sráide. 

Choinnigh an bheirt seo an grá as cuimse a bhí acu dá chéile faoi rún ós rud é go raibh O’Shea pósta cheana féin. Uachtarán Chonradh na Talún ab ea Parnell. Bhunaigh sé Páirtí Parlaiminteach na hÉireann agus bhí sé tiomanta do Rialtas Dúchais a bhaint amach. An Brighton Hotel, 218 Rue de Rivoli a bhí mar cheanncheathrú aige i bPáras. Sa bhliain 1881, d’eagraigh na Parnellites cruinniú ann ach ní raibh tásc ná tuairisc ar Pharnell. D’éirigh a chomhghleacaithe buartha faoi agus d’oscail siad litir a bhí fágtha san óstán dó. Litir ó Katherine a bhí ann. Bhí an rún scaoilte agus níl cur síos ar an gconspóid a spreag sé. Chaill Parnell cuid mhaith dá chuid tacaíochta, bhí a ghairm curtha ó rath agus ní fada go bhfuair sé bás. 

Is fíor gur cathair an ghrá é Páras ach is iomaí cor a chuireann an grá sin de. Ag Dia atá a fhios cathain a bheimid in ann dul ar saoire bheag rómánsúil arís, ach b’fhéidir nach aon dochar é sin. 

Ní hannamh críoch nach raibh beartaithe ar na saoirí sin.

Fág freagra ar 'Je t-aime! Scéalta grá na nGael i bPáras…'