Jackie Power laoch iomána agus peile Atháin

Laochra peile ag Ciarraí a chlann, Ger agus Sheila agus tá bonn Mhic Cárthaigh ag a gharmhac Stiofán McNamara le contae an Chláir

Jackie Power laoch iomána agus peile Atháin

Foireann Luimnigh a bhuaigh an tSraith Náisiúnta Iomána i 1947. Ar chúl ó chlé: An Canónach Punch, Paddy Fitzgerald, Jim Sadlier, Thomas O'Brien, John Barry, Paddy Clohessy, Mick Ryan, Mick Herbert, Jackie Power, Pat O'Reilly. Chun tosaigh ó chlé: Denis Flanagan, Mick Dooley, John Mulcahy, Paddy Collopy, Sean Herbert, Dick Stokes, Paddy Fitzgerald, Tom Cregan.

Sular tháinig an diabhal víreas seo bhí gach uile chosúlacht ar Luimneach gurbh iadsan an rogha do Chorn Mhic Cárthaigh arís i mbliana agus Tiobraid Árann ina gcéilí comhraic acu don chorn.

Dar ndóigh ba sna tríochaidí an uair dheireanach a raibh Luimneach ina máistrí, tráth ar imir siad i gcluiche ceannais na hÉireann ceithre huaire ó 1933 go 1936 agus thugadar an corn luachmhar sin abhaile leo an dara agus an ceathrú bliain acu sin.

Mar bharr air sin d’imríodar sé chluiche ceannais sraithe i ndiaidh a chéile ó 1933 go 1938 agus thugadar an svae leo i ngach ceann acu sin seachas 1933. Nach dtugann na staitisticí sin go léir léargas dúinn ar an seasamh a bhí sna foirne sin agus sna himreoirí iontacha a bhí acu.

Dar ndóigh bhí Mick agus John Mackey, Timmy Ryan, Mick Kennedy agus Pat Clohessy ina gcuid lárnach den fhoireann. Fear eile, nach raibh ann ón tús mar go raibh sé ró-óg, ach a bhí lárnach san fhoireann sula i bhfad ab ea Jackie Power as Athán.

Bhuaileas leis go luath sna hochtóidí agus chaitheas cúpla uair an chloig ina chomhluadar i ndiaidh cluiche éigin. Bhí súilaithne ag m’athair air agus eisean a thosnaigh ag caint leis. Eisean a bhí á cheistiú mar gurbh é a chonaic ag imirt é agus ba aige a bhí an t-eolas ar an méid mór a bhí buaite aige agus ar a fheabhas a bhí sé.

Ní raibh sé naoi mbliana déag féin nuair a thosnaigh sé ag imirt le foireann shinsir Luimnigh i 1935. D’imir sé mar lántosach nuair a bhuadar Craobh na hÉireann i 1936 agus bhí sé sa chúinne don chéad bhua eile a bhí acu i 1940. Ait go leor, ina leathchúlaí clé a bhí sé sna cluichí sraithe a bhuaigh siad sa tsraith i 1936 agus 1937.

Bhuaigh sé ocht mbonn i gcomórtas an Bhóthar Iarainn in ionaid éagsúla ar an bpáirc. D’imir sé mar leathchúlaí agus mar leatosaí láir, i lár páirce, mar leatosaí agus mar lántosaí. Nach dtaispeánann sé sin ilchumas an fhir?

D’imir sé i gcluichí ceannais na Mumhan i 1944, 1945, 1946, 1947 agus 1949, cé nár bhuadar aon cheann acu. Ná déan dearmad go raibh Corcaigh i mbarr a réime sa tír ag an am agus iad ag buachaint ceithre chraobh i ndiaidh a chéile ó 1941 go 1944 agus arís i ’46. Ansin bhuaigh Tiobraid Árann i 1945 agus trí chraobh eile idir 1949 agus 1951.

Thug Luimneach craobh na sraithe leo i 1947 agus Jackie Power fós ina bhall den fhoireann. D’imir sé a chluiche deireanach idirchontae i 1949 nuair a chailleadar cluiche ceannais na Mumhan i gcoinne Thiobraid Árann.

D’imir Power ar fhoireann Atháin agus idir 1934 agus ’55 bhuaigh sé cúig bhonn déag sinsir contae agus mar aon leis sin, thóg sé abhaile cúig cinn don pheil chomh maith céanna.

Ach ní raibh sé réidh fós, mar i 1973, an chéad uair ó 1940 ar thug Luimneach leo Corn Mhic Cárthaigh ba é Jackie Power a bhí ina chóitseálaí ar an fhoireann bhuacach sin.
Chaith sé cuid maith dá shaol ina chónaí i dTrá Lí agus is ann a phós sé agus a thóg sé féin agus a bhean a gclann. Duine den chlann sin é Ger a bhí ina laoch peile le Ciarraí agus a bhuaigh ocht mbonn uile-Éireann. Bhuaigh a iníon Sheila craobh na hÉireann le mná Chiarraí agus a gharmhac Stiofán McNamara bonn Mhic Cárthaigh le contae an Chlár i 1995.

Sea, sin é Jackie Power laoch láidir ildánach dochloíte Luimnigh.

Ba mhaith é féin agus Mick Mackey ar fhoireann Atháin na linne.

Fág freagra ar 'Jackie Power laoch iomána agus peile Atháin'