Jackie Chan i mBéal Feirste leis an ‘Authentic IRA’ – ní áiféis go dtí é

Saothar liobarnach agus áiféiseach é ‘The Foreigner; ach scannán aicsin réasúnta é ag an am céanna

Jackie Chan i mBéal Feirste leis an ‘Authentic IRA’ – ní áiféis go dtí é

The Foreigner
Stiúrthóir: Martin Campbell
Cliar: Jackie Chan, Pierce Brosnan, Orla Brady, Charlie Murphy, Rory Fleck Byrne, Michael McElhatton

Jackie Chan i mBéal Feirste, Pierce Brosnan, ag léiriú carachtar a bhfuil an-dealramh aige le Gerry Adams, saoiste Casino Royale 2006 ar an stiúir agus caidreamh gnéis a mheabhródh castróvaics collaíochta Game of Thrones duit.

An t-ábhar iontais is mó ná nach truflais amach is amach atá anseo. Nílim ag maíomh go mbeidh an táirge seo ar thosach cadhnaíochta ar oíche Oscar ná faic ach is scannán aicsin stuama go maith atá anseo.

Ag tosach an scannáin címid Quan (Chan) ag tabhairt a iníne chuig siopa gúnaí. I bhfaiteadh na súl tá buama pléasctha agus maraítear mórán, iníon Quan san áireamh. Tá’s ag madraí an bhaile go gcuirfear feachtas foréigneach díoltais sa tsiúl.

Sa chéad radharc eile címid Liam Hennessey (Brosnan) carachtar a bhfuil an-dealramh aige le hAdams lena fhéasóg agus spéaclaí. Tá Hennessey leathnocht sa leaba agus bean óg (Murphy) taobh leis. Leis na tagairtí dó mar ‘Deputy First Minister/Deputy Irish Minister,’ iarbhall den IRA agus comhairleoir de chuid  Shinn Féin, shamhlófá go raibh meascán de Martin McGuinness i gceist chomh maith.

Treisítear sin nuair a luaitear an leasainm tarcaisneach ‘Butcher of the Bogside’ leis. Chaitheas gáire a dhéanamh nuair a chaith a bhean Mary (Brady) slais leis taobh thiar dá dhroim maidir lena chuid iarrachtaí greim a choimeád ar a chuid cumhachta:

‘He’s just a washed up old man trying to hold on to whatever he can.’

Tá an saol ag dul go maith dó lena oifig ghalánta, ‘Jag’ agus tithe tuaithe is cathrach a bhfuil cuma an airgid orthu. Déantar tagairtí don ‘accord’ síochána agus an chontúirt a bhaineann leis an ‘Authentic IRA’.

Iarrachtaí ciotacha craiceann na fírinne a chur ar chúrsaí. Cé nach n-éiríonn leis an mBrosnachánach bocht dul i ngleic go hiomlán leis an tuin chainte ní raibh sé chomh holc is a cheapas agus bhí seo i bhfad Éireann níos fearr ná iarrachtaí eile uaidh – Evelyn (2002)  mar shampla.

Seo chugainn Chan isteach go Latharna ina mhótar. Sinn ag tnúth go dtosóidh sé lena ghníomhartha gaisce is ciceála. Tá draoi na troda trí bliana le cois na trí scór rud a fhágann nach bhfuil an aclaíocht chéanna ann is a bhíodh.  Níl an oiread sin radharcanna comhraic ann, dá réir, ná an oiread sin fuadar is áiféis iontu ach an oiread.

Fan na slí cuirtear meascán mearaí de charachtair agus plotaí beaga os ár gcomhair. Bean chéile Hennessy, Mary, á léiriú ag Orla Brady, Murphy mar an bhean luí a bhfuil uisce fé thalamh inti agus Byrne mar gharmhac le Hennessy a bhfuil caidreamh collaí aige le Mary. Go deimhin bhí an oiread sin uisce fé thalamh agus camastaíola ann gur dheacair d’aird a dhíriú air. Sinn á dtabhairt ó Londain go Tuaisceart Éireann agus go Nua-Eabhrac féin ar feadh scaithimh.

Tá Chan ag rómhar leis go beagfhoclach i rith an ama agus a ghníomhartha gaisce ag meabhrú laoch atá ina mheascán de MacGyver agus gaiscíoch Liam Neeson ó Taken.

Saothar liobarnach agus áiféiseach ach scannán aicsin réasúnta ag an am céanna.

Fág freagra ar 'Jackie Chan i mBéal Feirste leis an ‘Authentic IRA’ – ní áiféis go dtí é'

  • Pádraig

    Náire orm a admháil ach gur chuir mé amú uair go leath i mo luí ar tholg ag breathnú ar an ráiméis seo. Idir scéal aiféiseach, glór Brosnan, bolscaireacht seafóideach frith-phoblachtánach, caithfidh a rá gurbh é an t-iontas is mó a bhuail mé ná go bhfuair a leithéid maoiniú le scannán a dhéanamh!