‘I’ve been saved!’ – An tseanchúirtéis agus ‘Silent Sam’ i ndeisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá

Bhí ár gcolúnaí i ndeisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí, mar a bhfuair sí blaiseadh den soiscéal, idir shean agus nua

‘I’ve been saved!’ – An tseanchúirtéis agus ‘Silent Sam’ i ndeisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá

Dealbh 'Silent Sam' i Chapel Hill

Chonaic mé an póstaer mór lámhdhéanta sa bhfuinneog. ‘Thank You Jesus,’ a scread sé. Siopa beag seandachtaí in Carolina Thuaidh a bhí ann, agus bhí mé ag tóraíocht seanphíosaí gloine do bhord na cisteanaí. Agus bhí bean an tsiopa lách, cineálta leis an gcuairteoir seo as Éirinn. Thug sí lascaine breá dom ar dhá sháiltéar bheaga- ‘salts’ a thug sí orthu- tar éis a sheiceáil lena fear céile go raibh siad sách sean le ‘antiques’ a thabhairt orthu.

Deich ndollar ina póca aici, agus bhí sí ar misean.

‘Did ya know that Jesus loves you?’ a d’fhiafraigh sí díom. ‘Oh yes, he sure does,’ lean sí uirthi, amhail is gur thuigeamar beirt gur peacach mé ach fós, go raibh grá ag Íosa dom.

Ba é an chéad uair é gur chas mé le ‘Evangelical’ – nó ’Soiscéalaí’ – i Meiriceá. Agus seo muid i Stát de chuid an Deiscirt, áit atá breac le séipéil bheaga den uile chineál. Agus ba é an chéad uair é go ndearnadh iarracht mé a shábháil. D’éalaigh mé as an siopa.

Is cuid de ‘bhlas’ an Deiscirt é. Tá an tseanchúirtéis sin, ar chuid dhlúth de nósmhaireacht an Deiscirt í, ann freisin agus í le brath chuile áit a dtéann tú.

Níl an cogadh cathartha ligthe i ndearmad acu ach oiread. Is féidir leat dollair bhréige ‘Confederate’ a cheannach nuair a thugann tú cuairt ar Fheirm Bennett in Carolina Thuaidh.  Seo an áit dheiridh ar ghéill Arm na gCónaidhmeach don Ghinearál Sherman sular shínigh siad an conradh síochána a chuir deireadh leis an gcogadh in 1865.

Agus nuair a deirim nach bhfuil sé ligthe i ndearmad, is cúis mhór conspóide é an cogadh i Meiriceá fós féin. Tugtar faoi deara bratacha de chuid an ‘Confederacy’ ag cruinnithe agus ag agóidí nuair a bhíonn lucht na heite deise – agus i bhfad ar dheis- i láthair.

Ceann de na rudaí a chuireann as go mór do dhaoine anois, ná go bhfuil an t-uafás leachtanna cuimhneacháin agus dealbha ach go háirithe, a bhaineann le ‘laochra’ an Chogaidh Chathartha, fós crochta in áiteanna poiblí agus ómós á thaispeáint dóibh. Deirtear go bhfuil os cionn 140 díobh in Carolina Thuaidh leis féin. Go hiondúil is saighdiúirí agus ceannairí ón ré sin atá á gcomóradh acu. Tá ceann amháin i gcampas na hOllscoile, i Chapel Hill- ‘Silent Sam’, a thugtar air.

Bhí agóidí faoin dealbh áirithe seo agus mic léinn ag iarraidh go mbainfí anuas é. Tá raidhfil ina lámha aige agus tugadh an t-ainm ‘Silent Sam’ air toisc, dúradh, nach raibh an gunna lódáilte.

Tá na scoilteanna sa phobal i gcoitinne níos follasaí le tamall anuas. Níor léir go raibh tacaíocht ar bith ag dreamanna a bhí ar son an ‘Confederacy’ go dtí i mbliana. Ach tá daoine amhail Steve Bannon breá sásta úsáid a bhaint as an luí atá ag daoine áirithe leis an tseandílseacht. ‘I’m from Richmond, Virginia, the capital of the Confederacy,’ a dúirt sé an lá cheana agus é ag ollchruinniú vótóirí do Roy Moore in Alabama. Chaill Moore.

Ach, a deir tú, cén dochar atá sa gcaint seo ar fad? Becky bhocht agus í ag iarraidh a cuid custaiméirí a shábháil – nach deas an rud é sin? Nach Críostaithe iad ar fad, na Soiscéalaithe nó na Evangelicals seo? Níl aon dochar ná mailís iontu. Ní mharóidís thú?

Sin a cheap Jen Hatmaker, bean mhór le rá i measc phobal na Soiscéalaithe i Meiriceá. Bhí leathmhilliún de lucht leanta Facebook aici. Údar leabhar ar na liostaí díolacháin ab fhearr a bhí inti agus thug sí cainteanna agus ghairm ollchruinnithe ar fhreastail na sluaite orthu. Roimh an toghchán anuraidh, d’fhógair sí go raibh sí in éadan Donald Trump. Go deimhin, tháinig dream le chéile faoin mbratach ‘Never Trump’. Níor cheapadar go mbuafadh sé.

Ó shin, tá saol Hatmaker athraithe ó bhun. Tosaíodh feachtas meán sóisialta ina coinne, cuireadh ráflaí sa timpeall maidir léi féin agus a clann agus labhair daoine lena cuid páistí fúithi. Fuair sí bagairtí dúnmharaithe. Bhí faitíos uirthi dul taobh amuigh den teach. Ach throid sí ar ais. Go deimhin, thóg sí seasamh cróga ar son pósadh comhghnéis. Níor thaitin sé sin le dream mór de chuid na Soiscéalaithe ach fuair sí tacaíocht in áiteanna eile.

Tá an ghluaiseacht chomh scoilte anois agus oiread sin faitís ar dhaoine dul in aghaidh srutha, go bhfuil cuid de na Soiscéalaithe a bhí i gcoinne Trump sa rás Uachtaránachta, anois ag tabhairt tacaíocht dó. Comhartha é sin den scoilt sa saol i Meiriceá – tá tú ar thaobh amháin nó ar thaobh eile. Is cuma cén ‘peaca’ atá ar anam duine – is féidir é a shábháil.

Agus sula dtosaíonn muid ag caitheamh spallaí le daoine thall i Meiriceá de bharr a ndearcadh ‘creidimh’ agus an chaoi a gcaitear le daoine nach den chreideamh céanna iad, ní mór dúinn breathnú ar ár stair ársa féin.

Laoch mór as mo cheantar dúchais féin (Contae Ros Comáin), ab ea an Dr Dubhghlas de hÍde, chéad Uachtarán na hÉireann. Beagnach 80 bliain go ham seo, i mí na Nollag 1938, tháinig sé salach ar shoiscéalaithe CLG. Baineadh Pátrúntacht Chumann Lúthchleas Gael den Uachtarán toisc go ndeachaigh sé ag cluiche sacair.

Agus nuair a fuair sé bás i 1949, tugadh sochraid Stáit dó. Ach d’fhan Airí Rialtais an Stáit seo taobh amuigh de dhoras Ard-Eaglais Naomh Pádraig le linn an tsearmanais toisc gur Protastúnach a bhí ann. Cé acu a bhí ‘slán’ an t-am sin?

Fág freagra ar '‘I’ve been saved!’ – An tseanchúirtéis agus ‘Silent Sam’ i ndeisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá'