‘It is all set up through English only’ – cúig rud a d’fhoghlaimíomar ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga

Foilsíodh inniu Tuarascáil Bhliantúil 2022 an Choimisinéara Teanga, an tuarascáil dheireanach ag an iarchoimisinéir, Rónán Ó Domhnaill. Seo cúig rud ar thugamar suntas dóibh…

‘It is all set up through English only’ – cúig rud a d’fhoghlaimíomar ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga

1. Chomh ceanndána le Comhairle Contae Chorcaí

Bíonn comhlachtaí poiblí níos ceanndána ná a chéile agus iad ag plé a ndualgas teanga le hOifig an Choimisinéara Teanga. Is léir gurbh iad Comhairle Contae Uíbh Fhailí an dream ba cheanndána ar fad agus deir tuarascáil an Choimisinéara nach bhfacthas a sárú riamh cheana ó thaobh na stóinsitheachta de. Fiú an chúirtéis ghairmiúil féin, ní raibh sé ar fáil ó Chomhairle Contae Uíbh Fhailí.

Ach ní haon dóithín Comhairle Contae Chorcaí ach oiread fad is a bhaineann sé leis an gceanndánacht. Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí na dualgais reachtúla teanga atá orthu nuair a d’fhoilsigh siad a nDréachtphlean Forbartha Contae i mBéarla amháin agus nuair a d’úsáid siad logainmneacha neamhoifigiúla Béarla.

Na sáruithe ceannann céanna a bhí i gceist nuair a dhein an Coimisinéir imscrúdú eile faoin gcomhairle in 2017. Ach an léiriú is fearr ar righneas Chomhairle Contae Chorcaí ná cás na logainmneacha neamhoifigiúla Béarla.

Le linn an imscrúduithe, mhaígh lucht na comhairle go raibh gach a bhféadfaí a dhéanamh déanta acu le cloí lena bhfreagrachtaí i leith logainmneacha Gaeltachta.

Mar fhreagra ar an maíomh áiféiseach sin, chuir an Coimisinéir Teanga ar a súile dóibh go raibh an leagan ‘Ballyvourney’ seacht n-uaire ar aon leathanach amháin ina bplean.

 

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

2. ‘Níl aon Ghaeilge ag an ríomhaire‘

‘We don’t currently offer an Irish Language portal for our site. It is all set up through English only.’

Sin an freagra a fuair duine ón FSS nuair a dhein sé gearán leo nach raibh sé ábalta coinne a dhéanamh dá pháiste don vacsaín phaplómaivíris dhaonna (HPV).

‘Níl aon Ghaeilge ag an ríomhaire’ ceann de na leithscéalta is coitianta a bhíonn ag comhlachtaí poiblí leis an dlí teanga a shárú.

Ar an teicneolaíocht seachas an dream atá ina bun a chuirtear an milleán go minic nuair a dhéantar cearta teanga a cheilt ar an bpobal. Is minic a ghéilltear go bhféadfaí an teicneolaíocht a leasú chun freastal ar phobal na Gaeilge ach thógfadh sin an iomarca ama, a deirtear. Am na práinne a bhíonn ann aon uair go ndiúltaítear cearta teanga.

I gcás na HSE, mar a tharla go minic le linn na paindéime, maíodh go bhféadfadh beatha daoine a bheith i mbaol dá dtosnófaí ag útamáil leis an gcóras ar mhaithe le seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge.

Nuair a tháinig sé chun solais in 2021 nach bhféadfaí clárú i nGaeilge do vacsaín in aghaidh an Covid-19, dúirt an HSE go rabhthas “ag obair go práinneach” ar leagan Gaeilge den tairseach sin a chur ar fáil. Tháinig deireadh leis an bpaindéim sular éirigh leo sin a dhéanamh.

Tá práinn agus práinn ann, is léir.

3. Brú ama

Bíonn ‘brú ama’ mar leithscéal go minic ag comhlachtaí poiblí nuair a theipeann orthu cloí lena ndualgais teanga.

Tóg Iarnród Éireann, mar shampla, dream a chuaigh céim níos faide fós agus a chuir an locht as a siléig i leith na teanga ar bhrú ‘fíor-ama’.

Bhain an t-imscrúdú a deineadh faoi Iarnród Éireann le córas comharthaíochta nua i Stáisiún Uí Chonghaile a bhí i mBéarla amháin.

Eolas ‘fíor-ama’ a bhí ar na comharthaí faoi am teachta agus imeachta, uimhir ardáin agus ceann scríbe na dtraenacha.

Cé gur ghlac Iarnród Éireann leis go raibh sárú déanta acu ar an dlí, mhaígh siad nach raibh aon rogha eile acu mar go raibh sé riachtanach go mbeadh an t-eolas sin ar fáil do chustaiméirí agus ní fhéadfaí é a chur ar fáil i nGaeilge.

Cad ina thaobh?

Cad eile ach “fadhbanna teicniúla le seanchórais ríomhaireachta a bhí ag imeacht as feidhm agus a raibh ag cliseadh orthu”.

Bogearra a bhí “róshean” agus “nárbh fhéidir leis glacadh ach leis an eolas i mBéarla amháin”.

Idir na dá linn, mura mbeadh an t-eolas ar fáil ní bheadh tuairim ag paisinéirí an ag teacht nó ag imeacht a bhíodar. Ní bheadh a fhios acu dá mbeadh athrú ardáin i gceist nó moill ar thraein.

Níos measa ná sin, bheadh “contúirt” ó thaobh na sábháilteachta ann mura gcuirfí na comharthaí Béarla amháin suas láithreach. Bheadh an áit ina chíor tuathail agus daoine ag rith timpeall an stáisiúin agus ag “plódú” isteach faoi dhithneas ar thraenacha. D’fhág sin Iarnród Éireann “idir long agus lamairne”, a dúirt siad. Chaithfí an córas nua comharthaíochta a chur i bhfearas gan mhoill in ainneoin go raibh forálacha reachtúla teanga á sárú.

Dar leis na gCoimisinéir Teanga, áfach, nach ar an seana-bhogearra amháin a bhí an locht go léir faoin mbrú ama a d’fhág go raibh rogha an dá dhíogha ag Iarnród Éireann – a ndualgas sollúnta i leith na Gaeilge a shárú nó a bpaisinéirí a chur i mbaol.

Dúirt an Coimisinéir go ndein sé imscrúdú cheana ar Iarnród Éireann a bhain le comharthaí an chomhlachta. Mar chuid den imscrúdú sin in 2018, chuir sé sraith moltaí faoi bhráid an chomhlachta a chinnteodh go mbeidís ábalta cloí lena ndualgais reachtúla teanga feasta.

Bheifí ag súil, mar sin, go mbeadh na forálacha reachtúla teanga go mór sa treis agus aon chóras nua á bheartú, arsa an coimisinéir.

Bheifí, ach má bhí Iarnród Éireann cráite faoin gcinneadh a bhí le déanamh acu maidir leis an gcóras nua, ní raibh aon taifead ar fáil uathu d’aon phlé a bhí ann faoi cheist na Gaeilge.

Gheall Iarnród Éireann go gcuirfear an scéal ina cheart nuair a bheidh bogearra nua forbartha acu in 2025. Mheabhraigh an Coimisinéir Teanga dóibh go raibh dualgais reachtúla orthu i dtaobh na comharthaíochta dátheangaí ó tugadh isteach Acht Iompair 1950.

Anois, sin fanacht fada ar chearta teanga.

 

Comhairle Contae Chorcaí

4. Fadhbanna aistriúcháin…

Bíonn deacrachtaí i gcónaí ag comhlachtaí poiblí seirbhísí aistriúcháin a fháil in am. Mhaígh Comhairle Contae Chorcaí, mar shampla, nach raibh aon rogha acu ach a ndréachtphlean forbartha a fhoilsiú i mBéarla amháin.

“Baineann ceist an aistriúcháin leis an amlíne atá tugtha dúinn chun an obair seo a dhéanamh,” a dúirt siad.

An 1 Aibreán 2021 an dáta deiridh a tugadh d’fhaomhadh an phlean agus chaithfí é a fhoilsiú ar an 22 Aibreán.

Ach breis is bliain roimhe sin, ar an 12 Márta, a d’fhógair an Chomhairle go raibh dréachtphlean forbartha á ullmhú acu.

Seacht mí ina dhiaidh sin a dheineadar teagmháil leis an Oifig um Sholáthar Rialtais faoi chomórtas tairisceana a chur ar bun chun teacht ar sheirbhís aistriúcháin Ghaeilge.

5. Comhoibriú…

Deir an Coimisinéir Teanga gur “iondúil go mbíonn cúirtéis ghairmiúil agus cumarsáid thráthúil” ar fáil ó chomhlachtaí poiblí. Dhá shampla den chomhoibriú fiúntach sin a luann sé ná cás RTÉ agus cás na Seirbhíse Cúirteanna. Chinn an Coimisinéir in 2018 gur fhág a laghad cláracha Gaeilge a bhíodh á gcraoladh ar RTÉ go raibh sárú tromchúiseach á dhéanamh acu ar an dlí teanga

“Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-uaireanta craolta Gaeilge ar sheirbhísí teilifíse RTÉ agus tuilleadh fós le teacht,” a deir na Coimisinéir.

Deir an Coimisinéir gur mór aige an comhoibriú a chuir RTÉ ar fáil dó agus faireachán leanúnach á dhéanamh aige ar an eagraíocht le roinnt blianta anuas.

Léirigh imscrúdú gur sháraigh an tSeirbhís Cúirteanna an dualgas reachtúil teanga atá orthu a chinntiú go bhféadfaidh duine an Ghaeilge a úsáid i gcúirt agus nach mbeadh an duine sin faoi mhíbhuntáiste dá roghnódh sé éisteacht a fháil ina rogha teanga oifigiúil. Chuir an Coimisinéir Teanga roinnt moltaí faoi bhráid na seirbhíse mar chuid den imscrúdú agus mhol sé go ngabhfaí leithscéal leis an té a dhein gearán leis toisc nár cuireadh ateangaire ar fáil dó dá éisteacht. Go gairid ina dhiaidh sin thug an tSeirbhís Cúirteanna le fios go raibh na moltaí á gcur i bhfeidhm acu agus go raibh leithscéal gafa leis na ngearánaí.

“Tar éis dúinn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh mholtaí an imscrúdaithe, táim sásta go bhfuil cleachtais in áit ag an tSeirbhís Cúirteanna chun déileáil le hiarratais a fhaightear ar Ghaeilge a úsáid sa chúirt agus gabhaim buíochas leis an tSeirbhís Cúirteanna as a comhoibriú,” arsa an t-iarchoimisinéir teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Fág freagra ar '‘It is all set up through English only’ – cúig rud a d’fhoghlaimíomar ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga'

  • Oisín T.Ó.N.

    Níl mé in ann níos mó ná dhá alt den scéal seo a léamh. Cuireann sé an iomarca feirge orm.

    Bhí ormsa dul ar imirce chun obair a fháil – agus bíonn daoine mar seo fágtha in Éirinn ag stiúradh na tíre – Jabanna compordacha poiblí le pinsin deas acu agus iad ag úsáid na pribhléide sin chun mún ar mhionphobal sa tír agus seirbhísí maithe a dhiúltú dóibh.

    Is léir go gcreideann siad go bhfuil an Béarla níos fearr ná an Ghaeilge – agus gur rud seafóideach nó lofa aon teanga nach Béarla í – go háirithe mionteangacha laga ar nós na Gaeilge. Ag breathnú ar chúrsaí ón taobh amuigh isteach, sé an rud a fheicim na:
    Anglophone supremacy.
    “Tá mise aonteangach i mBéarla – tá cumhacht agam – ba chóir go mbeadh an domhan ar fad aonteangach i mBéarla domsa”.
    De réir cosúlachta.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bhoil, nílthar ag inse a dhath úr anseo cé gur maith an rud go bhfuilthear á léiriú go poiblí ar an nuachtán seo. Is briseadh croí a bhíonn ann domhsa ag cuir gearán le chéile, á sheoladh chuig an eagraíocht poiblí/stáit agus chuig an Choimisinéir Teanga agus, cé nach mbím ag dréim le mórán de fhreagra ón eagraíocht stáit, is minic a fhaighim, freagra ón Choimisinéir Teanga nach dtagann an seirbhís/eagraíocht stáit sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
    Tá an scéal céanna ag an earnáil phríobháideach – ní aithníonn an ríomhaire an fada, tá na focail Gaeilge ró-fhada, cosnaíonn sé barraíocht airgid agus cé go díreach a bheas ag úsáid an rogha Gaeilge? Chan seo rud ar bith úr ach tá sé samhnasach agus taispeánann sé an easpa suime/tuigbhéala atá ag muintir na hÉireann ar theangacha, an meoin intinne atá ag Éireannaigh ar an Bhéarla, an easpa cleachtadh atá acu ar scríobh agus léamh na Gaeilge.
    Ba mhaith liomsa admhálacha go hiomlán i nGaeilg a fheiceáil ó shiopaí miondíola sa Ghaeltacht ach cé atá ag forbairt na teicneolaíochta chun seo a chuir i bhfeidhm? Nuair atá admhálacha ar fáil i dteangacha Eorpacha ar mhór-roinn na hEorpa cad chuige nach dtig admhálacha i nGaeilg amháin a chuir ar fáil sa Ghaeltacht nó i siopa miondíola ar bith in Éirinn?? Spreagadh do thurasóirí le píosa Gaeilge a fhoghlaim b’fhéidir? Cad chuige a bhfuil buaireamh ar lucht gnó lena leithéid de sheirbhís a chuir ar fáil? Bhoil, chaithfeadh an fhoireann ghnó (na freastalaithe) an Ghaeilg a thuigbhéal ar dtús báire agus caidé mar a dhéanfaí sin nuair a bhíonn freastalaithe gan focal Gaeilge ina smut acu á earcú ag bainisteoirí shiopaí Ghaeltachta?? Dá mbeadh coinníoll Gaeilge sa Ghaeltacht an mbeadh sé ina chuidiú? Dá mbeadh seirbhís aistriúcháin saor in aisce d’eagraíochtaí Gaeltachta an mbeadh sin ina chuidiú?
    Mhol mé seo roimhe ach sílim go mba cheart an phleanáil teanga bheith ar fud na tíre diomáite do bheith dírithe ar cheantair Gaeltachta amháin. Agus b’fhiú do bheith mar ábhar foghlama ag daltaí scoile, micléinn ollscoile, ábhair múinteoirí agus polaiteoirí ar fud na tíre.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!

  • Carraig53@protonmail.com

    Ní thuigim an dream seo a bhfuil col acu le teanga, le teanga ar bith nó le cultúr ar bith ar domhan. Go háirithe an dream sin a bhfuil col acu lenár dteanga dúchais féin agus a bhfuil de stair, d’fhilíocht, de litríocht, de cheol, de bhéaloideas, de ghaois, de sheanfhocail, de sheorthaí cainte, d’ársaíocht, de mhiotais, de logainmneacha ár muintire folaithe inti. An bhfuil siad in aghaidh gach gné nó gach luach acu sin den teanga freisin? Cén bunús atá acu lena naimhdeas? Ar pléadh riamh leo é nó ar ceistíodh iad faoi? An fíor gur dream iad na Comhairleoirí atá ionadaíoch ar ghnáth-mhuintir na hÉireann?Ach an bhfuil siad in aghaidh teangacha eile freisin, seachas an Béarla, agus a bhfuil de chultúr ionchollaithe sna teangacha sin? Nó an gceapann siad nach fiú tráithnín aon chultúr eile ar domhan seachas cultúr an Bhéarla (feic:
    ‘In Bruges’ , mar shampla)? Nó an amhlaidh gur dream iad (agus siod í an fhírinne shearbh dar liom) nach bhfuil cur amach dá laghad acu ar theanga ar bith eile nó ar chultúr ar bith eile seachas an cultúr Angla-Mheiriceánach? Nach ann, dar leo, d’aon chultúr fiúntach eile taobh amuigh de sin? Más fíor sin nach bocht, nach buailte, nach cúng, nach cóilínithe an cine sinn…cine a chanann arís is arís eile
    ‘The Fields of Athenry’ (amhrán a ceapadh faoin nGorta Mór) ar ócáidí gairdis, gleáchais agus ceiliúrtha, ar ócáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Nach léiriú eile é sin ar chine atá dall amach is amach ar stair a dtíre agus a n-aineolas á fhógairt go feilmeanta os comhair an tsaoil mhóir acu i ngan fhios dóibh féin! Cuir i bhfáth leis (gan ach sampla amháin eile a lua) an sceanairt atá déanta ar áitainmneacha na hÉireann faid a ritheann, ag na Comhairlí ceannasacha céanna. Conas a d’fhéadfaí a bheith ag súil lena mhalairt ó na Comhairleoirí-Ainniseoirí sin? Go mbeadh meas acu ar ár n-oidhreacht ársa? Mo thrua do cheann cipín!

  • Epghan Ó Néill

    Jab riachtannach crua é ceann an Choimisnéara Teanga ag seasamh an fhóid in aghaidh na nAnglos a bhfuil an dearcadh céanna acu i leith ardchémíocht an bhéarla is a bhí ag Daniel Ó Conaill agus ní ar an ghaelig amháin a bhfuil a ndrochmheas ach ar theangacha eile na cruinne fosta