‘It doesn’t matter where you come from’ –cur síos fhear Harland and Wolff ar agóid Ghaeilge

Tá cur síos déanta ag oibrí de chuid Harland and Wolff ar conas mar a tharla sé go raibh sluán Gaeilge á úsáid aige féin agus a chomhghleacaithe inné agus tá mórán meallta ag a raibh le rá aige

‘It doesn’t matter where you come from’ –cur síos fhear Harland and Wolff ar agóid Ghaeilge

Tá go leor daoine meallta ag an chur síos atá déanta ag oibrí de chuid Harland and Wolff ar an agóid Ghaeilge a rinne sé féin agus a chomhghleacaithe inné.

Agus é faoi agallamh ag Q Radio, rinne Joe Passmore cur síos ar an chairdeas a d’éirigh idir oibrithe an an longtógálaí iomráitigh agus An Dream Dearg, lucht an fheachtais ar son achta Gaeilge ó thuaidh.

Bhí an dá dhream i mbun agóide le linn chuairt Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson ar an Tuaisceart inné.

Agus aird á tarraingt acu ar chás an longchlóis atá i mbaol a dhúnta, chualathas oibrithe Harland and Wolff i mbun cantaireachta i nGaeilge agus ‘Sábháil ár gclós!’ á fhógairt acu.
Agóid

Bhí go leor daoine meallta ag caint Joe Passmore agus míniú an cheardchumainnaí ar conas mar a tharla sé go raibh sluán Gaeilge á úsáid aige féin agus a chomhghleacaithe inné.

San am a caitheadh ba chomhartha sóirt a bhí in Harland and Wolff ar an scoilt i sochaí an Tuaiscirt idir Protastúnaigh agus Caitlicigh.

Le linn na 1920idí díbríodh oibrithe Caitliceacha ón longchlós agus bhí sé ina shiombail ar feadh i bhfad ar an choincheap de Stát Protastúnach don phobal Protastúnach.

Dúirt Joe Passmore gur léirigh eachtra an lae inné “cairdeas” mhuintir an Tuaiscirt.

“Bíonn a dtuairimí agus a n-agóidí féin ag gach duine ach léirigh sé cairdiúlacht mhuintir Thuaisceart Éireann, is cuma cén chúis atá agat nó cé thú fhéin nó cad as duit,” a dúirt Joe Passmore.

Chuaigh an eachtra i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus tagraíodh di ar chláir nuachta an BBC agus UTV.

Fág freagra ar '‘It doesn’t matter where you come from’ –cur síos fhear Harland and Wolff ar agóid Ghaeilge'

  • Eoin Ó Murchú

    Cuireann sé i gcuimhne dom an eachtra a tharla ag cuimheachán Wolfe Tone sna triochaidi nuair a rinneadh iarracht an Republican Congress a chur ón mór-shiul. Bhí a lán Protastúnaigh as Béal Feirste ann, agus cualathas an sluán iontach sin nuair a thosaigh an raic “Come on the Shankill”. Go dtaga an lá sin arís.