Ísiltíreach mná ag tuíodóireacht ar theach Noël Browne i gConamara

An aimsir is an doineann na dúshláin is mó roimh an tuíodóir

Ísiltíreach mná ag tuíodóireacht ar theach Noël Browne i gConamara

Marika Leen. Pictiúr: Áine Ní Fhinneadha

Tá cuid mhaith den samhradh caite ag an tuíodóir Marika Leen ag cur brat nua tuí ar theach an pholaiteora agus an dochtúra Noël Browne ar an gCloich Mhóir i gCois Fharraige agus is slachtmhar é toradh a cuid oibre.

Thart ar an mbliain 1800 a tógadh an teach ceithre sheomra is dhá lochta agus is beag a shíl muintir Con Ríogh agus na Curraoinigh a bhí sa teach sin le 200 bliain gur bean anall as an Tír faoi Thoinn nó an Ísiltír a bheadh ag tuíodóireacht ar an díon sin in 2021.

An bochtanas agus an easláinte a chuir an ruaig ar an mBrúnach agus a theaghlach as an tír seo ina óige agus ní raibh Marika Leen ach 15 bliana déag nuair a thug sí na cosa léi as an Ísiltír agus fuair clúid, cairdeas agus ceird i gCillín a Díoma i gceantar Bhaile Locha Riach.

Triúr deartháireacha de mhuintir Fhathaigh a bhí amach go maith sna blianta a thug tearmann agus ceird na tuíodóireachta di. Is maith a thug an tÍsiltíreach óg léi a ceird agus tá an oiread oibre anois aici agus a fhágann cruógach í seacht lá na seachtaine.

Pictiúr: Áine Ní Fhinneadha

Tuíodóir é a fear céile chomh maith ach go bhfuil na glúine róchraiplí anois le bheith ag rith suas agus anuas dréimirí.

Ní hionann agus na tuíodóirí a mbíodh cleachtadh orthu i gConamara is giolcach a bhíonn ag Marika seachas an tuí. Cuireann sí slatacha miotail trasna ar na punainn agus feistíonn sí daingean ar an díon iad leis na scoilb. Í féin a réitíonn na scoilb agus thaispeáin sí cuid de scoilb na seantuíodóirí dom. Sa gcré le fada an lá atá na tuíodóirí ach tá a gcuid scolb slán folláin.

Nuair a d’fhiafraigh mé di cén chaoi a raibh sí in ann déanamh gan cúntóir nó freastalaí, “déanann tú an t-ullmhúchán roimh ré”, a freagra.

Is beag an t-iontas go mbíodh an cailín óg ag cuimhneamh a bheith ina lúthchleasaí téide ina hóige mar gur geall le rinceoir bailé nó druid í ag sodar ar an díon tuí moch is déanach.

I dtús na bliana seo a cuireadh teach ceann tuí an pholaiteora ar liosta na bhfoirgneamh atá faoi chosaint ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, nó Taifead ar Dhéanmhais Chosanta mar a thugtar ar an liosta sin go hoifigiúil.

Bhí Nollaig de Brún ina chónaí sa teach sin ó dheireadh na seascaidí go lá a bháis agus is mór an t-ardú croí a thabharfadh sé dó ceardaí ban a fheiceáil ag cleachtadh na ceirde traidisiúnta a raibh oiread sin measa aige uirthi. Leathmhíle siar uaithi i reilig Mhaírois atá sé féin agus Phyllis faoi shuaimhneas ach is cinnte go bhfuil a spiorad agus lorg a láimhe go láidir ar an tseansráid.

Níl aon Ghaeilge ag Marika ach deir sí nár chuir an Ghaeilge aon mhairg ar a clann, daoine fásta anois, agus iad ar scoil “mar go raibh seanchleachtadh acu ar an dátheangachas agus gur mhór an cuidiú dóibh é”.

Pictiúr: Áine Ní Fhinneadha

Tá an tuíodóireacht fairsing san Ísiltír, a deir sí, ach gur tharla an t-athrú ón tuí go dtí an tslinn níos túisce thall ná in Éirinn. Comhartha “stádais is rachmais” anois atá sa tuí a bheith os do chionn san Ísiltír agus ar ndóigh a deir sí “tá aeráil nádúrtha” sa tuí.

Eachréidh na Gaillimhe an baile ag Marika agus is léir gur dea-theist a thug sí ar an tír mar phós beirt deirfiúracha léi Éireannaigh agus tháinig a hathair anall anseo agus é ar scor.

“Ceird í seo a d’fhéadfadh aon duine a fhoghlaim,” a deir Marika. “Bheadh printíseach ar an díon ag tuíodóireacht sa gcéad seachtain oiliúna agus ag cur snas ar an gceird uaidh sin amach.”

An dúshlán is mó roimh an tuíodóir? “An aimsir is an doineann!”

Fág freagra ar 'Ísiltíreach mná ag tuíodóireacht ar theach Noël Browne i gConamara'