Is trua gur tugadh an chluas bhodhar do mholadh Uachtarán na hÉireann faoin tsíocháin

Is trua nach labhraíonn an Rialtas amach ar son na síochána, mar a mhol an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn 

Is trua gur tugadh an chluas bhodhar do mholadh Uachtarán na hÉireann faoin tsíocháin

Agus é seo á scríobh agam, tá an iarracht teacht ar réiteach ar chogadh na hÚcráine idir dhá cheann na meá. Tá leideanna ann go gcaithfeadh an Úcráin glacadh leis nach mbeidh siad páirteach in NATO agus nach mbeidh aon ionaid mhíleata san Úcráin ag tíortha eile.

Sin é, ar ndóigh, an príomhéileamh a bhí ag na Rúisigh sula ndearnadh an t-ionradh.  Dá ndéanfaí idirbheartaíocht chuí faoin éileamh sin ag an am ní bheadh aon chogadh ann.

Tá deacrachtaí ann i gcónaí, is cosúil, faoin éileamh nach ndéanfar éagóir ar na pobail nár aontaigh leis an coup is nach mbeidh lucht labhartha na Rúisise faoi mhíbhuntáiste a thuilleadh.

Cinnte tá brú á chur ar an Úcráin, ó Mheiriceá, gan glacadh leis na héilimh seo, ach ní Meiriceánaigh ach Úcránaigh atá ag fáil bháis sa chogadh.

Anois an t-am gur cheart do dhaoine ar fuath leo an chogaíocht gach iarracht a dhéanamh le socrú síochánta a chur chun cinn.  Sin é an ról is cóir a bheith ag stát neodrach.

Go deimhin, d’eisigh an tUachtarán Michael D Higgins ráiteas ag iarraidh ar thíortha neodracha go háirithe leas a bhaint as an taidhleoireacht mar chuid den iarracht le stop a chur leis an gcogadh agus socrú a aimsiú a thabharfadh cinnteacht ó thaobh na slándála do gach taobh sa choimhlint seo agus do gach stát san Eoraip.

D’iarr Higgins ar na stáit neodracha san Aontas Eorpach teacht le chéile agus clár síochána a chur le chéile.  Ach ní raibh an rialtas ag éisteacht leis.  Ní hamháin go bhfuil Micheál Martin níos fíochmhaire in aghaidh na Rúise ná aon cheannaire eile san Aontas Eorpach, ach d’ionsaigh Neale Richmond, Teachta Dála de chuid Fhine Gael, an t-uachtarán mar gheall ar a ráiteas. Dúirt sé nach raibh dearcadh Higgins i dtiúin le muintir na hÉireann.

Is fíor go bhfuil móramh ann i measc an phobail a chuireann an milleán ar an Rúis, ach ní fíor nach dteastaíonn ón bpobal go ndéanfaí iarracht ar son na síochána.

Sampla eile den neamhaird a thugann an rialtas ar shaibhreas na neodrachta iad a bheith ag diúltú aon ról idirbheartaíochta a thriail.

Sa chomhthéacs sin, tá sé spéisiúil nuair a luaigh na Rúisigh, sna cainteanna leis an Úcráin, gur neodracht den chineál atá ag an bhFionlainn, ag an Ostair agus ag an tSualainn a d’fhéadfadh a bheith mar eiseamláir don Úcráin neodrach, níor luaigh siad an tír seo againne.  Ní bhreathnaítear orainn mar stát neodrach, is cosúil.

Ina ráiteas luaigh Higgins go bhfuil sé stát as 27 san Aontas Eorpach nach bhfuil ballraíocht i NATO acu, grúpa a d’fhéadfadh ról suntasach a bheith acu dá nglacfaí le moladh Higgins.

Ach tá fócas an rialtais dírithe ar an tseafóid sin faoi smachtbhannaí, cé go dtuigeann saineolaithe eacnamaíochta gur beag dochar a dhéanfaidh na smachtbhannaí don Rúis agus gur lú tionchar a bheidh acu ar na cinntí a dhéanfaidh siad. Ar an dtaobh eile den scéal, cuirfidh siad go mór le deacrachtaí eacnamaíochta na hEorpa ar fad.

Sa domhan mór, tá sé le feiceáil go bhfuil an chuid is mó de na stáit ag diúltú páirt a ghlacadh sna smachtbhannaí, fiú tíortha a bhfuil ionradh na Rúise cáinte acu.

Féach an Bhrasaíl (a bhfuil uachtarán atá ar an eite dheis acu), an India, an Phacastáin, an Afaric Theas.  Cuireann na stáit sin ar fad a leas náisiúnta roimh bhrú Mheiriceá.

Ach teastaíonn ó Mhicheál Martin a léiriú go bhfuil sé féin níos dílse don Iarthar ná éinne eile.

Tuigeann léitheoirí Tuairisc go gceapaimse go raibh éilimh réasúnta ag an Rúis nár tugadh aon éisteacht dóibh agus go bhféadfadh nach mbeadh aon chogadh ann dá mbeadh éisteacht tugtha dóibh. Ach cibé tuairim atá agat faoi sin, tá chuile dhuine ar son stop a chur leis an gcogadh seo a luaithe agus is féidir agus chuige sin tá socrú cuimsitheach ag teastáil a fhéachfaidh i ndiaidh riachtanais gach taobh.

Mar sin, in ionad a bheith ag breallaireacht faoi smachtbhannaí is ag tarraingt tuilleadh dochair orainne, nach fearrde i bhfad sinn dá labhródh an Taoiseach amach ar son na síochána, mar a mhol an tUachtarán Higgins? 

Tiocfaidh deireadh leis an gcogadh seo am éigin, agus más fíor na leideanna atá á dtabhairt faoi na cainteanna níl an deireadh chomh fada sin uainn. Nach trua nár imir an tír seo aon ról ar son na síochána. Is trua freisin go bhfuil muid dall ar an gcath atá ar siúl taobh thiar den chogadh, idir iarracht na Meiriceánach an ceannas a bhí acu ar an domhan ar fad a fháil ar ais agus briseadh an chórais dhomhanda sin mar gheall ar an gcaidreamh idir an Rúis agus an tSín ar rogha eile córais é don domhan ar fad.

Ní comhtharlúint é nach bhfuil ag tacú leis na smachtbhannaí ach Meiriceá Thuaidh, an Eoraip, ceithre stáit san Áise go léir agus tíortha dhomhan an Bhéarla ó dheas. 

Comhartha é sin nach n-éireoidh leis na smachtbhannaí céanna.

Fág freagra ar 'Is trua gur tugadh an chluas bhodhar do mholadh Uachtarán na hÉireann faoin tsíocháin'

  • Concubhar

    Dá mbeadh Eoin ag easaontú le meon na bunaíochta sa Rúis sa tslí céanna, bheadh sé i mbraighdeanas fadó.
    Sampla den bhréagnuacht an ráiteas uaidh nach bhfuil an tír seo ag glacadh aon pháirt san iarracht síocháin a bhaint amach. Is iarracht iad na smacht bhannaí chun síocháin a bhaint amach mar is iarracht iad chun a chur ina luí ar an Rúis éirí as an gcinedhíothú is an sléacht atá ar bun ag an Rúis in aghaidh sibhialtaigh neamh armtha san Úcráin. Is deachtóir é Putin agus ní thacaìm ná pobal na hÉireann le deachtóirí mar é.

  • Antóin

    “Anois an t-am gur cheart do dhaoine ar fuath leo an chogaíocht gach iarracht a dhéanamh le socrú síochánta a chur chun cinn. Sin é an ról is cóir a bheith ag stát neodrach”

    An ceart ar fad agat a Eoin. Ach ní mó ná sásta a bheidh polaiteoirí na tír seo go mbeidh deireadh le stádas neodrachta na tíre seo. Tá feachtas oscailte ar siúl faoi láthair ag drong bheag acu gan a bheith ag caint ar shíorbholscaireacht RTÉ, chun deireadh a chur le stádas neodrachta na tíre seo.
    • Ag caint dó faoin neodracht dúirt an Taoiseach gur polasaí é ar féidir é a athrú ag am ar bith”.
    • Dar le Leo Varadkar gur gá machnamh nua a dhéanamh ar pholasaí slándála na hÉireann i bhfianaise an ionsaí ar an Úcráin.
    • Dúirt Simon Coveney nach bhfuil Éire neodrach i gcás na hÚcráine.
    • Dúirt Neale Richmond FG gur chóir dúinn airm fritancanna a chur chuig an Úcráin.
    • Dúirt John McGahon Seanadóir, FG go raibh polasaí neodrachta na hÉireann gan chiall agus gur chóir airm a chur chuig an Úcráin chun mná agus páistí a chosaint.
    • Deir James Lawless FF go bhfuil coinceap na neodrachta seanchaite, agus as dáta.
    • Dar le Charlie Flanagan FG gur iománaí ar an gclaí muid leis na blianta. Thug SÁM agus AE tacaíocht don phróiseas síochána agus tá sé ina am an tacaiocht sin a chúiteamh leo dar leis.
    • Tá an Seanadóir Gerard Craughwell a rá go bhfuil gá le díospóireacht faoi pholasaí neodrachta na hÉireann. Níl muid i gcomhghuallaíocht mhíleata a deir sé ach glactar leis go coitianta nach raibh Éire riamh neodrach agus nach bhfuil sí neodrach faoi láthair dar leis.
    • Tá Mary Seery Kearney, Seanadóir FG, ag iarraidh díospóireacht fáoi chúrsaí neodrachta.

    Agus mura bhfuil muid toilteanach dul i bpáirtíocht le comhghuallaíocht idirnáisiúnta míleata deirtear linn gur cuma linn fán Úcráin. Nuair a theipeann ar gach rud eile déan iarracht muid a náiriú!
    Bí ag súil mar sin le tuilleadh cainte faoi seo i gcomhthéacs chomhbheartas Eorpach cosanta.

    Dar leat gurbh amhlaidh a bhí siad ag súil le géarchéim áit éigin le tús a chur leis an díospóireacht!

  • Críostóir Ó Faoláin

    De réir cosúlachta, is ionann a bheith ag obair ar son na síochána agus cabhair a thabhairt don Rúis na spriocanna atá acu a bhaint amach agus staonadh ó smahctbhannaí a chur i bhfeidhm ar an Rúis. Ar cheart glacadh le barbarthacht na Rúise agus an cogadh mídhleathach atá tosaithe acu? Ar cheart go mbeadh aon chostas le n-íoc ag an Rúis as ionradh a dhéanamh ar thír eile?

  • Eoin Ó Murchú

    An é gur trua le Concubhar nach bhfuil mé i mbraighdeanas – mar atá an bhean sin a chuir isteach ar nuacht telefíse na Rúise le caitheamh anuas ar Phúin? Ó, fan nóiméad, níl sise i mbraighdeanas ach an oiread.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mo thrua gach amadán áisiúil ar son chreachlathas na Rúise.

  • Indrek

    Is iomaí uair ráite ag Uachtarán Zelenskiy gur chóir suí síos chun a theacht ar réiteach. Má tá tú ag iarraidh beart a dhéanamh ar son na síochána i ndáiríre, a Eoin, tuige nach gcuireann tú cogar i gcluais Putin, an té a chuir tús leis an gcogadh sin agus atá ag buamáil ceantair chónaithe, ospidéal agus tithe altranais agus ag scaoileadh leis na teifigh?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Rud eile: tugaim faoi deara gur minic na daoine is mó a bhíonn ag iarraidh ‘neodracht’ na tíre a chosaint i gcásanna mar seo, gur daoine iad a thaobhaíonn leis an Rúis! I bhfocla eile tá siad ar iarraidh ar an tír a bheith ‘neodrach’ sa gcogadh seo ach níl tada neodrach ag baint leo féin.

  • Concubhar

    Maidir le ráiteas Eoin i mo leith, ba mhaith liom a rá, mar a dúirt mé roimhe, go bhfuil áthas orm go bhfuil ardán aige dá cholún. Ní aontaim leis faoin Rúis ná an tAontas Eorpach. Is iomaí duine sa Rúis atá curtha fé ghlas ag Putin de bharr iad a bheith ag easaontú leis an gcogadh mí mhorálta seo.