‘Is treise gliceas ná neart’ – ach i dteanna a chéile is fearr iad ag McGregor

Tharlódh go sarófar an milliún síuntiúsóirí de bharr ar facthas de réabadh idir Conor McGregor agus José Aldo agus iad ag taisteal an domhain an tseachtain seo caite ar thóir poiblíochta

Jose Aldo and Conor McGregor 31/3/2015

Ní mórán tóra ná go deimhin measa a bhí riamh agam ar an lámh láidir ná ar an bhfoiréigean. Bhreathnóinn ar bhabhta dornálaíochta ceart go leor, cé gur fearr liom sin a dhéanamh ar an teilifís ná a bheith i láthair. Déarfadh daoine gur piteog a bheadh amhlaidh ach ar ndóigh ní bheifeá ag súil go n-aontóinn leis sin.

Is mór atá idir an lámh láidir agus an neart agus bhí a gcuid scile chomh tábhachtach céanna, nó níos tábhachtaí b’fhéidir do mhórdhornálaithe an domhain agus a bhí ceachtar den dá cháilíocht eile.

Níl cruthúnas is fearr air sin ná an pictiúir cáiliúil de Muhammad Ali ag breathnú síos ar Sonny Liston atá ar shlatracha a dhroma. Dá mba neart, brúidiúlacht agus lámh láidir amháin a bhí leis an troid sin a bhuachan, is é Ali a bheadh luite.

An chaoi a bhfuil an UFC nó an Ultimate Fighting Challenge tagtha chun cinn le blianta beaga, go háirithe anseo in Éirinn os rud é go mbeidh Conor McGregor san iomaíocht do Chraobh an Domhain i mí Iúil seo chugainn, a chuir an rud seo ar fad isteach i mo chloigeann.

A thrácht sin air. Ach oiread leis an dornálaíocht, is cinnte go gcomhaireann scil an iomaitheora ina chineál sin troda siúd freisin agus mura mbeadh a shá dó sin ag McGregor, ní bheadh leath na dtroideanna atá déanta aige sa UFC buaite aige laistigh de chúpla nóiméad, mar atá.

Agus níor chóir dom ach an oiread a bheith ag déanamh beagáin den stádas a bhaineann le troid seo McGregor in aghaidh sheaimpín an Domhain José Aldo as an mBrasaíl. Chuala mé saineolaí ar na cúrsaí as na Stáit Aontaithe ag rá le linn na seachtaine gurb ionann agus cinnte go n-íocfaidh os cionn trí cheathrú milliún duine ar a laghad an táille $20 a thabharfaidh deis dóibh é a fheiceáil ar an teilifís.

Tharlódh go sarófar an milliún de bharr ar facthas de réabadh idir McGregor agus Aldo agus iad ag taisteal an domhain an tseachtain seo caite ar thóir poiblíochta.

An tÉireannach a fuair an chuid ba mhó de sin. I Rio de Janeiro i dtír dhúchais Aldo, chaith sé tamall de thráthnóna ag caitheamh saghad le pictiúir dá chéile comhraic i dteach tábhairne. A fhios go maith aige go mbeadh sé ar phríomhleathanaigh na nuachtán lá arna mhárach. Ansin thug Abhac ar Aldo.

Lean McGregor den tarcaisne i mBostún, Las Vegas, Los Angeles, Toronto agus i Londain agus thug an barr leis i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo caite nuair a tharraing sé beilt an tseaimpín de choim Aldo sa Convention Centre, rud a tharraing réabadh, nach mór.

Bhí 3,000 duine i láthair ansiúd, rud a fhágann nach móide go bhfuil saineolaí Mheiriceá i bhfad as marc agus é ag tuar gar don mhilliún don troid féin.

Ar an 11 Iúil a throidfidh Conor McGregor agus Jose Aldó a chéile san MGM Grand Garden Arena Las Vegas. Ansiúd freisin, ar ndóigh, dhá mhí roimhe a reáchtálfar an babhta dornálaíochta is mó a mheallfaidh airgead uathu siúd a íocann chun troideanna a fheiceáil ar an teilifís.

An oíche sin gheofaidh Floyd Mayweather (38 bliain d’aois) agus Manny Pacquiao (36) $300 milliún eatarthu as a chéile a throid. 16,000 duine a bheidh i láthair agus íocfaidh iad siúd suas le $6,000 ar chead isteach. Beidh 1.8 milliún eile ag féachaint ar an teilifís agus suas le $100 an duine íoctha acu siúd.

Agus más ag cuimhniú ar dhul sa tóir ar Ticketmaster atá tú, ná bac.

Chuile sheans gurb iad siúd amháín a bhfuil líne creidmheasa ar a laghad $250,000 acu leis an MGM Group of Casinos a gheobhaidh deis iad sin a cheannacht.

‘Is treise gliceas ná neart’ de réir an tseanfhocail. M’anam nach bhfuil aon locht ar an bpéire le chéile ach an oiread!

Fág freagra ar '‘Is treise gliceas ná neart’ – ach i dteanna a chéile is fearr iad ag McGregor'