‘Is teifeach mé i mo bhaile féin ach labhróidh na crosa leo’ – Ó Beaglaoich ag cur lena fheachtas

Deir an ceoltóir aitheanta as Corca Dhuibhne gurb iad na polasaithe pleanála atá i bhfeidhm i láthair na huaire an buille is measa don Ghaeilge ‘ó Chath Chionn tSáile’

‘Is teifeach mé i mo bhaile féin ach labhróidh na crosa leo’ – Ó Beaglaoich ag cur lena fheachtas

Pictiúr: Seán Mac an tSíthigh, Nuacht RTÉ

Deir an ceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich gurb iad na polasaithe pleanála atá i bhfeidhm i láthair na huaire an buille is measa don Ghaeilge “ó Chath Chionn tSáile”.

Tá agóid ar bun ag Ó Beaglaoich chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála i gCorca Dhuibhe agus faoin dtuath ar fad.

Tá 235 cros bhán curtha anairde i bParóiste Mórdhach ag an mBeaglaoch agus é ráite aige go bhfuil daoine á ndíbirt as a mbaile féin de bharr na bpolasaithe pleanála.

Seasann na crosanna don líon daoine a bhí ina gcónaí i mBaile na bPoc roimh an nGorta Mór – 235 in 1841. Tá 12 cros dhearg curtha in airde leis sa ghort a dtugtar an Léinseach air agus seasann na crosanna sin do líon na ndaoine atá ag maireachtáil i mBaile na bPoc sa lá atá inniu ann.

“Na rialacha atá i bhfeidhm i láthair na huaire, sé an buille is troime a buaileadh ar an dtuath ó aimsir an Ghorta,” a dúirt Ó Beaglaoich agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Ónár dtaobhsa sa Ghaeltacht, níl cead againn, muintir na Gaeltachta, maireachtaint sna tithe inar rugadh sinn, inar tógadh sinn. San áit ina bhfuaireamar an Ghaelainn, an ceol. Is é an buille is measa don dteanga é ó Chath Chionn tSáile,” a mhaígh Ó Beaglaoich. “Má leanann seo ar aghaidh, maróidh sé glan an Ghaeltacht.”

Tá Comhairle Contae Chiarraí tar éis ordú a thabhairt don mBeaglaoch tigh adhmaid a thóg sé ar leantóir leoraí a thógaint as an láthair ina bhfuil sé i mBaile na bPoc gan mhoill, mar gur cuireadh ann é gan cead pleanála.

“Is teifeach mé i mo bhaile féin. Sin a deirim,” arsa Ó Beaglaoich.

Thóg an ceoltóir an tigh in 2015 i ndiaidh dó 13 bliain a chaitheamh i mbun iarratas ar chead pleanála chun tigh a thógaint ar fheirm a mhuintire, mar a rugadh agus a tógadh é.

Maíonn an chomhairle contae go bhfuil an tigh ag cur isteach an iomarca ar an tírdhreach agus go bhféadfadh sé nós a bhunú i dtaobh forbairt ribíneach fho-uirbeach i gceantar oscailte leochaileach.

Dúirt Ó Beaglaoich go bhfuil an iomarca béime á chur ar an radharc i bpolasaithe pleanála.

“Sé an rud ba dheas liomsa go ndéanfaí ná go dtabharfaí faoi timpeall go dtí na bailte agus go ndéanfaí amach cad é croílár an bhaile. Agus go gcuirfí i bhfeidhm na rialacha atá i bhfeidhm in eastáit tionsclaíochta. Go bhféadfaimis tithe a thógaint agus nach gcaithfimis leath-acra a bheith os ár gcomhair amach,” arsa Ó Beaglaoich.

“Canathaobh a mbeadh siad ag réabadh aníos gorta glasa sa Daingean agus eastát anseo againn? Seo m’eastát-sa. Tugann siad Baile na bPoc air.”

Deir Ó Beaglaoich go bhfuil sé chun leanúint leis an agóid go dtí go n-éireoidh leis. Deir sé go bhfuil sé i gceist aige dul isteach go Trá Lí Dé Luain seo chugainn nuair a bheidh comhairleoirí contae agus pleanálaithe ag bailiú le chéile.

“Tá sé i gceist againn dul isteach, gan aon riail a bhriseadh, coimeád le rialacha an Chovid…Tabharfaidh mé liom na crosa – seasamh ansin gan aon fhocal a labhairt, agóid chiúin a dhéanamh. Labhróidh na crosa leo.”

Tá Plean Forbartha Chontae Chiarraí 2022-2028 á dhréachtú ag an gComhairle faoi láthair agus tá Ó Beaglaoich den tuairim go bhfuil seans ann anois na rialacha a athrú.

“Tá scrios diamhrach á dhéanamh ar an dtuath. Mura seasaimid suas, tá ár n-oidhreacht agus na daoine a chuaigh romhainn maslaithe againn agus ní mhaithfidh an ghlúin atá chugainn go deo dúinn é.”

Maíonn Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil an tigh ag cur isteach an iomarca ar an tírdhreach agus go bhféadfadh nós a bhunú i dtaobh forbairt ribíneach fho-uirbeach i gceantar oscailte leochaileach.

Tá séanta ag an gComhairle go bhfuil aon éagóir á déanamh ar mhuintir na Gaeltachta i dtaobh cead pleanála agus deir siad gur ceadaíodh 70% de na hiarratais ar chead pleanála sa cheantair idir Márta 2015 agus 31 Nollaig 2019.

Fág freagra ar '‘Is teifeach mé i mo bhaile féin ach labhróidh na crosa leo’ – Ó Beaglaoich ag cur lena fheachtas'

  • Feardorcha

    Gael!