‘Is teanga mharbh í an Ghaeilge’ agus ‘údar déistine’ é Acht Gaeilge – léargas nua ar mheon an DUP

Léiríonn aighneachtaí ó pholaiteoirí sinsearacha de chuid an DUP a dhiongbháilte is a bhí seasamh an pháirtí i leith cheist an Achta Gaeilge in 2015

‘Is teanga mharbh í an Ghaeilge’ agus ‘údar déistine’ é Acht Gaeilge – léargas nua ar mheon an DUP

Tá léargas nua ar dhearcadh an DUP i leith na Gaeilge agus ceist an Achta Gaeilge ar fáil sna haighneachtaí a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin a cuireadh ar bun in 2015 mar gheall ar an reachtaíocht teanga.

Léiríonn aighneachtaí ó pholaiteoirí sinsearacha de chuid an DUP a dhiongbháilte is bhí seasamh an pháirtí i leith na ceiste nuair a chuir an t-iar-aire Caral Ní Chuilín dréachtreachtaíocht teanga chun tosaigh dhá bhliain ó shin.

De réir anailíse atá déanta ag an News Letter ar na cáipéisí a bhain le próiseas comhairliúcháin 2015, dúirt an MLA d’Aontroim-Theas Trevor Clarke nár chóir an reachtaíocht a thabhairt isteach mar gur “teanga mharbh” í an Ghaeilge.

Dúirt Clark nach raibh aon “fhiúntas” leis an reachtaíocht agus go riamh lorg “na deachtóireachta” uirthi.

“Is teanga mharbh í. Seachas daoine á bheith á húsáid mar ábhar spéise, rud nach bhfuil faic agam ina choinne. Is dóigh liom gur cheart d’aon dream atá ag iarraidh an teanga seo, nó teanga ar bith eile, a úsáid, an maoiniú di a chur ar fáil iad féin,” a dúirt Clark ina aighneacht.

Dúirt Jim Shannon, an MLA do Bhaile Loch Cuan, go raibh an moladh maidir le reachtaíocht teanga “déistineach” agus “amaideach”.

“Níl aon bhunús leis seo. Tacaím leis an gcultúr agus an oidhreacht a chaomhnú ach is céim rófhada í seo, go deimhin is ‘maratón’ rófhada atá ann,” a dúirt Shannon.

Dúirt Alex Easton, an Dún Thuaidh, go raibh sé “absolute baffled (sic) as to why there is the need for an Irish Language (sic) as I don’t believe there is much support for one”.

Cur amú airgid a bheadh ann, dar le Easton.

B’amhlaidh an port ag Jonathan Craig, MLA do Ghleann an Lagáin, a mhaígh ina aighneacht siúd go raibh sé “ludicrous” a bheith ag smaoineamh ar bhille “nach raibh tacaíocht trasphobail aige”.

Idir an dá linn, tá ráite ag Gregory Campbell, duine de na daoine is mó sa DUP a shamhlaítear le dearcadh frith-Ghaeilge go nglacfadh sé le hacht teanga agus cultúir a thabharfadh aitheantas don Ultais agus do theangacha eile.

Ba í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne ba mhó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna.

Tá Sinn Féin agus Rialtas na hÉireann ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.

Tá aighneas ann chomh maith faoi ghnéithe éagsúla den Acht Gaeilge atá á éileamh ag Sinn Féin, ag áireamh ceist na bpost do dhaoine le Gaeilge sa Státseirbhís agus ceist na gcomharthaí bóthair.

Meastar, áfach, nach bhfuil an méid atá á éileamh faoi láthair ag Sinn Féin chomh cuimsitheach is a bhí an tAcht a moladh in 2015.

Fág freagra ar '‘Is teanga mharbh í an Ghaeilge’ agus ‘údar déistine’ é Acht Gaeilge – léargas nua ar mheon an DUP'