‘Is tábhachtaí don DUP cearta a shéanadh ar phobal na Gaeilge ná feidhmeannas a chur ar bun’ – An Dream Dearg

Thug an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios tráthnóna go raibh díomá mór air nár éirigh leis na cainteanna idir Sinn Féin agus DUP maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont

‘Is tábhachtaí don DUP cearta a shéanadh ar phobal na Gaeilge ná feidhmeannas a chur ar bun’ – An Dream Dearg

Tá ráite ag lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge gur léir anois “gur tábhachtaí don DUP cearta a shéanadh ar phobal na Gaeilge ná Feidhmeannas a chur ar bun don tsochaí ar fad”.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster tráthnóna nach raibh aon seans ann go n-athbhunófaí an feidhmeannas agus thug sí le fios arís nach bhféadfadh a páirtí glacadh le hacht don Ghaeilge amháin.

Dúirt Janet Muller ón eagraíocht POBAL gur oth leo ráiteas an DUP tráthnóna.

‘Taispeánann diúltú an DUP nárbh fhiú éilimh réasúnta an phobail, a ullmhaíodh le comhairle ó shaineolaithe idirnáisiúnta ar dhlí agus teanga, a mhaolú ar mhaithe leis an DUP a mhealladh. An bhliain seo caite, dúirt Comhairle na hEorpa nach raibh ach seicteachas taobh thiar de na constaicí a cuireadh roimh acht na Gaeilge le deich mbliana anuas. Arís eile, cruthaíodh gurb amhlaidh atá,” a dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL.

Thug an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios go raibh díomá mór air nár éirigh leis na cainteanna.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Michelle O’Neill gur ar an DUP a bhí an milleán maidir le stad a bheith curtha leis na cainteanna.

“Le 13 mí anuas tá Sinn Féin ag obair chun an feidhmeannas a athbhunú a bheadh bunaithe ar mheas, ionracas agus comhionannas do gach dream sa tsochaí,” a dúirt sí. Dúirt O’Neill gur ghlac Sinn Féin páirt sna cainteanna “le dea-chroí” agus go ndearna siad “níos mó ná a gceart”.

“D’éirigh linn teacht ar shocrú le lucht ceannais an DUP. Theip ar an DUP an margadh a chríochnú. Tá deireadh curtha acu leis an bpróiseas seo. Tá na ceisteanna seo fós ann. Tá Sinn Féin anois i dteagmháil leis an dá rialtas agus nochtfar amárach, tar éis machnaimh, ár seasamh. Ba chóir don DUP machnamh a dhéanamh ar a seasamh féin,” arsa Michelle O’Neill tráthnóna.

I dteachtaireacht a chuir siad amach ar na meáin shóisialta tráthnóna, dúirt an Dream Dearg gur mó ag an DUP cearta a shéanadh ná an feidhmeannas a athbhunú.

Dúirt Arlene Foster tráthnóna go raibh sí “an-soiléir” i gcónaí nach nglacfadh aontachtaithe le hacht don Ghaeilge amháin.

“Is é diongbháilteacht Shinn Féin faoi acht don Ghaeilge amháin a fhágann go bhfuil cúrsaí ina stad.”

Dúirt ceannaire an DUP gur thug sí faoi phlé le daoine “a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus ar mór acu í”  i ndiaidh thoghchán tionóil na bliana seo caite.

“Tá meas agam ar an nGaeilge agus lucht a labhartha ach i sochaí roinnnte ní féidir glacadh le sráid aontreo,” a dúirt Foster.

Mhaígh sí nár léirigh Sinn Féin an meas céanna ar an gcultúr aontachtach agus Briotanach is a léirigh sí féin ar an nGaeilge agus dá bharr sin nach raibh “aon seans” faoi láthair go dtiocfadh feidhmeannas as na cainteanna.

Dúirt sí gur faoi Rialtas na Breataine atá sé anois na cinntí tromchúiseacha buiséid agus eile a dhéanamh don Tuaisceart.

Tuairiscíodh roimhe seo gur trí phíosa reachtaíochta ar leith a moladh mar leigheas ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh– reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus reachtaíocht do chúrsaí cultúir. Tuairiscíodh chomh maith go raibh socrú casta á phlé a thabharfadh na píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile.

Is léir anois áfach  agus nach raibh an DUP sásta géilleadh d’aon socrú a pléadh maidir le hacht Gaeilge.

 

Fág freagra ar '‘Is tábhachtaí don DUP cearta a shéanadh ar phobal na Gaeilge ná feidhmeannas a chur ar bun’ – An Dream Dearg'