Is tábhachtaí do na ‘best boys in the class’ sláine an mhargaidh aonair ná sláine na hÉireann

Cibé laigí mar sin atá ar phlean Boris Johnson, is é an seans deiridh a bheidh againn le teorainn chrua a sheachaint agus cúrsaí trádála a phlé

Is tábhachtaí do na ‘best boys in the class’ sláine an mhargaidh aonair ná sláine na hÉireann

Boris Johnson. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Céard é go beacht an difear idir teorainn chrua agus seiceálacha custaim a bheadh á gcur i bhfeidhm ar iarratas na Breataine mar chuid de mhargadh Breatimeachta, agus teorainn chrua is seiceálacha custaim a bheadh á gcur i bhfeidhm ar iarratas an Aontais Eorpaigh mar chuid de Bhreatimeacht gan mhargadh?

Ar ndóigh, níl aon difear ann, ach ní chuireann sé sin aon drogall ar an rialtas, ar an bhfreasúra is ar lucht na tráchtaireachta i gcoitinne anáil dhomhain an iontais a tharraingt maidir leis na moltaí is deireanaí ó rialtas na Breataine.

Fimíneacht agus cleasaíocht atá ann i ndáiríre. Léiríonn an ceart diúltaithe a tugadh don DUP i bplean rialtas na Breataine go bhfuil Johnson i ndáiríre maidir le margadh agus léiríonn an fhimíneacht abhus easpa ionracais pholaiteoirí na hÉireann chomh maith céanna.

Maidir leis na moltaí, is éard atá i gceist measaim ná go bhfanfadh cúrsaí mar atá idir an Ríocht Aontaithe (mar a thugann siad air) agus an tAontas Eorpach don tréimhse dhá bhliain den chomhaontú imeachta. Bheadh dhá bhliain ann le teacht ar shocrú maidir le trádáil is eile.

Ansin mura mbeadh socrú ann bheadh comhghuaillíocht ó thaobh rialachán ag an Tuaisceart leis an Aontas Eorpach maidir le bia is earraí. Bheadh seiceálacha idir Éirinn ar fad agus an Bhreatain maidir leosan.

Is í an laige is mó leis an moladh seo ámh ná go mbeadh cead ag an DUP diúltú don socrú sin dá mba mhian leo. Is léir nach féidir glacadh leis sin, ach nach fiú dul i mbun idirbheartaíochta le fáil amach an bhfuil bealach eile ann chun an socrú sin a chinntiú? Stormont a chur as an áireamh, móramh simplí ag teastáil Tionól, nó pobalbhreith oifigiúil faoi sa Tuaisceart féin?

Cinnte, ní ceart teorainn ar bith a bheith ar an oileán seo agus ba cheart Éire a bheith aontaithe, ach cén chaoi a mbainfear an sprioc sin amach nuair a dhiúltaíonn páirtithe an deiscirt comhoibriú le Sinn Féin faoi reifreann i dtaobh na teorann?

Mar chuid de phlean Johnson bheadh an Tuaisceart taobh amuigh den aontas custam, agus bheadh táillí le híoc i gcásanna áirithe; ach arís ní bheadh aon teorainn fhisiciúil le feiceáil agus is páipéarachas agus teicneolaíocht a bheadh i gceist leis an bpróiseas.

Agus dóibh siúd a bhíonn ag béiceadh orainn gurbh ionann sin agus teorainn chinnte, arís nach é sin atá á mholadh ag an Aontas Eorpach sa chás nach mbeadh aon mhargadh ann?

An bhfuil Johnson dáiríre faoi mhargadh a dhéanamh? Ceapaim go mb’fhearr leis margadh a fháil ar théarmaí a bheadh cosúil lena bhfuil curtha ar aghaidh aige, ach go bhfuil sé á thabhairt le fios ag an am céanna dá lucht leanúna is do lucht an Bhreatimeachta go bhfuil sé ag feidhmiú go réasúnta ach é réidh chomh maith do Bhreatimeacht gan margadh ar bith.

Agus is toghchán a shocróidh é sin.

Mar sin féin is cosúil go mbeadh seans maith ag Johnson an socrú seo a chur tríd an bparlaimint in Westminster dá nglacfadh an tAontas Eorpach leis. Bheadh na Breatimeachtóirí is dílse agus an DUP ag tacú leis, agus móramh na dTóraithe a cuireadh amach as an bpáirtí le déanaí.

Tá deacracht ag an Aontas, áfach. Dá ngéillfidís don socrú seo don Tuaisceart, céard faoi Albain, agus réigiúin imeallacha i dtíortha eile ar theorainn an Aontais? Agus an dteastaíonn ón gCoimisiún go mbeadh socrú ar bith ann?

Sea, tá amhras orm nach nglacfaidh an tAontas leis an moladh, agus mar sin nach bhfuil romhainn ach Breatimeacht gan mhargadh.

Is cosúil go gcreideann roinnt daoine i gcónaí gur féidir an Breatimeacht a chur ar ceal ar fad, ach de réir cosúlachta bheadh seans maith ag Johnson in aon toghchán má chreideann vótóirí an lucht oibre i dTuaisceart Shasana nach féidir páirtí an Lucht Oibre a thrust leis  an mBreatimeacht a chur i gcrích.

Sa chás sin, tá sé fógrartha cheana ag Jean Claude Juncker agus an AE go mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann agus tá sé ráite ag an rialtas go ndéanfaidís amhlaidh. Cad eile a dhéanfadh na buachaillí is fearr sa rang, nó na best boys in class?

Ag deireadh thiar, ní féidir socruithe custam is teorann a chinntiú go dtí go mbeidh a fhios againn cén socrú trádála a bheas ann. Ach dhiúltaigh an tAontas é sin a phlé agus ghéill muidne don straitéis sin.

Léiríonn na fíricí seo gur straitéis fhabhtach ón tús é an cúlstad agus an chaint bhréagach faoi theorainn chrua. Léiríonn siad freisin gur tábhachtaí do rialtas s’againne sláine an mhargaidh aonair ná sláine na hÉireann.

Cibé laigí mar sin atá ar phlean Johnson, ceapaim féin gurb é seo an seans deiridh a bheidh againn le teorainn chrua a sheachaint agus cúrsaí trádála a phlé. Is é seo an seans deiridh a bheidh againn réiteach a fháil a d’oirfeadh dár gcuid riachtanas náisiúnta is eacnamaíochta.

Ach níl cuma mhaith ar chúrsaí.

Fág freagra ar 'Is tábhachtaí do na ‘best boys in the class’ sláine an mhargaidh aonair ná sláine na hÉireann'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is mór an difríocht idir anailís Eoin a léamh ar Tuairisc.ie faoin mBreatimeacht agus alt meáite ó Chathal Mac Coille.

  • Concubhar

    Ní féidir le hEoin staonadh ón íonsaí ar an Aontas Eorpach. É féin agus lucht na mire ar an eite dheis sa tír seo, léimeann siad ar gach rud. Ba cheart dúinn glacadh le plean mire Johnson, deir Eoin, ach admhaíonn sé nach bhfuil aon difir idir é agus Breatimeacht gan socrú. B’fhearr liomsa nach mbeadh teorainn crua ann ach mura féidir é a sheachaint, mar gheall ar easpa céille na Breataine faoi láthair, b’fhéidir nach bhfuil aon rogha ann agus ligint do Rialtas na Breataine dul ar aghaidh leis an leimt thar faill. Beidh na ceisteanna céanna fós le freagairt ag an mBreatain nuair a thagann siad ag lorg comhaontú trádála….

  • MacAnRí

    Is soineanta an mhaise duit a leithéid a scríobh…sílim ag seilg “Unicorns” atá an scríbhneoir…éitheoir atá an Príomhaire Johnson agus níl creideann an tAontas (nó éinne) go bhfuil sé dáiríre fá dtaobh de agus maidir leis and DUP tá siad gafa ina mbrachán acu. Ní hamháin go bhfuil an DUP ag troid leis Rialtais s’againn ach tá siad ag snámh in aghaidh an easa achan grúpa eile sa Tuaisceart. Is gá é idirdhealú mór a dhéanamh idir Rialtas na hÉireann conradh a síniú ar a dtoil féin agus teorainn crua a deimhniú agus Breatimeacht gan margadh…tá Boris ag tochras ar a cheirtlín féin agus i ndeireadh na dála ba cheart Rialtas s’againn and rud céanna a dhéanamh.

  • Eoin O Murchu

    Tugaim faoi ndear nach dtéann Donncha i ngleic lemo chuid argóintí. Ach cén fáth go gceapann sé go mbíonn Cathal Mac Coille meaite is nach mbíonn? Freagra: aontaíonn sé le Cathal ach ní aontaíonn sé liom, cé nach féidir leis argóint a dhéanamh i gcoinne m’anailíse.

  • An Teanga Bheo

    Tragóid amach is amach ag an cat ag crónan leis fhéin