Is roimh Fhianna Fáil a bheidh an dúshlán is mó sna fothoghcháin

Beidh leithscéal maith ag Leo Varadkar mura n-éiríonn lena pháirtí oiread agus suíochán amháin a ghnóthú sna fothoghcháin, ach ní bheidh sé chomh héasca céanna ag Micheál Martin

Is roimh Fhianna Fáil a bheidh an dúshlán is mó sna fothoghcháin

Mura dtoghfar iarrthóir ar bith de chuid Fhine Gael sna fothoghcháin ag deireadh na míosa, cloisfear leithscéal ag Leo Varadkar agus a pháirtí gan mhoill. Déarfaidh siad nach mbíonn rath i bhfothoghcháin de ghnáth ar iarrthóirí an pháirtí a bhíonn i mbun rialtais.

Ní leor é mar leithscéal, ar ndóigh, ach ní tearc an fhianaise atá ar fáil má theastaíonn sí nuair a fhógrófar na torthaí. Bhuaigh iarrthóirí ó Fhine Gael fothoghcháin ó chuaigh an páirtí sin i mbun rialtais in 2011, ach ba léir go raibh baint mhór ag cúiseanna pearsanta seachas cúiseanna polaitiúla leis an dá bhua.

Toghadh Gabrielle McFadden i ndáilcheantar an Longfoirt agus na hIarmhí in 2014 tar éis bhás a deirféar Nicky. Chaill sí a suíochán in olltoghchán 2016 agus toghadh í mar sheanadóir go gairid ina dhiaidh sin. Is i bhfothoghchán sa Mhí Thoir a toghadh Helen McEntee in 2013 tar éis bhás a hathar. Toghadh arís í in 2016, agus is aire stáit anois í.

Is féidir cás eisceachtúil eile a chur as an áireamh agus stair léanmhar na n-iarrthóirí rialtais i bhfothoghcháin á breithniú. Is mar easaontóir oscailte a sheas Patrick McNulty i bhfothoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar in 2011. Caitheadh amach as an bpáirtí é an bhliain dár gcionn nuair a vótáil sé sa Dáil in aghaidh an rialtais agus d’éirigh sé as an bpolaitíocht go hiomlán in 2014.

Má fhágtar an triúr thuas i leataobh, ní foláir dul siar go dtí 1982 chun teacht ar an iarrthóir rialtais deireanach (Noel Treacy ó Fhianna Fáil i nGaillimh Thoir) a ghnóthaigh suíochán Dála i bhfothoghchán. Tá an fhianaise réasúnta soiléir mar sin agus tá an tairngreacht a chaithfear a dhéanamh dá réir soiléir freisin: de ghnáth tugtar dianbhreithiúnas ar gach rialtas i bhfothoghcháin, agus beidh éacht déanta ag iarrthóir ar bith ó Fhine Gael a thoghfar ar an 29 Samhain.

Is chun Teachtaí Dála a thiocfaidh i gcomharbacht sa Dáil ar an gceathrar feisirí nuathofa Eorpacha atá na fothoghcháin seo á reáchtáil: Frances Fitzgerald (Fine Gael) a raibh suíochán Dála aici i mBaile Átha Cliath Thiar, Billy Kelleher (Fianna Fáil) a bhí ina Theachta Dála i gCorcaigh Thuaidh-Lár, agus an bheirt neamhspleách Mick Wallace i Loch Garman agus Clare Daly i mBaile Átha Cliath/Fine Gall.

Glacfar le hainmniúcháin ó iarrthóirí go dtí an Luan seo chugainn, ach is léir cheana féin go mbeidh idir dhúshlán agus deis faoi leith ag Fianna Fáil sna fothoghcháin seo. Tá údar dóchais réasúnta ag an bpáirtí go n-éireoidh leis an gcomhairleoir cathrach Pádraig O’Sullivan an suíochán a bhíodh ag Billy Kelleher go dtí seo a choimeád. Is iad na príomh-iomaitheoirí eile atá ainmnithe go dtí seo – an seanadóir Colm Burke ó Fhine Gael, John Maher ón Lucht Oibre, Thomas Gould ó Shinn Féin agus Sinéad Halpin ó na Daonlathaigh Shóisialta.

I Loch Garman, ceaptar go bhfuil seans maith ag Malcolm Byrne ó Fhianna Fáil, a bhí mar iarrthóir ag an bpáirtí sna toghcháin Eorpacha (inar ghnóthaigh sé 69,166 vóta i dtoghcheantar Eorpach an Deiscirt). I measc na n-iarrthóirí eile tá Verona Murphy ó Fhine Gael, George Lawlor ón Lucht Oibre, Johnny Mythen ó Shinn Féin, agus an feachtasóir comhshaoil Karin Dubsky.

Is é an t-iar-aire sláinte James Reilly ó Fhine Gael an t-iarrthóir is mó cáil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath/Fine Gall. I measc na n-iarrthóirí atá ag seasamh ina choinne tá an seanadóir Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil, an comhairleoir Duncan Smith ón Lucht Oibre, Ann Graves ó Shinn Féin agus Joe O’Brien ón gComhaontas Glas. Is iarrthóir láidir í Clifford-Lee, agus ba chóir ar a laghad go mbeadh sí ábalta a bheith chun tosaigh ar Reilly ar an gcéad chomhaireamh.

Is i mBaile Átha Cliath Thiar Meán atá an choimhlint is deacra á tuar. Tá an comhairleoir Emer Higgins ag iarraidh suíochán Fhine Gael a choimeád, ach tá dian-iomaíocht ar bun idir í féin agus scata iarrthóirí eile, ina measc an t-iarTheachta Dála Paul Gogarty (a bhíodh sa Chomhaontas Glas ach atá ag seasamh mar neamhspleách), iarTheachta Dála eile Joanna Tuffy ón Lucht Oibre, an comhairleoir Mark Ward ó Shinn Féin, agus Anne-Marie McNally ó na Daonlathaigh Shóisialta.

Beidh leithscéal ullamh ag Leo Varadkar mura n-éiríonn lena pháirtí oiread agus suíochán amháin a ghnóthú sna fothoghcháin. Is déine an dúshlán agus is mó an deis atá roimh cheannaire Fhianna Fáil. Mura n-éiríonn leis an bpáirtí ach an suíochán a bhíodh ag Billy Kelleher i gCorcaigh a choimeád, rachaidh amhras an pháirtí agus an phobail faoina bhfuil i ndán dóibh san olltoghchán i dtreise.

Ach má éiríonn le Fianna Fáil dhá shuíochán sa bhreis a ghnóthú i nDáil Éireann, neartófar misneach an pháirtí agus aghaidh á tabhairt acu ar an olltoghchán, agus géarófar ar imní Fhine Gael. Tá ceithre choimhlint shuimiúla, agus cinn a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach, romhainn ag deireadh na míosa.

Fág freagra ar 'Is roimh Fhianna Fáil a bheidh an dúshlán is mó sna fothoghcháin'