Is mór idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa. Deirtear go minic sna ceantair is mó turasóireachta, gur séasúr an-ghearr a bhíonn acu. Chonaic mé é sin le mo dhá shúil i mbliana.
Cé go raibh aimsir bhreá ann i mí na Bealtaine, nuair a chaith mé cúpla lá i gceantar Ros Goill i gcontae Dhún na nGall, níorbh fhéidir a rá go raibh an séasúr tosaithe ar chor ar bith.
Corrshiúlóir, roinnt carranna eachtrannacha, fíor-chorrshnámhaí agus b’in a raibh thart.
Ní raibh an bhialann ar oscailt, ná an caifé in aice na trá, ná ní raibh dé ar na campaí agus na carbháin a mbíonn an-tóir acu ar na láithreacha campála thart anseo.
Ach, nuair a d’fhill mé an tseachtain seo caite le cúpla lá a chaitheamh le gaolta liom ansin, bhí athrú mór ar na radharcanna a bhí amach romham.
Ní raibh orlach campála fágtha in aon áit. Go deimhin, bhí na láithreacha saoire chomh plódaithe sin go raibh spásanna campála a ligean amach mórthimpeall na páirce imeartha ag an club áitiúil CLG. Seift mhaith le hairgead a thuilleamh don chlub.
Ní hé amháin go raibh bialann cháiliúil na beatha mara ‘Fisk’ ar oscailt, ach bhí fanacht ar a laghad uair an chloig ann dá mba rud é go raibh bord sa bhialann féin ag teastáil uait. (B’fhiú an fanacht. Ach bhí na ronnaigh glanta amach.)
Agus níor muide an t-aon dream a bhí ag snámh. Tá cuid de na tránna is deise sa tír sna bólaí seo- An Trá Mhór, Trá na Rosann, Trá na nDúnaibh, Trá Dhún Fionnachaidh, agus níl na cinn áille bheaga, rúnda luaite agam ar chor ar bith ansin.
Ach ní fhéadfainn a rá go raibh na sluaite amuigh ag déanamh spraoi – bhí faitíos fós ar dhaoine roimh na múrtha troma báistí a thit go minic i rith mhí Iúil. Bhí scata daoine óga ar an trá gach lá, áfach, a gcuid cultacha ‘fliucha’ orthu agus iad i mbun cúrsaí cadhcála agus seoltóireachta.
Scríobh mé anseo cheana faoin mbealach ‘glas’ nó an cosán siúlóide atá á fhorbairt faoi bhun na Mucaise, idir an Chraoslach agus Ailt a’Chorráin. Bhí sé sa nuacht arís an tseachtain seo caite nuair a fógraíodh go raibh tuilleadh airgid ceadaithe don fhorbairt. Bhí mé fiosrach faoi agus cuireadh ar liosta na spaisteoireachtaí lae é.
Má théann tú tríd an Chraoslach agus d’aghaidh siar, coinnigh súil amach don reilig ar thaobh na láimhe deise agus tá an bóthar caol a théann fhad leis an áit pháirceála ar thaobh na láimhe clé – díreach trasna ón reilig. Níl ach comhartha treo beag bídeach ar thaobh na láimhe deise den phríomhbhóthar agus tú ag dul siar.
Ar ndóigh ní féidir taisteal tríd an bhaile sin gan cuimhneamh ar an tragóid mhór a tharla ansin mí Dheireadh Fómhair seo caite. Is uaigneach an radharc é an siopa agus an stáisiún breosla, fós taobh thiar den sconsa cosanta i lár an bhaile. Cuimhneofar ar na daoine a fuair bás agus a gortaíodh san eachtra sin go brách.
Is áis iontach é an cosán ag bun na Mucaise. Sílim nár thug mé faoi deara an uair dheireanach ar shiúil mé ann, ach tá an iliomad cosán agus bóithríní eile ag dul thart ag bun an tsléibhe agus in áiteanna, ag dul níos airde uirthi.
Caithfidh mé a rá go bhfuil an obair atá déanta ar an gcosán go dtí seo ar fheabhas ar fad. Tá brat tarra curtha síos ar chúpla ciliméadar ag an tús ach tá an píosa ‘garbh’ chomh maith sin gur féidir siúl nó rothaíocht air gan mórán stró.
Bhí mianadóireacht ar bun ansin tráth agus fiú amháin sa lá inniu, tá cairéal mór cloch agus gainimh ar an mbealach isteach chuig an gcosán. Tá foraoiseacha ann freisin agus is dócha go dtugann siad sin roinnt mhaith tráchta isteach ón bpríomhbhóthar.
Cheap mé nach gcasfaí deoraí orm ach rinne mé dearmad gur mí Lúnasa a bhí againn. Bhí teaghlach nó dhó ag siúl nó ag rothaíocht agus iad breá sásta nach raibh contúirt ar bith go leagfadh carr iad.
Agus beagáinín tuirse ag teacht orm féin, casadh bean óg orainn agus í ag siúl le dhá mhada. Cheap sise nach rabhamar ach 500 méadar ón stáisiún traenach tréigthe. Ach rinne sí athmhachnamh. B’fhéidir go rabhamar 1,500 méadar!
B’as an nGearmáin di. Tháinig sí féin agus a buachaill anall le háit chiúin, gan mórán struis ag baint leis a aimsiú. Fuaireadar é san Fhál Carrach agus anois tá siad ag coigilt airgid chun teach a cheannach.
‘Cá as thú sa nGearmáin?’ a d’fhiafraigh mo leathbhádóir.
‘Ní bheidh aon eolas agat faoi,’ a d’fhreagair sí. ‘Tá sé i gceantar tionsclaíoch an Ruhr, baile darb Gelsenkirchen.’
‘Tá club peile ansin,’ d’fhreagair an leathbhádóir, a bhfuil suim thar na bearta aige i gcúrsaí spóirt. ‘D’imir col ceathrair liom ann le Rógairí na Seamróige uair amháin i gcoinne Schalke 04.’
Ar aon nós chas muid ar ais – bhí tuairim againn go mbeadh turas maith fós go dtí an seanstáisiún traenach. Beidh lá eile ag an siúlóir agus píosa eile den chosán forbartha faoin am sin.
Bean mhór cártaí poist mise agus an lá ina dhiaidh sin, b’éigean dúinn rith chun breith ar an bpost, sula n-imeodh sé ag 2.35pm.
Thóg sé tamall orm sular aithin mé an bhean óg a bhí romham sa scuaine – duine de na col ceathracha a bhí sa mbaile ón meánoirthear a bhí ann. Agus bhí ceangal peile leis an scéal sin freisin.
Is i Doha, príomhchathair Chatar, atá sí ag obair le roinnt blianta – an áit chéanna a raibh Corn Peile (na bhFear) ar siúl anuraidh.
Cén chaoi a gcuireann siad suas leis an teas mór? a d’fhiafraigh mé di agus cúrsaí teochta agus tinte móra fiáine go mór faoi chaibidil na laethanta seo. ‘Aerchóiriú,’ a d’fhreagair sí. ‘Ní dhéanann muid tada taobh amuigh – is taobh istigh a chaitheann tú do shaol.’
Bhí bean an phosta ag iarraidh mo chuid stampaí a chur in ord dhom ach bhí áit amháin eile atá i bhfad i gcéin le lua againn. ‘Nach raibh tusa san Íoslainn le gairid?’ a d’fhiafraigh mé den chol ceathrair. ‘Bhí,’ a dúirt sí ‘agus chuaigh mé uaidh sin ar bhád pléisiúir chomh fada leis an nGraonlainn. Bhí sé thar a bheith suimiúil.’
Ach is dócha go raibh sé fuar? ‘Bhuel, bhí mé imithe ón teas mór ar aon nós,’ a dúirt sí.
Gheobhaidh sí aimsir bhreá an tseachtain seo i Ros Goill sula mbeidh uirthi filleadh ar an 46 céim Celsius thall i Doha. Agus faoin am sin beidh na turasóirí, ar nós na bhfáinleog, ag glanadh leo iad féin.
Fág freagra ar 'Is mór idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa i Ros Goill álainn'