Is mór idir gaisce Shleacht Néill agus ísle brí Fhánaithe an Ghleanna

Aon chraobh déag as a chéile atá buaite ag Sleacht Néill i gCraobh Shinsir Dhoire agus gaisce déanta ag mná agus fir an chumainn le blianta beaga anuas

Is mór idir gaisce Shleacht Néill agus ísle brí Fhánaithe an Ghleanna

Chonaiceamar coicís ó shin Baile Gunnair ar TG4 agus iad ag buachan a ndeichiú craobh contae as a chéile sna Déise. Bua iontach a bhí ann agus scríobhadh agus dúradh go leor sna meáin faoin ngaisce stairiúil. Is cinnte go bhfuil an t-ardmholadh tuillte ag Baile Gunnair ach caithfidh siad fanacht bliain eile chun curiarracht chumann Roibeard Eiméid as Sleacht Néill a bhaint amach.

Sea, an Domhnach seo caite bhuaigh an cumann clúiteach Craobh Shinsir Iomána Dhoire den aonú huair déag as a chéile. Cad é mar ghaisce? Is é an fear a imríonn le foireann shinsir Dhoire, Brendan Rogers, a thuill an chuid is mó den chaint agus trí chúl scóráilte aige sa bhua éasca a bhí ag Sleacht Néill ar chumann Chaoimhín Uí Loingsigh sa chluiche ceannais.

Níl aon amhras ach gur cumann iontach é ceann Shleacht Néill. Chomh maith leis na craobhacha iomána uile, bhuaigh peileadóirí an chumainn ceithre cinn de chraobhacha contae as a chéile idir 2014 agus 2017, chomh maith le ceann eile in 2020. Ansin tá banlaochra an chumainn agat agus Craobh Camógaíochta na hÉireann buaite faoi thrí acu le linn ré órga seo an chumainn. Is eiseamláir iad do chlubanna na tíre agus é léirithe acu gur féidir mórán trá a fhreastal má bhíonn an toil agus an dúil fhíochmhar ann.

Má tá Sleacht Néill ar bharr a réime i nDoire faoi láthair, tá Fánaithe an Ghleanna i gCorcaigh báite go muineál san fhéintrua na laethanta seo agus iad tite síos go dtí an dara grád i gcraobhacha iomána an chontae den chéad uair riamh i stair an chumainn.

Buille ollmhór é don chumann iomráiteach seo agus fágann an scéal nach mbeidh aon chumann ó thuaisceart na cathrach i gCorcaigh ag imirt sa phríomhchraobh in 2024, rud is deacair a chreidiúint.

Beidh seans ag Fánaithe an Ghleanna an bhliain seo chugainn iad féin a tharraingt suas go dtí an príomhghrád arís ach ní bheidh sé éasca mar tá an caighdeán sa Craobh Shinsir A ard go leor.

Ar an taobh eile den scéal, tá na babhtaí leathcheannais sa Phríomhchraobh Shinsir bainte amach ag dream amháin ó dheisceart Chathair Chorcaí, sin iad Cumann Barra Naofa, seaimpíní na bliana seo caite.

Beidh na ‘Barrs’ ag imirt in aghaidh Mhainistir na Corann i gcluiche amháin an tseachtain seo chugainn agus beidh foireann dúiche, Uí Mhic Coille ó oirthear an chontae, ag imirt in aghaidh na Sairséalach sa chluiche leathcheannais eile. Fágann sin gur ó bharúnacht Uí Mic Coille trí cinn de na foirne a bheidh sna babhtaí leathcheannais, rud a léiríonn cé chomh láidir is atá an iománaíocht in oirthear an chontae.

I dTiobraid Árann, tá na babhtaí leathcheannais sroichte acu chomh maith agus seaimpíní 2020, Cill an Daingin, agus seaimpíní 2021, Luachma-Caisleán Laighnigh, fós san iomaíocht, chomh maith le Tuaim Uí Mheára agus na Sairséalaigh ó Dúrlas Éile.

I gcontae an Chláir, tá séasúr Bhaile Aodha, curaidh 2021 agus 2022, tagtha chun ceann scríbe. Bhíodar thar a bheith láidir cúpla bliain ó shin ach cheapas anuraidh go rabhadar ag teip agus go raibh an t-ádh orthu buachan ar Chumann Barra Naofa sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir na Mumhan. Bhí Baile Aodha níos fearr in aghaidh Bhaile Gunnair ina dhiaidh sin ach tá cliste orthu i gcraobh an chontae i mbliana.

Beidh TG4 ag taispeáint an chluiche ceathrú ceannais idir Cluain Lárach agus Éire Óg na hInse amárach. Bhí Éire Óg sa chluiche ceannais anuraidh agus níor chailleadar ach leis an aon phointe amháin ach, ar a laghad, bhuadar craobh na peile.

Chaill Éire Óg sa chéad bhabhta i mbliana in aghaidh na Fiacaile ach thángadar ar ais chun an chéad dá chluiche eile a bhuachan. Tá cuma láidir ar Chluain Lárach agus na trí chluiche a bhí acu go dtí seo buaite acu ach ní fios conas mar a bheidh ag an dá fhoireann amárach.

Fág freagra ar 'Is mór idir gaisce Shleacht Néill agus ísle brí Fhánaithe an Ghleanna'

  • Alan Titley

    Fánaithe an Ghleanna tite síos go dtí an dara grád! Go dtite siad go dtí an tríú, an ceathrú, an seachtú grád déag is trí fichid, go dtachta siad ar dhrisín na Linne Duibhe, go bhfeice siad Poll Tí Liabáin faoi thuilte uisce, go snaidhfe iad le greamanna dóite an diabhail féin. Na Barrs abú (agus an Charraig Dhubh, má bheirtear dian orainn)