Is mór idir aiféala agus leithscéal polaiteoirí

Tá ceachtanna le foghlaim ag polaiteoirí ón gcaoi ar dhéileáil Maria Bailey agus Lorraine Clifford-Lee le scéalta a tharraing aird agus droch-cháil orthu

Is mór idir aiféala agus leithscéal polaiteoirí

Maria Bailey agus Lorraine Clifford-Lee. Pictiúr: Rollingnews.ie

Má dhéanann polaiteoir rud náireach, agus má thagann an scéal náireach chun solais, ní foláir rogha a dhéanamh idir:

  1. Éirí as oifig.
  2. Tost.
  3. Séanadh.
  4. Leithscéal dáiríre a ghabháil.
  5. Leithscéal a ghabháil nach leithscéal in aon chor é.

Seachnaítear an chéad rogha de ghnáth. Uaireanta, ní bhíonn aon dul as ag Teachta Dála ach éirí as láithreach. In 2014, nuair a tuairiscíodh go raibh téacsanna míchuí curtha chuig déagóir ag an Teachta Patrick Nulty, teachta neamhspleách a d’fhág an Lucht Oibre go gairid i ndiaidh a thofa in 2011, d’fhógair sé ar an bpointe go raibh sé ag fágáil na Dála.

D’éirigh an t-iar-aire Ray Burke de chuid Fhianna Fáil as an bpolaitíocht i 1997, go gairid sular dúradh i dtuairisc ó bhinse fiosrúcháin a bhain le cúrsaí pleanála go raibh caimiléireacht ar bun aige. Ciontaíodh é ina dhiaidh sin i soláthar bréag-eolais maidir le cúrsaí cánach agus gearradh sé mhí príosúin air. 

Ar ndóigh, ní mí-iompar nó botúin chomh tromchúiseach sin a chuireann polaiteoir i sáinn de ghnáth. D’fhéadfadh gurb amhlaidh a fhoilsítear faisnéis fúthu a tharraingíonn aird agus droch-cháil orthu, ach nach féidir a bheith lánchinnte gurb ionann é agus buille an bháis ó thaobh na polaitíochta de. Díbríodh Michael Lowry as an rialtas i 1996 agus ó Fhine Gael go gairid ina dhiaidh sin. Cé gur cáineadh go láidir é i dtuairisc bhinse eile, sheas sé mar iarrthóir neamhspleách i ngach olltoghchán ó shin agus choinnigh sé a shuíochán i dTiobraid Árann.

Bhí roghanna éagsúla ag Maria Bailey ó Fhine Gael agus ag Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil, tar éis d’iriseoirí díograiseacha scéalta a fhiosrú a léirigh botúin a rinne siad roimhe seo. Go dtí seo, is drochshampla a ndearna bean amháin acu, agus dea-shampla a ndearna an bhean eile d’aon pholaiteoir a mbéarfaí orthu feasta tar éis tuaiplis a dhéanamh. 

Ní leithscéal ach ráiteas aiféala a d’eisigh Maria Bailey, fiú tar éis don Taoiseach a rá gur lorg sí cúiteamh iomarcach ó óstán tar éis titim de luascán agus buidéal deoch ina lámh aici. Dúirt sí le Seán O’Rourke ar RTÉ go raibh brón uirthi go raibh ‘deacrachtaí’ ag cur as d’Fhine Gael agus do Leo Varadkar mar gheall ar an gcás dlí, cás a tharraing sí siar nuair a foilsíodh tuairisc air san Irish Independent, ach níor ghabh sí leithscéal riamh.

An toradh a bhí ar a cur chuige? Tá Maria Bailey bainte de liosta iarrthóirí Fhine Gael i ndáilcheantar Dhún Laoghaire. Dúirt sí tar éis d’ardchoiste an pháirtí an cinneadh sin a dhéanamh Déardaoin go ndéanfadh sí a machnamh ar an gcinneadh. Tá an chuma ar an scéal áfach go bhfuil deireadh lena ré mar iarrthóir toghcháin d’Fhine Gael, agus nach bhfuil aon rogha aici anois, más léi dul chun na Dála, ach seasamh mar iarrthóir neamhspleách san olltoghchán.

Ghabh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee leithscéal arís agus arís eile leis an lucht siúil nuair a fuarthas amach gur chuir sí ráitis mhaslacha (inar thagair sí dóibh mar “knackers” mar shampla) ar Facebook agus ar Twitter in 2011. Thug sí cuairt ar oifig Pavee Point inné chun leithscéal a ghabháil arís le hArd-Stiúrthóir na heagraíochta Martin Collins a dúirt go raibh sé sásta lena leithscéal, go háirithe toisc gur tháinig an seanadóir féin chun cainte leis.

Ar ndóigh is maith a d’oir an tsíorghabháil leithscéil sin do leas an tSeanadóra, atá roghnaithe ag Fianna Fáil mar iarrthóir sa bhfothoghchán i mBaile Átha Cliath-Fine Gall ag deireadh na míosa. Cibé rogha a dhéanfaidh na vótóirí, tá lántacaíocht faighte ag Clifford-Lee ó cheannaire a páirtí Micheál Martin, a bhí ag stocaireacht ina teannta Dé Céadaoin.

Cé nach ionann an dá chás, tá ceachtanna le foghlaim ag polaiteoirí ón toradh a bhí ar chur chuige na beirte. An ceacht is bunúsaí b’fhéidir: a dheimhniú go rachaidh a ndeirtear faoi chúis náire chun tairbhe don pháirtí agus go háirithe, dá cheannaire. Nó a bheith cinnte ar a laghad go ndeirtear briathra ar féidir leis an gceannaire iad a chosaint gan a bheith ina cheap magaidh os comhair an phobail.

Fág freagra ar 'Is mór idir aiféala agus leithscéal polaiteoirí'