Is mór an spreagadh a thabharfadh bua in Wembley d’fhoireann Stephen Kenny

Diabhal mórán a d’athraigh i gcás fhoireann na hÉireann le mí agus Stephen Kenny fós ag iarraidh a chéad chluiche mar bhainisteoir a bhuachan

Is mór an spreagadh a thabharfadh bua in Wembley d’fhoireann Stephen Kenny

Stephen Kenny. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

In áit a bheith ag prapáil do chluiche cáilithe UEFA 2020 anocht, is ag fáil réidh do chluiche dúshláin in aghaidh Shasana atá foireann sacair na hÉireann.

Ó chaill Éire an cluiche cinniúnach úd in aghaidh na Slóvaice an mhí seo caite, is i Wembley a bheidh Stephen Kenny agus a chuid imreoirí anocht, roimh na cluichí i gcoinne na Breataine Bige agus na Bulgáire a bheidh á n-imirt i Sraith na Náisiún idir seo agus an Chéadaoin seo chugainn.

Faraor, níl mórán d’athrú tagtha ar chás na hÉireann le tamall. Tá Stephen Kenny fós ag fanacht ar a chéad bhua mar bhainisteoir na hÉireann agus níl ach aon chúl amháin scóráilte go fóill ag an bhfoireann i gcúig chluiche, ceann Shane Duffy in aghaidh na Bulgáire.

Is léir na céard iad na hathruithe atá Kenny ag iarraidh a chur i bhfeidhm ar an bhfoireann ach fad is a bhaineann sé leis na torthaí ní dheachaigh na hathruithe sin chun leas na foirne fós.

Chomh maith leis sin, ábhar imní a bheidh ann do Kenny a laghad cluichí atá imeartha ag cuid de na himreoirí le mí anuas.

Níl cluiche ar bith imeartha ag Darren Randolph, Conor Hourihane ná Jayson Molumby ó bhí siad ag imirt d’Éirinn an mhí seo caite. Is mar ionadaithe den chuid is mó a bhí Callum Robinson, Robbie Brady agus Aaron Connolly ag imirt ó shin agus níl fáil ar Connolly, atá gortaithe, ná ar Robinson, a bhfuil Covid-19 tolgtha aige.

Bhí Shane Duffy ag imirt do Celtic le mí anuas ach bhí sé ag imirt chomh dona sin gur chaill sé a áit ar an bhfoireann an deireadh seachtaine seo caite agus tá a áit ar fhoireann Burnley caillte ag Kevin Long chomh maith.

Buille eile é nach mbeidh fáil ar Enda Stevens anocht. Tá gortú ag cur as don chosantóir ar chlé agus níl mórán imreoirí eile ag Stephen Kenny atá go maith san ionad sin. Cyrus Christie atá tugtha isteach sa scuad in áit Stevens ach is ar an gcliathán eile is mó a imríonn seisean.

Tharlódh go bhféadfadh Matt Doherty imirt ar thaobh na láimhe clé sna cosantóirí, rud a thabharfadh deis don bhainisteoir Matt Doherty agus Séamus Coleman beirt a chur chun páirce ó thús.

Níor chuidigh cinneadh David McGoldrick éirí as an imirt d’Éirinn le cúrsaí ach oiread. Ní hé go ndearna sé an beart i ngeansaí na hÉireann i gcónaí – níor scóráil sé ach aon chúl amháin i 14 cluiche – ach níl aon amhras ach gurbh é an tosach ab fhearr a bhí ag Éirinn le cúpla bliain.

Beidh deis anois ag Aaron Connolly imirt níos gaire don chúl ach ní fios fós an bhfeabhsóidh sin an scéal.

Ina gcoinne in Wembley, beidh scuad láidir Shasana. Cé gur chaill siad in aghaidh na Danmhairge sa chluiche deireanach, tá Sasana sa cheathrú háit i rangú domhanda FIFA.

Ar Declan Rice agus Jack Grealish, beirt a d’imir d’fhoirne na hÉireann sula ndearna siad cinneadh imirt le foireann le Shasana, is mó a bhí an chaint go dtí seo. Níl aon amhras ach gur mhór an buntáiste a bheadh ann dá mbeadh an bheirt sa gheansaí glasa anocht ach scéal thart anois é nach fiú a bheith ag caint air feasta.

Cé go bhfuil 35 bliain ann ó chaill foireann sacair na hÉireann in aghaidh na Sasanach, is ar comhscór a chríochnaigh na sé chluiche is deireanaí idir na foirne seo. Cé nach n-admhódh sé é, is dóigh go mbeadh Stephen Kenny sásta go maith le comhscór eile anocht.

Fág freagra ar 'Is mór an spreagadh a thabharfadh bua in Wembley d’fhoireann Stephen Kenny'