‘Is mór an náire nach féidir seirbhís shásúil as Gaeilge a fháil ón Stát 100 bliain i ndiaidh a bhunaithe’

Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta dul i dteagmháil le polaiteoirí chun ‘an tábhacht’ a bhaineann leis an mBille Teanga a léiriú

‘Is mór an náire nach féidir seirbhís shásúil as Gaeilge a fháil ón Stát 100 bliain i ndiaidh a bhunaithe’

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil.

Deir an Conradh go bhfuil sé ‘thar am’ ag an Stát freastal go cothrom ar phobal na Gaeilge agus go bhfuil an deis ann anois é sin a chinntiú sa Bhille Teanga atá ag dul trí Tithe an Oireachtais i láthair na huaire.

“Tá ceiliúradh déanta le cúpla bliain anuas ar bhunú an stáit ó dheas ach is mór an náire é 100 bliain níos déanaí nach féidir le pobal na Gaeltachta nó pobal na Gaeilge seirbhís shásúil as Gaeilge a fháil ón Stát go fóill,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Neil Comer.

“Tá an Conradh ag éileamh ar Jack Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Cosanta agus an Spóirt agus ar Catherine Martin, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán coimitmint a thabhairt é seo a athrú. Is féidir leo seo a dhéanamh láithreach bonn trína chinntiú go mbeidh reachtaíocht láidir, intomhaiste agus uaillmhianach nuair a chríochnófar le Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2019,” a deir Comer.

Cuireadh tús sa Dáil an tseachtain seo caite leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais agus na leasuithe ar an mbille atá molta ag Teachtaí Dála á bplé.

Pléadh deich gcinn den 308 leasú atá molta ar an mbille sa chéad dá chruinniú a bhí ann Dé hAoine seo caite ach níor ghlac Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le haon cheann acu.

Roimh na cruinnithe sin, dícheadaíodh breis is 90 leasú, ina measc leasuithe a chuirfeadh ceangal ar an stát seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Dícheadaíodh formhór na leasuithe sin toisc gur cinneadh go gcuirfidís costas breise ar an stát.

Níl cead ach ag aire nó aire stáit leasú a mholadh ar bhille má shíltear go mbeadh éileamh breise ar an státchiste mar thoradh ar an leasú sin.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil an reachtaíocht nua pléite le roinnt blianta acu le hairí, le polaiteoirí sa fhreasúra agus le feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta. Ach tá iarrtha anois de Spáin ar an bpobal dul i dteagmháil le polaiteoirí “an tábhacht” a bhaineann leis an reachtaíocht a léiriú dóibh.

Táimid ag éileamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chomh maith teagmháil a dhéanamh leis na hAirí agus leis na Teachtaí Dála atá ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge len iad a mhealladh chun na moltaí maidir le cinnteacht ó thaobh seirbhísí as Gaeilge sa Ghaeltacht, spriocanna earcaíochta Gaeilge san earnáil phoiblí, agus go leor eile a bheith san áireamh san Acht ag an deireadh.

“Seo é an t-aon slí a fheictear dúinn inar féidir leis an stát cothrom na Féinne ó thaobh seirbhísí sásúla as Gaeilge a chur ar fáil,” arsa de Spáinn.

Tá na hOifigigh Pleanála Teanga ar fud na tíre orthu siúd atá ag impí ar an Rialtas seirbhísí sásúla as Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

I ráiteas a eisíodh thar ceann na nOifigeach Pleanála Teanga ar fad, iarradh ar an Rialtas foráil dhíreach a chur san Acht teanga a chinnteodh go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

“Caithfidh an Státseirbhís na dualgais atá uirthi a aithint agus a chomhlíonadh gan cheist maidir leis an teanga náisiúnta, arb í an phríomhtheanga oifigiúil í go dlíthiúil. Murar féidir leis an earnáil phoiblí cearta teanga shaoránaigh na tíre seo a chosaint agus a ráthú, cén teachtaireacht a sheolann san amach? Cén mhaitheas Bille a dhréachtú chun seirbhísí as Gaelainn “a láidriú” má theiptear go sonrach ar sheirbhísí ón Stát a bheith as Gaelainn sa Ghaeltacht?” a deirtear.

Dúradh murar féidir leis an Stát a dhualgais i leith cearta teanga phobal na Gaeltachta a chomhlíonadh, gur teip a bheadh i ndán, ní hamháin don Acht, ach d’iarrachtaí na mílte duine agus na gcoistí deonacha ar fad a chaitheann dua leis an nGaeilge.

Reáchtálfar an chéad chruinniú eile de Roghchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun an Bille Teanga a phlé Dé hAoine.

Fág freagra ar '‘Is mór an náire nach féidir seirbhís shásúil as Gaeilge a fháil ón Stát 100 bliain i ndiaidh a bhunaithe’'

  • Treasa

    Is mór an náire an scéal seo ach b’fhearr go ndíreodh an Conradh freisin ar na daoine a labhrann Gaeilge i ndáiríre seachas do bheith ag gearán de shíor le polaiteoirí nach mbíonn ag éist leo. Ba chóir dóibh eastáit tithíochta a bhunú i gcathracha na hÉireann do phobal óg na Gaeilge agus bheadh rud éigin déanta.

  • F. Keany

    Chonaic muid le déanaí go bhfuil modh oibre nua ag teacht i bhfeidhm sa domhan forbartha de thairbhe an “víris”. Is é sin go bhfuil daoine ag cian obair sa bhaile. Le cíosanna agus praghsanna arda ar thithe sa phríomhchathair, bheadh sé ní ba éasca inniu, ná ag am ar bith eile le 100 bliain anuas, daoine a mhealladh chun na Gaeltachta. Ní gá fostaíocht amháin a chruthú sa Ghaeltacht níos mó le daoine a thabhairt isteach, ach banda leathan de chaighdeán sásúil a chur ar fáil inti. B’fhéidir go mbeadh fuadar faoin Rialtas na seirbhísí teanga a sholáthair ansin. Muna bhfuil vótá le fáil acu ní bheidh goile nó fiú suim acu rudaí a athrú.

  • S. Mac Muirí

    Táthar i ndiaidh a bheith ar ealaín na tathanta ar an dá stát bhéarla le dhá ghlúin anuas. Gheofar grábhróg thall is abhus, b’fhéidir, ach ní bhíonn rath ar an impí. Ba tairbhí a bheith ag náiriú na bhforas béarla go seasta as a ngalldachas ar bhealach córasach. Cuir teannadh faoin gcarr am ar bith a thosós fógra ar thaobh an bhealaigh ag scairteadh leat ‘slua ‘ dúin!’ Mura ndéana sé a dhath eile duit beidh tú istigh i lár an bhaile mhóir go breá luath.😉
    Tá an dá stát lofa le gallscolaíocht a aiseagann dúramáin aonteangacha, ainniseoirí dall ar a dteanga féin, bliain i ndiaidh a chéile. Bainigí sult as bhur dteanga féin dá n-ainneoin 7 molaim daoibh a bheith beag beann ar lucht an bhéarla. Ní dochar ar bith a bheith ag magadh orthu anois is aríst ach oiread nuair is gá.
    Blaisín den náire braon den íocshláinte.