‘Is mór an náire córas séarachais Chill Rónáin do mhuintir na háite agus na mílte turasóirí a bhíonn ar cuairt ann’ – Ó Cuív

Dúirt an Teachta Ó Cuív nach bhfreastalaíonn córas séarachais Uisce Éireann ach ar líon beag tithe ar Inis Mór cé go mbíonn suas le 2,000 duine in aghaidh an lae ag tabhairt cuairt ar an oileán

‘Is mór an náire córas séarachais Chill Rónáin do mhuintir na háite agus na mílte turasóirí a bhíonn ar cuairt ann’ – Ó Cuív

Cill Rónáin, Inis Mór

Tá ráite ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur ‘mór an náire’ an córas séarachais atá in úsáid ar Inis Mór.

Pléadh na fadhbanna atá leis an gcóras atá in úsáid i gCill Rónáin sa Dáil an tseachtain agus dúirt an Teachta Dála de chuid Ghaillimh Thiar go raibh práinn le hobair ghearrthéarmach chun cuid de na fadhbanna a réiteach ach go raibh scéim iomlán nua ag teastáil chun an baile ar fad a chlúdach.

Mhínigh Ó Cuív go raibh scéim séarachais ag Uisce Éireann i gCill Rónáin a fhreastalaíonn ar líon beag tithe comhairle contae ansin.

“Taobh amuigh de sin, níl aon scéim séarachais ar an mbaile beag seo, baile a bhfuil beocht is forás faoi agus a dtugann go leor daoine cuairt air,” arsa Ó Cuív.

“Tá sé spéisiúil a chur san áireamh nach bhfuil fiú na leithris phoiblí atá ag an gComhairle Contae ansin ceangailte le scéim séarachais phoiblí ach le ceann beag príobháideach.”

Dúirt Ó Cuív go mbíonn suas le 2,000 duine in aghaidh an lae ag tabhairt cuairt ar Inis Mór i rith an tsamhraidh agus go gcaitheann an chuid is mó díobh tamall i gCill Rónáin agus go mbaintear úsáid as na háiseanna atá ann.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh an scéal pléite aige le hUisce Éireann agus go raibh conraitheoir fostaithe chun an fhadhb atá ann le fuíolluisce a réiteach.

“Níl ach réiteach amháin ar an bhfadhb seo, is é sin go dtógfaí scéim séarachais cheart as an nua do bhaile Chill Rónáin ar fad,” arsa Ó Cuív.

“Caithfear an obair ghearrthéarmach a dhéanamh ach teastaíonn scéim nua ar fad a chlúdódh an baile uilig agus an séarachas príobháideach sa mbaile agus a ligfeadh don bhaile fás.

“Is mór an náire don oiread sin daoine idir mhuintir na háite agus daoine ag teacht isteach agus séarachas Chill Rónáin mar atá sé.”

Dúirt Malcolm Noonan, Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, go raibh Uisce Éireann i mbun fiosrúcháin maidir leis na gearáin a bhí faighte faoin gcóras séarachais i gCill Rónáin.

Dúirt sé go raibh clár oibreacha á chur le chéile i láthair na huaire agus go raibh súil ann go gcuirfí an obair seo i gcrích sa dara leath den bhliain seo.

Fág freagra ar '‘Is mór an náire córas séarachais Chill Rónáin do mhuintir na háite agus na mílte turasóirí a bhíonn ar cuairt ann’ – Ó Cuív'