Is mór an feall nár fágadh Artemis in ifreann na forbartha

Bhíomar ag súil leis an áiféis in Artemis Fowl ach ní raibh aon choinne againn go mbeadh sé chomh liobarnach, scaipthe agus leadránach

Is mór an feall nár fágadh Artemis in ifreann na forbartha

Artemis Fowl
Stiúrthóir: Kenneth Branagh
Cliar: Ferdia Shaw, Josh Gad, Lara McDonnell, Colin Farrell, Judi Dench

‘A story that begins where every great story begins, in a place where magic and wonder still exist. The most magical place on Earth. Ireland.’

Sin a deir an carachtar Mulch Diggums (Gad) linn ag tús an scannáin Artemis Fowl agus tús á chur aige lena thráchtaireacht ar ghaiscí phríomhcharachtar úrscéalta fantaisíochta Eoin Colfer.

Tháinig an chéad leabhar i gcnuasach Fowl ó pheann Colfer in 2001 agus bhí rath thar na bearta ar na hocht leabhar ó shin.

Ní haon iontas go rabhthas ag caint faoi leagan scáileáin le blianta. Chaith Artemis na blianta in ‘ifreann na forbartha’, áfach, ach ar deireadh thiar thall tá an scannán tugtha ar an bport.

Ag an bpointe seo tá a leanaí féin ag cuid díobh siúd a bhí á léamh go cíocrach ag tosach na mílaoise.

Is gaisce ann féin é go bhféadfadh saothar Éireannach guailleáil isteach i lár an aonaigh i gceárta Disney. Agus is saothar Éireannach é seo gan aon agó. Saothar le scríbhneoir Éireannach atá lonnaithe in Éirinn, cóirithe don scáileán ag drámadóir Éireannach (Conor McPherson) le stiúrthóir agus aisteoirí Éireannacha.

Ar an drochuair is saothar scaipthe é nach bhfuil teann as féin. Ní dóigh liom go sásóidh sé goile lucht leanta na leabhar agus ní éireoidh leis ach an oiread aineolaigh cosúil liomsa a mhealladh chuig domhan Colfer.

Ag tús an scannáin cuirtear Artemis Fowl II (Ferdia Shaw, garmhac le Robert Shaw) os ár gcomhair. Buachaill óg dhá bhliain déag d’aois atá meabhrach, coráistiúil. Fear gnó rathúil é a athair Artemis Fowl I (Farrell) agus nuair a dhéantar é siúd a fhuadach bíonn ar an mbuachaill óg uaibhreach dul sna fir le dul ag comhrac le bithiúnaigh as domhan na sí.

Is dóigh liom go mbeidh díomá orthu siúd a bhfuil tóir acu ar mhiotaseolaíocht na hÉireann.

Cé go ndéantar trácht ar na Tuatha Dé Danann, Leabhar Cheanannais, mná sí agus Teamhair na Rí tá blas bréag-Ghaelach agus ‘Oirish’ ar an rud ar fad.

Is dóigh liom go dtéann rudaí amach ón gcairt nuair a thuirlingítear i ndomhan faoi thalamh na sióg.

Spásárthaigh, cultacha nach mbeadh as áit i scannán Flash Gordon, gunnaí léasair agus fearas ar féidir leis an t-am a stopadh. Bocánaigh, troill, abhaic agus síofraí.

Is fada ón lios an domhan seo.

Taibhsíodh dom go raibh an iomarca cainte agus gan dóthain eachtraíochta nó grinn.

Eolas faoi dhomhan na sí agus cúlraí na gcarachtar á raideadh chugainn ach ní tharlaíonn mórán. Gothaí móra agus buillí beaga. Tóraíocht taisce atá againn anseo, ach tóraíocht nach bhfágann an tigh.

An é gur caitheadh an iomarca dua leis na máithreacha a leagadh dos na gálaí a measadh a bheadh ag teacht?

Déanann Ferdia Shaw a dhícheall leis an ról atá aige ach ní carachtar mealltach ná le haon téagar é. Mar a chéile é ag an meitheal carachtar timpeall air – Anozie ina bhuitléir agus sióga a bhfuil Dench is McDonnell ina measc. 

Bhíomar ag súil leis an áiféis ach ní raibh aon choinne againn go mbeadh sé chomh liobarnach, scaipthe agus leadránach.

Níl a fhios agam an bhfágfaidh domhan na sióg lorg ar dhomhan Disney.

Fág freagra ar 'Is mór an feall nár fágadh Artemis in ifreann na forbartha'