Is mó snáithe a bhain le scéal de Gaulle in Éirinn ar TG4

Bhí cur síos taitneamhach, léargasach ag TG4 ar na sé seachtaine a chaith mórlaoch na Fraince in Éirinn i 1969

Is mó snáithe a bhain le scéal de Gaulle in Éirinn ar TG4

Na Géanna Fiáine, Dónall Ó Conaill, grianghrafadóirí seiftiúla na Ríochta agus Charles de Gaulle. Is mó téama a dhéanann an clár faisnéise taitneamhach De Gaulle in Éirinn (TG4, Dé Céadaoin) a chniotáil le chéile in aon uair an chloig amháin.

Caoga bliain i ndiaidh bhás Charles de Gaulle déanann an saothar seo iniúchadh ar an dtréimhse sé seachtaine a chaith sé in Éirinn i 1969.

Meabhraíodh dúinn gurbh é de Gaulle duine de mhórphearsana polaitíochta an fichiú haois agus mórlaoch na Fraince de bharr a cheannaireachta i rith an Dara Cogadh Domhanda. Faoi 1969 bhí deich mbliana caite aige mar uachtarán na Fraince agus bhí idir alltacht agus ghoimh air nuair a d’eitigh an pobal do reifreann uaidh maidir le leasú an tseanaid.

Chaith sé a chaipín leis an bpost agus chinn ar theitheadh ón bhfód dúchais ar feadh scaithimh.

In iarracht éalú ó na meáin agus sámhnas a fháil ón doicheall agus an díomá, thug sé aghaidh ar an iargúil, An tSnaidhm i gContae Chiarraí. Níorbh í an iargúltacht amháin a mheall go hÉirinn é i dtráth a shuaite, áfach, agus is diaidh ar ndiaidh a léiríonn an clár nasc de Gaulle leis an tír. I dtosach an chláir rinneadh trácht ar an bhfothragadh in iardheisceart Chiarraí nuair a thuirling an Francach sé troithe agus cúig orlaí is a bhean Yvonne ar an dúthaigh. Cad é seiftiúlacht ó mhuintir Kennelly, Pádraig is Joan, is iad ag iarraidh pictiúirí a fháil don Fhrancach.

Ba é de Gaulle, ina aigne féin agus in aigne mórán, fuascailteoir na Fraince. Ní haon iontas mar sin go mbeadh dáimh aige le Fuascailteoir na hÉireann, Ðónall Ó Conaill, a rugadh agus a tógadh i nDoire Fhíonáin cúpla míle siar an bóthar. Imeartas peannaireachta ag baint leis an tslí ar scrígh de Gaulle ‘Libérateur’ idir a ainm féin agus ainm Uí Chonaill i leabhar na gcuairteoirí.

Go deimhin do scrígh a sheanmháthair leabhar faoi Ó Conaill agus tugadh léargas suimiúil dúinn ar an dáimh a bhí ag muintir na Fraince le Ó Conaill i rith a shaoil agus tar éis a bháis.

Cuireadh agallamh i bhFraincis ar ghaol de chuid de Gaulle agus ar an aide de camp a bhí aige, Francois Flohic. Is i mBéarla a labhair formhór na gcloigne cainte, áfach agus fágadh faoin Ollamh Grace Neville agus an Dr. Éamon Ó Ciosáin an t-ionchur Gaeilge a dhéanamh, cúram a dheineadar go paiteanta.

Deineadh dreasanna maithe cainte leo agus chuir siad scéal beoga inár láthair go léargasach agus go heolgaiseach. Lena chois sin bhí tráchtaireacht dheisbhéalach againn ó Dhoireann Ní Bhriain.

Míníodh ginealach Éireannach an Fhrancaigh go beacht agus tráchtadh ar an tslí ar thagair sé féin dá fhuil Éireannach. Luaigh an fear é féin nach aon chomhtharlúint a bhí ann gur thug sé aghaidh ar fhód a shinsear in am an ghátair.

Clár taitneamhach géarchúiseach faoin gcúlra agus na heachtraí a bhain le sé seachtaine suimiúil i stair na Éireann.

Fág freagra ar 'Is mó snáithe a bhain le scéal de Gaulle in Éirinn ar TG4'

  • Helena Lordan

    Clár iontach. Comhghairdeachas le TG4. Dhein Doireann Ní Bhriain, an tOllamh Grace Neville & an Dochtúir Séamus Ó Cíosáin ana-jab. Helena Lordan

  • Éamon Ó Ciosáin

    Go raibh míle maith ag Breandán agus ag Helena as an aischothú.
    Mar eolas do dhaoine, d’fhoilsigh rannpháirtí sa chlár leabhar faoi shinsear Éireannach De Gaulle, muintir Mhic Artáin, ag inseacht scéal a mbeatha ón 16ú aois aniar. ‘Les Mac Cartan de Kinelarty The McCartans of Kinelarty’, le Thérèse Ghesquière-Diérickx agus Seán McCartan (2013). Tá an téacs Fraincise agus Béarla ar aon dul ann, maille le portráidí na sinsear agus íomhánna de cháipéisí bunaidh.
    Cóipeanna ar fáil ón gCeathrú Póilí nó uaim féin.