Is mó baint a bhí ag an mBreatimeacht i gcónaí le polaitíocht na Breataine ná le cúrsaí trádála 

Beagnach sé bliana ó reifreann an Bhreatimeachta, tá an toradh fós ag cothú deacrachtaí móra

Is mó baint a bhí ag an mBreatimeacht i gcónaí le polaitíocht na Breataine ná le cúrsaí trádála 

Tá sé beagnach sé bliana ó chaith pobal na Breataine a vótaí sa reifreann ar an mBreatimeacht. Ghlac siad leis an moladh go bhfágfaidís an tAontas Eorpach cé nár cuireadh an t-eolas ar fad ina láthair faoi céard a chiallódh an méid sin. Go deimhin, bhí go leor den eolas a cuireadh ina láthair múnlaithe chun iad a mhealladh le droim láimhe a thabhairt leis an Aontas.

Is beag duine inár measc nach cuimhin linn bus Boris Johnson – ‘We send the EU £350 million a week, let’s fund our NHS instead.’ Chuaigh an teachtaireacht i gcion ar phobal Shasana agus lena dtacaíocht siadsan tá sé bliana curtha thart ag cur agus ag cúiteamh leis an Aontas a fhágáil.

Bheadh sin togha murach cúinsí eile le cur san áireamh, go háirithe an teorainn sa tír seo. Caitheadh an oiread ama agus fuinnimh ag iarraidh múnlaí éagsúla a chur le chéile a chinnteodh go mbeadh an Ríocht Aontaithe in ann imeacht as an Aontas Eorpach – go háirithe an margadh aonair – agus teorainn ar oileán na hÉireann a sheachaint. Teorainn a bhí beagnach imithe ó chuimhne ar go leor daoine mar thoradh ar an éascaíocht a bhain le bheith inár gcomhbhaill den Aontas Eorpach.

Chaith Theresa May a tréimhse ar fad mar phríomh-aire ag streachailt leis an gceist seo ach fuair siad amach gur deacair daoine a shásamh. Mar bharr ar an mí-ádh bhí sí ag brath ar thacaíocht an DUP agus í i rialtas. Bhí siad ar son an Bhreatimeachta agus a bhí a gcuid reitrice ar nós cuma liom faoi theorainn a bheith ar oileán na hÉireann. Ba chuma leo an fhad agus go mbeadh a seasamh féin sa Ríocht Aontaithe dearbhaithe agus cinntithe. D’inis Boris Johnson bréaga dóibh, gheall sé an domhan dóibh agus ansin thug sé droim láimhe leo.

Ghlac sé le prótacal a chuirfeadh teorainn chustaim i bhfeidhm ar chúrsaí trádála idir oileán na Breataine agus oileán na hÉireann – teorainn ar muir Éireann. Níl aon dul as, ghlac rialtas na Breataine leis agus teastaíonn uathu anois cúlú ón ngeallúint sin.

Tá an reachtaíocht a thabharfadh feidhm don chúlú sin trí cuid den phrótacal a chur ar ceal go haontaobhach curtha siar go dtí an tseachtain seo chugainn. Tá foláirimh tugtha ag an Taoiseach agus ag an Aire Gnóthaí Eachtracha faoin dochar atá á dhéanamh don chaidreamh idir Éirinn agus an Bhreatain gan trácht ar an éiginnteacht atá cothaithe ag an scéal ar fad i bpolaitíocht Thuaiscirt Éireann, mar a bhfuil an DUP ag diúltú an Feidhmeannas a athbhunú in Stormont go dtí go bhfaighidh siad a gcomhairle féin. Tá údaráis an Aontais Eorpaigh ag deireadh na feide leis an mBreatain. Tá diúltaithe don uile thairiscint atá déanta le comhréiteach a dhéanamh.

Cén fáth go bhfuil sé chomh deacair réiteach a dhéanamh? Mar gur mó baint a bhí ag an mBreatimeacht i gcónaí le polaitíocht na Breataine ná le cúrsaí trádála.

Ceist don Riocht Aontaithe a seasamh mar mhórchumhacht idirnáisiúnta agus ní raibh baint aige riamh le bunphrionsabail an mhargaidh aonair san Eoraip. Sin atá ag cothú imní na nAontachtach freisin – a seasamh taobh istigh den Ríocht Aontaithe sin. An bhfuil foirmle focal a chuirfidh ar a suaimhneas iad go mbeidh siad mar chuid den Ríocht Aontaithe nó go bhfaighidh tromlach de mhuintir na hÉireann deis a mhalairt a roghnú? Agus a thabharfaidh cead freisin ispíní a thabhairt isteach as an mBreatain go Latharna? Is cosúil go bhfuil riar den obair fós le déanamh.

Fág freagra ar 'Is mó baint a bhí ag an mBreatimeacht i gcónaí le polaitíocht na Breataine ná le cúrsaí trádála '