Is milis an féirín í an tsláinte agus is searbh a bheith gan í

Chaith muid an bhliain ó mhí an Mhárta ag iarraidh greim a choinneáil ar an tsláinte

Is milis an féirín í an tsláinte agus is searbh a bheith gan í

Is milis an féirín í an tsláinte agus is searbh a bheith gan í, a deir an seanfhocal, is bíonn an fhírinne féin searbh corruair. Ní fhéadfainn a rá nach bliain shearbh, ghéar a bhí inti, cé go bhfuil go leor a tharla a bhfuil mé buíoch as chomh maith céanna.

Níl aon dabht ach go bhfuil an duine in ann a ghabháil i gcleachtadh ar athruithe. Cé a cheapfadh ag tús na bliana seo go mbeadh muid imithe i dtaithí chomh sciobtha is atá ar an scoitheadh sóisialta, gan a bheith ag croitheadh lámh, nó masc a chaitheamh in áiteanna poiblí.

Chaith muid an bhliain ó mhí an Mhárta ag iarraidh greim a choinneáil ar an tsláinte, an té a raibh sí acu. Bhí muid ag iarraidh an té nach raibh an tsláinte rómhaith acu a chosaint ón ngalar gránna Covid-19 a tháinig sa mullach orainn sa gcéad ráithe den bhliain.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an bhfógra mór a tháinig anall as Washington ar an 12 Márta, 2020 ón iarThaoiseach Leo Varadkar agus é thall ar chuairt thraidisiúnta an Taoisigh do cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig. D’fhógair sé an mhaidin sin go raibh na scoileanna á ndúnadh go ceann coicíse agus réimse beart eile a bhí mar chuid den chéad iarracht moill a chur ar scaipeadh an ghalair.

Ní raibh a fhios againn é ag an am, ach ní osclódh na scoileanna arís go dtí mí Mheán Fómhair agus tús na scoilbhliana nua.

An lá roimhe, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim é Covid-19 agus anseo in Éirinn fógraíodh go raibh an chéad duine básaithe leis sa tír seo. Bhí 48 cás deimhnithe den ghalar in Éirinn ag an am agus é ag scaipeadh go tréan.

Ní raibh muid ach ag bailiú eolais an t-am sin faoin ngalar, an chaoi a scaipeann sé agus cén chaoi lena choinneáil faoi smacht. Tá os cionn 3,000 duine básaithe ón gCovid ó shin ar oileán na hÉireann, go ndéana Dia trócaire orthu, agus tá os cionn 140,000 cás deimhnithe den ghalar sa tír.

Thosaigh muid ag foghlaim na téarmaíochta – an scoitheadh sóisialta, an díghalrán láimhe, cothromú ar an gcuar…   Is beag nach ndearna mé dearmad ar chothromú an chuair.

Is ag tagairt do ráta scaipthe an ghalair a bhí an cuar agus an chaoi a léiríodh an ráta ar ghraf easpónantúil.

Nuair a bhí an galar ag scaipeadh go rábach bhí an líne ar an ngraf ag dul suas agus suas agus nuair a laghdaigh an ráta tháinig cothromú ar an líne ar an ngraf. Is ar an gcothromú sin a bhí muid ag faire. D’fhoghlaim muid go leor faoi ghrafanna easpónantúla i mbliana.

Leis an méid foghlama a bhí le déanamh againn i mbliana, níorbh aon dochar dúinn gur thosaigh muid ar an scoil sa mbaile i mí an Mhárta.

Buíochas mór le Dia théis roinnt seachtainí den dianghlasáil thosaigh na múinteoirí ag seoladh bileoga oibre abhaile ar ríomhphost agus bhí cúpla rang gach seachtain ar líne trí Webex.

Ní fada, áfach, nó go raibh muid imithe go mór ar strae sa teach seo ón gcuraclam náisiúnta agus modúil thionscnamhacha curtha san áireamh sa seomra ranga againn.

Rinne muid staidéar ar ábhair nua, leithéidí, ‘Folmhú agus Líonadh an Niteoir Soithí 101’, ‘Na Ciogail ar an Meaisín Níocháin: céard a dhéanann siad agus an cuma?’, agus ‘Arán Banana: ní féidir dul amú leis’.

Beannachtaí na Nollag agus guím Nollaig shlán, shíochánta oraibh ar fad (gan a bheith róshíochánta).

Fág freagra ar 'Is milis an féirín í an tsláinte agus is searbh a bheith gan í'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Guímid féin sonas 7 síocháin agus eile duit 7 dod theaghlach lách :-)