Meas tú, an mbreathnaíonn Brian Leddin, an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, isteach ina chroí nuair a theastaíonn uaidh fios a bheith aige céard atá ar intinn mhuintir na hÉireann?
Is éard a spreag an cheist seo ná ráiteas ón duine céanna sa Dáil inar dhúirt sé nach dteastaíonn ó mhuintir na hÉireann a bheith neodrach.
Cén fhianaise atá aige don ráiteas seo nuair a léirigh pobalbhreith anuraidh go raibh 66% de mhuintir an stáit seo i bhfabhar cloí leis na bpolasaí neodrachta mar atá, agus gan ach 24% ag iarraidh é a athrú?
Ba chuma an difear sin idir dearcadh Leddin agus dearcadh an phobail, ach amháin go raibh Leddin ag caint faoin bhFóram Sainchomhairleachta i dtaobh Polasaí don tSlándáil Idirnáisiúnta atá le bunú ag an rialtas.
Maíonn an rialtas nach í an neodracht amháin a bheidh faoi chaibidil ag an bhFóram seo, ach polasaí cosanta, agus polasaí an stáit i leith shlándáil an domhain freisin.
Sin é maíomh an rialtais, ach tuigeann gach éinne go mbeidh an neodracht lárnach sa phlé. Agus creidtear go forleathan má tá pobal na tíre i bhfabhar na neodrachta go bhfuil an rialtas ag iarraidh bealach a aimsiú le dul timpeall air sin.
Cheana féin tá muid páirteach sa bPáirtnéireacht ar son na Síochána, agus sa Ghrúpa Nordach Cogaidh de chuid an Aontais Eorpaigh; ach maíonn an rialtas nach sárú ar ár bpolasaí neodrachta é muid a bheith bainteach leo.
Ó cuireadh tús le cogadh na hÚcráine, ámh, tá an rialtas ag tabhairt le fios gur cóir athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí, agus chuige sin tá an Fóram Sainchomhairleoireachta á bhunú.
Ní haon mhaolú ar mhíchompord daoine leis an bhFóram seo an scéala go bhfuil Louise Richardson ceaptha ina cathaoirleach ar an bhFóram. Dar leis an Tánaiste Micheál Martin tá taithí faoi leith ag an Dame Commander of the Most Excellent Order of the British Empire, Louise Richardson – lena hainm is a teideal iomlán a thabhairt di – sna cúrsaí seo.
San eagrán is déanaí d’iris Phoenix, deirtear go ndeir an Dame Commander ina leabhar What Terrorists Want, gur ghníomhaigh muid (liomsa an bhéim) san Afganastáin beag beann ar thuairimí NATO.
Cé hiad an ‘muid’ seo aici?
Deir an rialtas ar ndóigh go bhfuil muid neodrach maidir le cúrsaí míleata ach nach bhfuilimid neodrach maidir le cúrsaí polaitíochta nó trádála. Mura dtuigeann tú an difear, ná bí buartha, mar dúirt Brian Leddin sa Dáil nach dtuigeann sé féin an difear ach an oiread.
Agus ar ndóigh le linn a chuairte ar Éirinn mhaígh Joe Biden, Uachtarán Mheiriceá, go bhfuil Éire agus SAM fite fuaite le chéile agus an dearcadh céanna againn ar chúrsaí idirnáisiúnta.
Meas tú, an bhfuil aon amhras ann mar sin faoin méid a mholfaidh an Fóram i ndiaidh an phlé atá le teacht?
Cuid den argóint, cinnte, ná nach gcaitheann muid ár ndóthain ar armas chun muid féin a chosaint aimsir chogaidh.
Ach smaoinigh ar na billiúin dollar a chaith Saddam Hussein na hIaráice ar threalamh míleata den scoth ach trealamh nár mhair ach leathuair a chloig nuair a tháinig an cogadh.
Go deimhin is cuma cé na giuirléidí cogaidh a cheannóimis ní bheadh d’acmhainn againn aon chosaint a dhéanamh orainn féin sa chás go ndéanfaí ionradh orainn seachas dul i muinín na treallchogaíochta in aghaidh aon ionróra, faoi mar a rinne muid chun na Sasanaigh a ruaigeadh.
Sin é, mar shampla, an polasaí atá ag Cúba. Agus sin é an polasaí, measaim, ba cheart a bheith againne. Chuige sin ní trealamh a cheannach an réiteach ach ár bhfórsaí cosanta a chur faoi oiliúint sa treallchogaíocht agus trealamh atá oiriúnach di sin a chur ar fáil dóibh.
Agus, pé scéal é, cé a dhéanfadh ionradh orainn? An Rúis? Cén fáth? An tSín? Rófhada uainn ar fad. An t-aon stát a rinne ionradh orainn le 800 bliain ná Sasana, agus ní dóigh liom go dtiocfadh NATO chun cabhrú linn dá ndéanfaidís arís é.
Nach cóir, ina ionad sin, cloí le halt a 29 den Bhunreacht, a deir go ndearbhaíonn ‘Éire fós gur mian léi go ndéanfaí gach achrann idir náisiúin a réiteach go síochánta le headráin idirnáisiúnta nó le cinneadh breithiúnach’.
Bunaithe air sin, ghlac an stát seo páirt i ngníomhaíochtaí de chuid na Náisiún Aontaithe ar mhaithe le síocháin a choinneáil in áiteanna ina raibh achrann.
Creidim, mar a léiríodh sa phobalbhreith sin tá bliain ó shin, gurb in mian an phobail i gcónaí.
Cén ceart mar sin atá ag Brian Leddin a rá nach dteastaíonn neodracht uainn? Cén fáth go gcuirfeadh muid Alt a 29 den Bhunreacht ar ceal, agus Micheál Martin ag rá nach gá aon reifreann a reáchtáil le deireadh a chur le polasaí neodrachta?
Cén fáth go bhfuil Dame Commander den British Empire ag teastáil le muid a chur ar an mbóthar ‘ceart’?
Gabriel Rosenstock
Aontaím. Mhaígh Gay Mitchell TD ar na mallaibh (san Irish Times) go bhfuil Éire faoi bhagairt ón dtaobh amuigh. Cén áit ar an dtaobh amuigh? Níor luaigh sé cén áit. Cósta Ríce, b’fhéidir? Ó, mo dhearmad. Níl arm ag Cósta Ríce. Anois . . . sin smaoineamh!
Donncha ó hÉallaithe
Tugaim faoi deara gur daoine a bhíonn ag cosaint cogaíocht na Rúise is mó a bhíonn ag iarraidh go mbeadh Éire ‘neodrach’. Baol ar bith orthu féin a bheith ‘neodrach’!
Gabriel Rosenstock
Fear mór staitisticí é Donncha. An bhfuil comhaireamh déanta aige ar gach éinne in Éirinn atá ar son na neodrachta agus an bhfuil tábla déanta amach aige chomh maith de na daoine atá ag cosaint na Rúise? An bhfuil an dá thábla ag teacht le chéile? Níl a fhios ag Donncha líon na ndaoine in Éirinn atá ar son na neodrachta. Conas a bheadh? Níl an figiúr sin ag éinne.
Cén fáth daoine a chur i mboscaí mar sin? Táimse ar son na neodrachta. Nílimse ar son na Rúise sa chogadh gránna atá ar siúl faoi láthair. Cogadh gránna is ea é – ar an dá thaobh.
Is dóigh liom gur maslach an rud é a rá gur daoine a bhíonn ag cosaint chogaíocht na Rúise is mó a bhíonn ag iarraidh go mbeadh Éire ‘neodrach’. Níl aon chiall leis. Cén fáth nach ndéarfadh sé go bhfuil tugtha faoi deara aige gurb iad na daoine atá ar son na neodrachta na daoine is mó a dtaitníonn trátaí leo!
Donncha Ó hÉallaithe
Glacaim le do phoinnte, Gabriel, nach ionann a bheith ar son neodracht na tíre agus a bheith ar son na Rúise. Mo leithscéal nach ndearna mé féin soiléir: is ag ardú ceiste a bhí mé faoi na daoine a chosain agus a chosnaíonn an Rúis sa gcogadh gránna seo a thosaigh an Rúis leis an ionsaí ar an Ucráin, agus a bhíonn ag labhairt ag an am céanna faoi thábhacht na neodrachta nuair nach bhfuil siad féin neodrach, ná baol air.