Amhras agus searbhas a chothaigh flaisc na n-airí sa gcáinaisnéis an lá cheana agus go leor ag lua breabaireacht agus síomóntacht leis na féiríní ar gheall le ceirt ar chneá iad seachas an aicíd a ghlanadh amach ar dtús. Ach sin mar a oibríonn Rialtais dhaonlathacha sa tír, níl acu ach cúig bliana gan toghchán eile agus mar sin ní shantaítear plean ar bith níos faide ná sin a bhféadfadh gur dream éigin eile a gheobhadh tairbhe agus buíochas dá bharr. Tabharfaidh muid gaoth dhó nuair atá sé againn seachas pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh. Nach maith mar a d’fhógair tuilte Bheanntraí dúinn le gairid nach é lá na gaoithe lá na scolb – cúiteamh á lua ar an bpointe seachas seachaint is pleanáil. Íocadh an chéad ghlúin eile an téiléireacht as siléig ár nglúine!
Tráthúil go leor bean a bhásaigh an tseachtain seo caite a mhínigh bunphrionsabal sin na polaitíochta sa tír seo dom. I ndeireadh na 1980idí bhí Mary O’Rourke ina haire oideachais tráth a raibh mise níos idéalaí ná mar atá anois agus bhí meitheal againn ag obair go dícheallach ar shiollabas Gaeilge a ghlanfadh cuid den bhréantais a bhí ag teacht amach as Sráid Mhaoilbhríde. Bhí roinnt mhaith múinteoirí agus a gcuid daltaí ag súil le míorúiltí!
Seoladh ár gcuid moltaí (a bhí á dtriail againn go píolótach le tamall maith) go dtí an tAire agus seo le beirt againn le bualadh le Mary O’Rourke, iarmhúinteoir meánscoile í fhéin. Bhí an cháipéis scrúdaithe aici, bhí an-tuiscint aici ar a raibh á mholadh againn, d’aontaigh sí linn go raibh fiúntas agus gá leis, go mbeadh cath le troid le lucht ceardchumainn agus go leor inseirbhíse srl le déanamh. Ní bréag a rá go raibh muid sásta agus an-mhisneach againn!
Ach mo léan géar le polaiteoir seiftiúil agus ní le múinteoir a bhíomar ag caint an lá sin. Béarla a bhí á labhairt againn agus ar sise go breá suáilceach, ‘Ní thuigeann sibhse an Killucan Factor ach míneoidh mise daoibh é.’ Agus rinne.
Is cosúil an tráth sin go raibh sé de ‘dhualgas’ ar Aire Oideachais na tíre seo fiafraí di fhéin faoi gach uile pholasaí a mbíodh sí ag plé leis, céard a déarfaí faoi taobh amuigh den séipéal Dé Domhnaigh i gCill Liúcainne na hIarmhí!
Séimh go maith a dúirt sí gur chreid sí gur beag suntas a chuirfí i siollabas fónta don Ghaeilge agus gur fánach an buíochas a gheobhadh an Teachta Dála a chuirfeadh allas ar a shon. Ach dá dtógfaí seomra ranga nó leithreas breise scoile bheadh an saol mór ag caint ar an aicsean a rinne bean na háite agus an t-airgead sin a bhaint den Aire Airgeadais!
Mar a dúirt mé bhí mé idéalach is saonta ag an am agus cheap mé gur dúrúch cuidiú leis an gcosmhuintir a thug ar riar daoine tabhairt faoin bpolaitíocht, agus is maith an seans gurb ea, ach nach deacair mórán a dhéanamh agus an Killucan Factor mar shrathair ort? Ceist eile ar ndóigh cá mbíonn na breithiúna polaitiúla i mbun cúirte anois ó tá séipéil is a gcuid geataí bánaithe?
Tá mé buíoch do bhean Átha Luain as an gceacht sin mar tríd an scáthán sin a iniúchaim cinntí rialtas ó shin agus go bhfóire Dia ar na ceantair sin nach nós le formhór an phobail a ghabháil ag vótáil. An té atá amuigh fuaraíonn a chuid!
Iarmhúinteoir as an bpáirtí céanna atá ina hAire Oideachais faoi láthair agus is mór é m’fhaitíos go dtuigeann Norma Foley an Trá Lí Factor agus gur mó poiblíocht a tharraingeoidh tiachóga leictreonacha do na fóin ná oideachas fiúntach Gaeilge is Gaeltachta.
WTF
Briseadh croí.
Mairéad Ní Nuadháin
Píosa den scoth, mar is gnáth.