Thanam ‘on diabhal ach tá teas ann. cheapas nach seasódh an jacaí in aon chor é an tseachtain seo. Táim siúráilte murach go raibh tigh an óil sa chóngar agam, agus go rabhas ábalta ar éalú isteach ann agus cúpla maide pínt a chaitheamh siar, go mbeinn tite as mo sheasamh ag an mbrothall. I nearly fell out of my standing, fé mar a dúirt an fear thuaidh lá.
Agus mé ag féachaint isteach don oileán an tráthnóna eile, an bealach ina bháinté agus gach aon ní fé mar a bheadh pictiúr i ndánlann, rith scríbhinní an Chriomhthainigh liom. Bhí sé suite ar an nduimhche os cionn na Trá Báine ar a leithéid seo de lá, céad bliain ó shin, agus lán a dhá shúil á bhaint aige as an radharc a bhí os a choinne:
Leagas mo shúil sa timpeall ar muir agus ar talamh. Ní fheadar an raibh sé i gcumas aon tsúile eile corpartha faoin ngréin a oiread suaitheantais a fheiscint as aon lantán amháin is mar chonaic mo shúile-se san am seo, agus gach iontas acu á chur in iúl dom gurbh é an Máistir Beannaithe a riaraigh iad. An méid de ghnóthaí an duine a bhí agam le feiscint, níorbh iontas liom iad san am seo.
Timpeall a ceathair a chlog tráthnóna an t-am seo, agus an ghrian ag leagadh tharam ó thuaidh agus í ag tabhairt solais do gach áit timpeall go taitneamhach. Bhí faillteacha na míntíre faid a rith mo radharc an uair seo, agus níor mhar a chéile an dath a bhí ar aon dá cheann acu, mar níor mhar a chéile an dath a bhí ón nádúir orthu.
Ní deirim agus ní déarfainn gurbh fhéidir le haon dath eile a bheith sa chruinne ar an dtaobh amuigh des na dathanna seo. Bhí dath na nádúra ar gach faill, cuas agus cladach roimh ré, agus leis sin níor athraigh taitneamh na gréine an uair seo iad ach a oiread mura mó a chuir sí leo. (Allagar na hInise)
Is dóigh liom gur ina chur síos ar chúrsaí aimsire, nádúir agus timpeallachta atá barrabua scríbhneoireacht an Chriomhthainigh. Dúirt an t-údar John McGahern uair nach raibh aon suim ag Tomás bheith ag cur síos ar áilleacht na timpeallachta – ‘There are no idle stretches to be filled with the contemplation of the daffodil’ – ach is dóigh liom gur a mhalairt ar fad atá fíor. Ana-shampla de sin an sliocht thuas.
Bhí an bua céanna ag Muiris Ó Súilleabháin, sa tslí inar chruthaigh sé pictiúirí ina chuid scríbhneoireachta den domhan ina thimpeall:
Ba bhreá an tráthnóna. é. Bhíos im shuí ar stocán os cionn na farraige. Aer beag do ghaoith anoir ann; sioc ar an dtalamh; préacháin dubha ag imeacht trasna na ngort agus cág-cág acu; smólaigh, céirseacha, druideanna agus lonta dubha ina scuainibh ins na páirceanna agus ceol binn acu á chanadh; agus súil dá dtabharfá amach ar an bhfarraige, bhí faoileáin bhána agus caobacha á dtumadh féin san uisce agus an fiach mara ina bhfuaid ag rith i ndiaidh screathnairt mhinéisc. Uaim amach do bhí cnoc Bréanainn, Sliabh an Fhiolair agus Cruacha Mhic Giolla Choda agus iad go léir gan ceo gan smúit orthu. Dob aoibhinn an radharc é, moladh go hard le Dia a cheap neamh agus talamh, agus pé cuma é, do tháinig machnamh chugam ar na laethanta aoibhne go léir a bhí caite agam i radharc na sléibhte sin, agus do chuimhníos láithreach ar an rud a dúirt m’athair críonna liom: fiche bliain ag fás, fiche bliain fé bhláth, fiche bliain ag cromadh, agus fiche bliain ag dul ar lár. D’fhéachas fém bun síos mar a raibh an rón ag crónán os íseal. Ní fheadar ‘ón domhan, arsa mise liom féin, an bhfuil na smaointe céanna ag gabháil duitse? ( Fiche Bliain ag Fás)
Fiú Peig í féin, bean a cuirtear ina leith gur liath an t-aon dath a bhíodh aici á feiscint, d’aithin sí áilleacht nádúrtha an oileáin:
Shuíos síos ar phort na trá, mar a raibh radharc álainn i mo thimpeall. Is marbh an croí nach dtógfadh aer bog cumhra na farraige an smúit agus an brón de! … Bhreathnaíos uaim ó dheas ar Uíbh Ráthach is ar Bhá an Daingin. B’álainn an radharc é. Bhí an bhá go léir fé mar bheadh leamhnacht, agus cáithníní airgid ag taithneamh ar a barr fé sholas na gréine a bhí go soilseach san am sin. Bhí Ceann Sléibhe orm theas go dána buanseasamhach, is gan corraí ar chloich ná ar chuas ann, is níor chás do sheanbhean bheith ina suí i mbascaed cois na cloiche – ní bháfaí í. (Peig)
Ní fhéadfainn-se cur síos ar áilleacht na háite seo in am an bhrothaill aon phioc chomh maith le húdair an oileáin. Níl le déanamh agamsa ach an caveat a bhí ag Tomás Dhómhnaill Criomhthain dúinn a chaitheamh chugaibh: ‘Is iomdha leigheas a bhíonn san aimsir bhreá,’ a dúirt sé, ‘agus is iomdha dochar a leanann an drochaimsir.’
Bainigí sásamh as an tsoineann an fhaid a mhaireann sí!
Seán Ó Riain
“ná tógfadh” a scríobh Peig. Ná deinimis caighdeánú uirthi!
wtf
Fainic: cothú na doininne sa tsoineann….comhardú na dea-aimsire chugainn gan mhoill! Níl an cúpla mí féin ann ó bhí an tír ar fad faoi bhrat bán sneachta agus daoine ag imeacht gan mheabhair ag stóráil bia. Féach anois iad ag imeacht ina ngiordaithe! Níl an ‘samhradh’ ach ina thús.