Is maith ann soláthar samhraidh TG4 do pháistí an chroíphobail

Tá dhá shraith eile do leanaí tugtha ar an bport ag TG4, cláir ar cheart do leanaí páirt ghníomhach a ghlacadh iontu

Is maith ann soláthar samhraidh TG4 do pháistí an chroíphobail

Orla Ní Fhinneadha atá ár stiúradh ag Campa Cúla4 don chéad seachtain

Ní túisce Cúla4 ar Scoil imithe amach an doras iata ná go mbuaileann dhá shaothar eile atá dírithe ar leanaí isteach an doras tosaigh chugainn.

Ní raibh TG4 chomh tapaidh sin ag breith ar an tsluasaid i dtosach na paindéime ach táid ag sluaisteáil chugainn anois is na chéad ghálaí de Campa Cúla4 agus GAA Cúl á gcraoladh an tseachtain seo.

Sraith thathagach go maith é Campa Cúla4 a bheidh ar siúl cúig lá na seachtaine ar feadh cúig seachtaine. Beidh téama difriúil idir lámha gach seachtain.

Na healaíona traidisiúnta a bhí idir chamáin an tseachtain seo agus amach anseo beidh ionramháil á déanamh ar chúrsaí bia, folláine agus nádúir, an teicneolaíocht agus an chruthaitheacht, spórt agus aclaíocht mar aon leis na meáin chumarsáide.

Mar chuid den mhúnla sin beidh láithreoir difriúil ann gach aon seachtain agus siad Orla Ní Fhinneadha, Diarmuid Ó Mathúna, Jules Ní Chonchubhair, Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Caitlín Nic Aoidh an mheitheal láithreoirí.

Múinteoir bunscoile agus amhránaí í Orla Ní Fhinneadha atá ár stiúradh don chéad seachtain. Láithreoir cumasach mealltach í a dhéanann a cúram go hábalta agus is léir an tuiscint atá aici don ábhar agus go bhfuil a croí sna healaíona dúchais.

Labhraíonn sí linn faoi gach rud ó ornáidíocht an tsean-nóis go rann scipeála agus tá sé de bhuntáiste aici go bhfuil glór binn aici féin chun samplaí a thabhairt dúinn.

Lena chois bhí míreanna beaga deasa ó Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Sheona Ní Mháille.

’Sí Gráinne Bleasdale atá ag láithriú GAA Cúl Camps, sraith a bheidh linn cúig lá sa tseachtain ar feadh trí seachtaine.

Saghas “téamh suas” í an tsraith seo do na campaí iad féin a bheith ag tosnú i mí Iúil.

Bhí go leor cabhrach ag Gráinne sa chéad chlár agus Gearóidín Ní Tháibhis ag tabhairt faoin téamh suas, Naoise de Bhaldraithe ag léiriú scileanna iománaíochta i gCill Chainnigh, Kate McDaid ag caint faoi chothúchán mar aon le muintir de Faoite is muintir Uí Raghallaigh ag tabhairt faoi dhruileanna éagsúla ina ngairdíní.

Bhí dúshlán na seachtaine againn chomh maith agus Diarmaid Lyng ar thráigh i gCorca Dhuibhne ag cabhrú linn ár suaimhneas a cheapadh.

Bhí mír leis ó Rena Buckley agus dóibh siúd ar cuimhin leo an chonspóid a bhain lena clár tsraith Laochra Gael, b’iontach an rud é nár dhearúd TG4 an babhta seo go bhfuil Gaeilge aici.

Go deimhin bhí an dá shraith seo go hiomlán as Gaeilge agus iad dírithe go neamhleithscéalach ar pháistí an chroíphobail.

Is cinnte go gcabhródh beochan agus grafaicí anseo agus ansiúd le tuilleadh beochta a chur sna píosaí chuig ceamara, ach ina dhiaidh sin féin ní sraitheanna iad seo ar cheart féachaint orthu agus tú caite id thurlabhait ar an gcúits.

Cláir iad seo ar cheart duit páirt a ghlacadh iontu trí na gníomhaíochtaí is scileanna éagsúla a thriail agus a chleachtadh sa mbaile. Agus is maith ann iad.

Fág freagra ar 'Is maith ann soláthar samhraidh TG4 do pháistí an chroíphobail'