Is maith ann iad Nemeton agus na laochra Gael

Tá sé in am anois ag an gcraoltóir náisiúnta agus CLG níos mó a dhéanamh chun suim a spreagadh inár gcluichí iontacha féin, mar atá á dhéanamh sa tsraith nua de ‘Laochra Gael’

Is maith ann iad Nemeton agus na laochra Gael

Bhí chuid maith clamhsán anuraidh nuair a tuairiscíodh go raibh ceannaire nua TG4 Alan Esslemont ag cur deireadh le cuid mhór de chláracha teilifíse stiúideo an stáisiúin. Bhí gearán go leor ó lucht leanta CLG go raibh Seó Spóirt, a bhíodh á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide, i measc na gcláracha sin.

Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin rúnaí CLG na hardchathrach, John Costelloe ag gearán nach raibh dóthain cláracha á dtaispeáint ag RTE roimh na cluichí. Dar ndóigh, bhí an ceart aige. 

Tá an t-ádh dearg ag pobal na Gaeilge agus lucht leanta na gcluichí  go bhfuil comhlachtaí mar Nemeton na Rinne agus sárobair á déanamh acu ag soláthar an t-uafás cláracha CLG. Rinne na deartháireacha Uí Chualáin, Seán agus Éamon, agus a gcriú amhlaidh leis an gcomhlacht Sónta le Seó Spóirt gan trácht ar Sheán Bán Breathnach agus Spórt an tSathairn ar Raidió na Gaeltachta, atá ag treabhadh leis le blianta agus seirbhís den scoth á tabhairt aige do lucht leanta na gcluichí Gaelacha.

Caithfidh go bhfuil sé in am anois ag an gcraoltóir náisiúnta agus CLG níos mó a dhéanamh chun suim a spreagadh inár gcluichí iontacha féin. Ar a shon sin agus uile, tá Nemeton ag treabhadh leo agus sraith nua de Laochra Gael seolta acu le déanaí. I measc na réalta CLCG a bheidh faoi chaibidil acu sa tsraith seo, beidh Rí na hIomána Henry Shefflin , Aishling Thompson, agus ‘laoch na gcúl’ ó Thiobraid Árann Lar Corbett. Dar ndóigh, ba le scéal Lar a cuireadh tús leis an tsraith úr nua seo oíche Dé Céadaoin seo caite.

Bhaineas an-taitneamh as an gclár a a mhair uair a chloig, rud a d’fhág go raibh níos mó ama ná mar a bhíodh chun an scéal a chíoradh níos doimhne agus léargas níos fearr a thabhairt ar phearsantacht an laoich. Dar ndóigh, ní mhaireann aon duine i bhfolús agus tá i bhfad níos mó ag baint leis na laochra spóirt seo ná mar a fheicimid ar pháirc na himeartha. Seo an chéad uair go bhfuil an t-am tugtha ag TG4 do Nemeton chun níos mó a fháil amach faoi shaol na laochra amach ón bpáirc imeartha. Roghnaíodar duine thar a bheith suimiúil chun tús a chur leis an gcur chuige nua agus saol éagsúil gnó Lar Corbett pléite mar chúlra ar na héachtaí iomána a rinne sé thar thréimhse fada . Seo fear atá cáilithe ina leictreoir ach a chaith tréimhsí áirithe dífhostaithe cé go raibh sé ina laoch iomána ina chontae dúchais agus ar fud na tíre ón uair a bhuaigh sé a chéad bhonn uile-Éireann in 2001 agus gan aige ach 19 bliain. Seo fear a bhí cráite le gortuithe ach a d’imir ag an leibhéal is airde ar feadh 14 bliain. Le linn an ama sin go léir, thug sé tréimhsí ag díol crann Nollag, ag díol sliotar agus camán, ag cruthú agus ag díol cártaí Nollag, ag rith teach tábhairne agus bialann Indiach. Seo fear, is léir, a bhí ábalta  níos mó na sliotar amháin a ‘choimeád san aer’ ag an am céanna. Sna cláir leath uair a chloig a bhí ann go dtí seo ní raibh an t-am ann chun cúrsaí pearsanta a phlé. Is maith anois go bhféadfaimis níos mó a fháil amach faoi shaol na laochra seo. Bhí sé suimiúil freisin smaointe mháthair Lar a fháil agus rud eile a chuir go mór leis an gclár na macántacht Lar féin, go háirithe agus ómós á léiriú aige do Nicky English agus Éamonn Ó Sé agus a mhalairt á léiriú aige do Babs Kéating .

Tríd is tríd clár thar a bheith suimiúil agus glór aitheanta Brian Tyers ag insint an scéil go snasta. 

Tá ardmholadh freisin ag dul do Irial Mac Murchú ceannasaí Nemeton, don chraoltóir iomráiteach Mac Dara Mac Donnacha a shní an pacáiste go léir le chéile agus do Paula Ní Uallacháin an bainisteoir léirithe a dhéanann sárobair gach bliain ar an tsraith seo.

Maith sibh, Nemeton agus na laochra Gael.  

Fág freagra ar 'Is maith ann iad Nemeton agus na laochra Gael'

  • paoracheile1@gmail.com

    Aontaím go mór leis an méid sin. Tráchtaire sármhaith é B Tyers ar léir go bhfuil paisiún do na cluichí sin aige. Ní chualathas aon phioc de ghlam an chú a sáraìodh ó Lar mar leis na cleasanna urghránna a d’imir roinnt Cat air. Agus cuid acu sásta bóisceáil a dhéanamh faoi go poiblí d’fhonn a bpócaí a líonadh. Maith thú a Lar agus maith sibh Nemeton. An Rinn abú!