Is maith ann é, ach ní leor an scéim nua chun dul i ngleic le ciníochas ó thuaidh

Scéim nua tugtha isteach chun iarracht a dheanamh ciontóirí a athshlánú agus méadú mór ar líon na n-ionsaithe ciníocha le blianta beaga anuas

 

Republican Murals for anti racism on the Falls Road area in Belfast. 9/12/2004. Photo Photocall Ireland.
Pictiúr: Photocall Ireland.

‘Glacadh le hIolrachas’ nó ‘Accepting Difference’ an teideal atá ar scéim nua chun a dhul i ngleic le líon agus réimse na gcoireanna fuatha i dTuaisceart Éireann. Sa mullach ar an seicteachas a bhí de dhlúth agus d’inneach sa tsochaí, tá méadú mór ar líon na n-ionsaithe ciníocha le blianta beaga anuas.

Is é an plean go rithfear an scéim ar bhonn píolótach i dtuaisceart Bhéal Feirste agus in Aontroim i dtosach agus go scaipfear ar fud an Tuaiscirt é níos deireanaí. Is í an tSeirbhís Phromhaidh a bheidh i bhfeighil na scéime a dhéanfaidh iarracht ciontóirí a iompó in aghaidh an fhuatha agus na claontachta ba chúis lena bhfoiréigean.

Bhain an tSeirbhís Phromhaidh úsáid as iliomad cláracha do chiontóirí cheana chun iad a iompó ó bhealach an fhoiréigin ach deir siad gur cur chuige nua ar fad a bheidh acu sa scéim seo. Tar éis a dhul i gcomhar le póilíní agus saineolaithe sa bhaile agus i gcéin, tá an clár nua dírithe go sonrach, a deir siad, ar dhaoine arb iad an fuath agus an chlaontacht a spreag a gcoireanna. Ceisteoidh foireann oilte meon na gciontóirí a chaithfidh bunús a dtuairimí agus a gclaonta a scrúdú chun dearcadh nua a fhorbairt agus baol athionsaithe a laghdú.

Ní bheidh sé éasca. Is léir don dall gur fiú iarracht a dheanamh daoine a ionsaíonn eachtrannaigh, idir gheal agus ghorm, comharsain ón “treibh mhícheart” nó homaghnéasaigh a chur ar mhalairt aigne. Is maith agus is mithid scéim chun a dhul i ngleic leis an gcancar sin ach tá obair bholscaireachta agus oideachas riachtanach chomh maith. Rómhinic a chloistear caint dhébhríoch , leath-leithscéalach faoi ionsaithe in áit diúltú as éadan dóibh.

Le déanaí dúirt Príomh-Chonstábla Cúnta an PSNI go raibh na póilíní lán dáiríre faoi stop a chur le coireacht fuatha ach go raibh gá le freagairt chuimsitheach ón tsochaí fré chéile, idir pholaiteoirí, ghnáthdhaoine agus cheannairí pobail. Ag caint le hAmbasadóir na Polainne chuig an Ríocht Aontaithe, Witold Sobkow, a bhí sé. Bhí an tAmbasadóir ar cuairt abhus agus gníomh á éileamh aige i ngeall ar an méid ionsaithe a rinneadh ar Pholannaigh le bliain, beagnach 150. Chuaigh an tAmbasadóir go Stormont freisin mar ar gealladh dó gur ghearr go bhfoilseodh an Chéad agus an Leas-Chéad Aire a Straitéis um Chothramas Ciníocha. Is fada daoine ag fanacht leis an mbeart sin.

Tithíocht a cuireadh ar fáil i gceantair dhílseacha den chuid is mó a húsáideadh mar leithscéal chun Polannaigh a ionsaí. Seans go raibh iarracht den seicteachas i gceist freisin mar go nglactar leis gur Chaitlicigh iad furmhór na bPolannach. In oirthear Bhéal Feirste is minicí a rinneadh na hionsaithe sin. Homafóibe fhollasach ba chúis le hionsaí le déanaí ar theach a raibh fear aerach ar tí bogadh isteach ann i dtuaisceart na cathrach; léirigh na hachasáin a scríobadh ar na ballaí cén dearcadh a bhí ag na daoine a rinne. In iarthar Bhéal Feirste le seachtain anuas, tá ionsaí déanta ar shiopa le fear ón Tuirc; meastar go mbaineann an eachtra le Turcach atá cúisithe i ndúnmharú ach níl gaol ná páirt ag fear an tsiopa leis an gcúisí sin.

Is i mBéal Feirste atá an ráta fuathchoireachta is airde agus is i ndeisceart na cathrach is measa ar fad é. Díol spéise nach bhfuil ceann de na scéimeanna píolótacha á rith ansin. Bhí sé ina raic cúpla seachtain ó shin nuair a dúirt ceannaire na Comhairle do Mhionlaigh Eithneacha, Patrick Yu go mbeadh faitíos ar pháistí ó mhionlaigh, Muslamaigh go hairithe, siúl trí cheantar dílseach chuig scoil nua. Cháin polaiteoirí aontachtacha é go géar ag cur scanráil ina leith. Tá a fhios ag aon duine a bhreathnaíonn ar an nuacht, gan trácht ar an staidreamh go raibh bonn teann faoin méid a dúirt Yu. Léirigh freagairt na bpolaiteoirí cé chomh riachtanach is atá sé ag daoine a dhul i ngleic go hionraic leis na fíricí.

Is maith ann an scéim do na ciontóirí agus go raibh rath air. Ní leor é, áfach. Tá scéim eile riachtanach freisin chun go mbeadh fuathchoireacht doghlactha ag gach éinne, gan leithscéal ná coinníoll.

Fág freagra ar 'Is maith ann é, ach ní leor an scéim nua chun dul i ngleic le ciníochas ó thuaidh'