Is maith ann an Tom Crean agus an tAtlantach amach romhainn

Ba cheart go meabhródh teacht an Tom Crean dúinn uair amháin eile go bhfuil Éire i lár an aonaigh ó thaobh taighde mara de

Is maith ann an Tom Crean agus an tAtlantach amach romhainn

Is breá an rud go bhfuil bád nua faighte ag Foras na Mara. An Tom Crean a bhaist siad uirthi. Tugadh isteach go calafort na Gaillimhe í le gairid.

I longcheárta i mBouzas in aice le Vigo sa Spáinn a rinneadh í. €25 milliún a chosain sí.

Is maith an tsuim airgid é. Dhéanfaí calafort domhainmhara i Ros an Mhíl ar an airgead céanna. Beidh daoine ann a déarfas gur ansin ba cheart an t-airgead a chaitheamh.

Rinneadh caint mar sin freisin nuair a bunaíodh TG4: ‘Nárbh fhearr i bhfad é a chaitheamh ar na bóithre a fheabhsú?’ a dúirt daoine arb é a mbuaic a bheith ag cnáimhseáil.

An bhfuil fáth ar bith faoin domhan nach bhféadfaí na hoibreacha seo ar fad a chur i gcrích in éineacht?

I cosúil go raibh Foras na Mara sásta go leor leis an margadh a fuair siad ó na Spáinnigh. Sa mbliain 2019 a síníodh an conradh agus leagadh an cíle an bhliain dár gcionn. Tháinig an phaindéim sa mbealach ar na ceardaithe ansin ach má tháinig féin chríochnaigh siad an obair taobh istigh de na téarmaí a bhí leagtha síos.

Bhí dhá bhád taighde eile ag Foras na Mara go dtí seo. Sin iad an Explorer agus an Voyager. 62 méadar ar fad atá an Explorer agus 32 méadar atá sa Voyager. 52 méadar atá sa Tom Crean.

Tiocfaidh deireadh le seirbhís an Voyager anois ó tá an bád nua ina háit.

Tá chuile dheis dá nua-aimseartha ar an Tom Crean. Rud suntasach amháin fúithi is ea go bhfuil sí an-chiúin. Bíonn sin riachtanach nuair a bhíonn na heolaithe i mbun taighde. I gcás go mbeidís ag díriú ar bháire éisc ní fheilfeadh sé dóibh go scaipfeadh torann an bháid an t-iasc.

Beidh feithicil chianrialaithe ar bord. Róbat é seo atá in ann a dhul domhain i bhfarraige mar a bheadh fomhuireán beag ann. Féadfar é a rialú ón deic agus cuirfidh sé neart eolais ar ais ón ngrinneall.

Amach as Gaillimh a bheas an Tom Crean ag obair. Ní go minic a bheas sí sa dug go deimhin mar go mbeidh sí os cionn 300 lá sa mbliain ag treabhadh na teiscinne móire. 21 lá ar a laghad a mhairfeas chuile thuras taighde.

Déanfar taighde léi amach ó chóstaí na hÉireann ar fad agus in áit ar bith go deimhin a mbeidh institiúid eolaíochta mara ag iarraidh í a chairtfhostú.

Bainfear leas aisti le suirbhéireacht a dhéanamh ar chineálacha éagsúla éisc, mapálfar réimsí de ghrinneall na farraige, bainfear meabhair as na hathruithe atá téamh na cruinne a chur ar an aeráid.

Tar éis di an chéad suirbhéireacht a dhéanamh tabharfar an bád nua síos don Daingean i gCiarraí mar a seolfar go hoifigiúil í. As an gCiarraíoch cróga Tom Crean atá sí ainmnithe. Sin é an fear a bhí ar thrí oilithreacht mhóra taiscéalaíochta go dtí an tAntartach sa 20ú haois.

Ba cheart go meabhródh teacht an Tom Crean dúinn uair amháin eile go bhfuil Éire i lár an aonaigh ó thaobh taighde mara de. Tá muid anseo ar imeall thiar na hEorpa agus an tAtlantach amach romhainn.

Dá dtuigfeadh muid i gceart é sin is mór an leas a dhéanfadh sé don tír.

Fág freagra ar 'Is maith ann an Tom Crean agus an tAtlantach amach romhainn'