Is mairg don té a shíl go gcuirfeadh marú Lyra McKee deireadh le hionsaithe

Ní hiad an PSNI amháin atá i gcontúirt mar gheall ar easaontóirí ach mná agus páistí chomh maith

Is mairg don té a shíl go gcuirfeadh marú Lyra McKee deireadh le hionsaithe

Cé hiad na daoine is minice a fheictear ag stad bus? Daoine ag dul ag an obair, pinsinéirí a bhfuil pas saorthaistil acu, gasúir ag dul ar scoil nó ag spraoi agus mná le páistí agus le bugaithe naíonán. Cén sórt aigne a chinn go raibh sé ciallmhar bobghaiste marfach a fhágáil ag stad bus? Stad in aice le bloc árasán a raibh go leor daoine ag triall agus ag tarraingt air istoíche ag deireadh na seachtaine. 

Oíche Dé hAoine seo caite fuair nuachtán an Irish News i mBéal Feirste glaoch gutháin ó dhuine a dúirt gur scaoileadh moirtéar le póilíní in aice le hárasáin Alderdale ar Bhóthar Thulaigh Galla in Craigavon ach go ndeachaigh an gaireas ar fóraoil. Cuireadh an PSNI ar an eolas. Fuair póilíní tuairiscí freisin gur cluineadh fothram ard, cosúil le pléasc, sa gcomharsanacht.

Nuair a scrúdaigh póilíní an láthair fuaireadar bobghaiste marfach a bhí faoi réir le pléascadh dá mbogfaí é. Dúirt saineolaithe gur chosúil nár scaoileadh moirtéar ar chor ar bith. Bhí píopa cosúil le moirtéar ar an láthair agus bloc coincréite gar dó. Bhí gach seans ann go mbogfadh duine an bloc coincréite lena chos nó a lámh ach bhí an bloc pacáilte le hábhar pléascach; bhí sé neamhsheasmhach agus an-chontúirteach dar leis na póilíní. Ní raibh sna tuairiscí faoi mhoirtéar ach cleas chun an PSNI a mhealladh isteach sa cheantar chun iad a ionsaí leis an ngaireas pléascach.

Ar ámharaí an tsaoil bhí na póilíní sách airdeallach gur chinntigh siad nár bhog éinne an bobghaiste go dtí gur bhain lucht diúscartha an dochar as. Fearacht gach buama a fágadh in áit phoiblí ariamh, chuir sé lear mór daoine i mbaol. D’fhéadfadh sléacht a bheith déanta aige. D’fhéadfadh daoine óga ar a mbealach abhaile san oíche seasamh ar an mbloc nó é a bhogadh san am sula dtáinig na póilíní ar an láthair. Dá mbeadh an ceantar fós oscailte ar maidin cá bhfios cé na páistí nó daoine fásta a theannfadh leis an mbobghaiste agus iad ag fanacht ar bhus.

Is iomaí achainí a rinneadh ar easaontóirí poblachtacha éirí as an bhforéigean i bhfianaise mharú Lyra McKee nuair a scaoil an IRA Nua le póilíní le linn círéibe i nDoire i mí Aibreáin. Tugadh an chluas bhodhar dóibh. Is ar an IRA Leanúnach a cuireadh an milleán as an iarracht mharfach seo in Craigavon. Níorbh fhada ó láthair na heachtra ag deireadh na seachtaine a mharaigh an tIRA Leanúnach an Constábla Stephen Carroll i luíochán deich mbliana ó shin.

Is minic a chloistear gearáin ó náisiúnaithe go dtógann se i bhfad rófhada ar an PSNI glaonna a fhreagairt chuig ceantair ar leith. I ndiaidh na heachtra is deireanaí in Craigavon, dúirt ionadaí ó cheardchumann na bpóilíní go gcaithfeadh freagróirí a bheith an-chúramach i gceantair mar sin feasta. Dearcadh réasúnach. Tuige a gcuirfeadh póilíní iad féin i mbealach na contúirte gan dianfhiosrú a bheith déanta faoin nglao amach? Ní hiontas gur i bhfeithicil armúrtha a ghabhfadh siad ag teach, ag freagairt tuairisce faoi bhuirgléireacht in ionad a dhul ann i gcarr mar a dhéantar i gcomharsanacht ‘neodrach’.

Is beag bá a bheidh ag náisiúnaithe óga i gceantair ‘chontúirteacha’ le póilíní a bhfuil an chuma orthu gur ag círéib atá siad ag dul. Thairis sin méadaíonn agus méadóidh an mhoill ar fhreagairt glaonna ar amhras faoin PSNI i measc náisiúnaithe áirithe.

Tá seirbhís sciobtha dlite do dhaoine a bhfuil gá acu le taca agus coimirce na bpóilíní ach ní féidir iarraidh ar oifigigh neamhaird a dhéanamh ar a slándáil féin. Fad is a bheidh na heasaontóirí gníomhach i gceantair is iad an gnáthphobal ansin a bheidh d’uireasa na nuaphóilíneachta a gealladh dóibh. Sin é an toradh atá ag teastáil ó na heasaontóirí. Is furasta go mór ag grúpaí foréigneacha daoine óga a ionramháil chun páirt a ghlacadh i bhfeachtais in aghaidh an PSNI nuair a bhíonn an coimhthíos cothaithe cheana féin. Fáinne fí is ea é a mbaineann na heasaontóirí buntáiste as.

Fág freagra ar 'Is mairg don té a shíl go gcuirfeadh marú Lyra McKee deireadh le hionsaithe'